Athraigh líne nó trealamh
Tá sreanga de chuid ESB Networks ceangailte le simléar mo thí. Cén chaoi ar féidir liom a iarraidh go mbogfaí iad le hobair dheisiúcháin a dhéanamh?
Lena fháil amach cén chaoi bogadh méadair a iarraidh, téigh go Athruithe Seirbhíse.
Céard é an voltas caighdeánach in Éirinn?
Soláthraíonn ESB Networks leictreachas i raon voltais idir 207 Volta agus 253 Volta. Tá sé sin i gcomhréir le Caighdeán Eorpach EN50160.
Caithfidh mé m’áitreabh a dhínascadh ón líonra leictreachais. Céard is gá dom a dhéanamh?
Déan teagmháil le do Sholáthraí Leictreachais agus abair leo gur mian leat do sholáthar leictreachais a dhínascadh. Más mian leat go mbainfear an méadar, is féidir le do sholáthraí socruithe a dhéanamh le go ndéanfar amhlaidh ag an am céanna. Bíodh d’uimhir chuntais nó do MPRN agat. Má tá níos mó ná méadar amháin agat, tabhair don soláthraí na huimhreacha méadair go léir (Uimhreacha RM) atá le feiceáil ar aghaidh na méadar.
Tá mé in ann na hathruithe sreangaithe a dhéanamh mé féin. Ní féidir liom deimhniú sreangaithe a thabhairt duit, áfach. Céard ba cheart dom a dhéanamh?
Beidh ort iarraidh ar an gComhlacht Rialála iniúchadh a dhéanamh. Téigh chuig Safe Electric chun comhairle a fháil maidir le cén chaoi deimhniú sreangaithe a fháil. Dearbhú é an deimhniú sreangaithe go bhfuil an sreangú déanta de réir an chaighdeáin riachtanaigh agus, mar sin, tugann sé dearbhú go bhfuil d’fhearas sreangaithe sábháilte.
Le tuilleadh eolais a fháil:
Cén chaoi a iarraidh go mbogfaí méadar i m'áitreabh gnó?
Tá oibreacha athchóirithe á ndéanamh agam ar m'áitreabh gnó. Cén chaoi ar féidir liom a iarraidh go ndínascfaí an chumhacht go sealadach?
Téigh chuig Soláthar a Dhínascadh leis an bhfaisnéis sin a fháil.
Cén chaoi ar féidir liom a iarraidh go mbainfí méadar d'áitreabh tar éis a dhínasctha?
An féidir leat leictreoir a mholadh i mo cheantar?
Ní féidir. Níl sé de nós againn leictreoirí aonair a mholadh. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le comhlacht rialála na leictreoirí Safe electric.
An seolfaidh mé an deimhniú sreangaithe ar ais leis an íocaíocht?
Roimh ré a íoctar jabanna ar gá íoc astu. Cuirfidh do leictreoir an deimhniú sreangaithe isteach trína c(h)omhlacht cláraithe.
Táim ar tí síneadh a thógáil ar mo theach agus caithfidh mé an méadar a bhogadh. Cén chaoi ar féidir liom an méid sin a dhéanamh?
Lena fháil amach cén chaoi bogadh méadair a iarraidh, téigh go Suíomh do Mhéadair a Bhogadh
Caithfidh mé cuaille nó líne leictreachais a bhogadh
- Faigh Léarscáil Suirbhéireachta Ordanáis agus Plean Láithreáin
- Déan iarratas
- Déanfar an t-iarratas a mheas agus seans go mbeidh táille i gceist.
(Glactar le fótachóipeanna.)
Iarratas ar aistriú cuaille nó líne (NW1)
Céard ba cheart dom a dhéanamh má mheasaim go bhfuil fadhb voltais agam?
Comharthaí go mb'fhéidir go bhfuil fadhb voltais agat?
Má tá fadhb voltais agat, seans go bhfeicfidh tú cuid na rudaí seo a leanas:
- Íslíonn na soilse nuair a úsáidtear fearais eile
- Ní bhíonn an pictiúr ar an teilifís seasmhach nuair a úsáidtear fearais eile
- Tógann sé tamall fada ar an gciteal uisce a fhiuchadh
- Teipeann ar mhótair leictreacha tosú an chéad uair
Tabhair do d'aire: Tarlaíonn fadhbanna den sórt céanna má tá acmhainn do naisc leictreachais sáraithe agat. Sa chás sin, beidh ort leibhéal do sholáthair a mhéadú.
Cén chaoi ar féidir liom a iarraidh go mbogfaí seirbhís a bhogadh i m'áitreabh gnó?
Cuir glao ar
R-phost
Beidh ort fios a bheith agat an bhfuil do sheirbhís lasnairde nó faoi thalamh.