Athraigh leibhéal soláthair (Custaiméirí gnó)

Do sholáthar gnó (MIC) a mhéadú nó a laghdú
Is éard a thugtar ar neart an naisc leictreachais atá ag do ghnó ná an Uasacmhainn Iompórtála (MIC).
Cúiseanna ar gá an soláthar a mhéadú i d'áitreabh
Athraigh trealamh leictreachais
Más rud é gur chuir tú isteach trealamh leictreachais le déanaí a bhfuil cumhacht bhreise ag teastáil uaidh, b’fhéidir nach leor an uasacmhainn iompórtála a thuilleadh le freastal ar do riachtanais, agus gur gá an uasacmhainn iompórtála a mhéadú. Ina theannta sin, má bhain tú roinnt trealaimh leictreachais de d’áitreabh tráchtála, caithfear athbhreithniú a dhéanamh ar leibhéal d’uasacmhainne iompórtála. Is féidir iarratas a dhéanamh ar uasacmhainn iompórtála nua ina leithéid de chásanna.
Note: In all cases please consult with your Electrician/Consultant on your appropriate MIC for your commercial premise as MIC costs may vary. ESB Networks do not provide this service.
Athraigh MIC
D’fhéadfadh sé go mbeadh athrú ar an ngrúpa DUoS ag teastáil leis an MIC a athrú. Féach na Rialacha maidir le hIarratas a dhéanamh ar Ghrúpa Taraife DUoS | PDF 269 (KB). . Tá cur síos sa doiciméad sin ar na rialacha a bhaineann leis an taraif cheart Úsáide Dáileacháin Córais (DuoS) a fheidhmiú le haghaidh áitreabh nó phointe nasctha an chustaiméara.
Tabhair faoi deara: I ngach cás, téigh i gcomhairle le do leictreoir/shainchomhairleoir maidir leis an nGrúpa DUoS a bheadh oiriúnach do d’áitreabh tráchtála mar go mbraithfidh na costais DUoS ar mhéid do naisc. Is féidir teacht ar na costais DUoS i Ráiteas Táillí ESB Networks | PDF..
Cláraithe cheana féin? Athraigh an leibhéal soláthair i d’áitreabh ag baint úsáide as do chuntas ar líne.
Logáil isteach i Mo chuntasMura bhfuil an méid leictreachais a úsáideann tú méadaithe go suntasach agat, b’fhéidir go mbeadh fadhb voltais i do theach nó ar ár líonra.
Treoir céim ar chéim
Céim 1 - Déan iarratas ar líne
Níl ESB Networks ag glacadh le hiarratais ach trínár n-ardán ar líne go dtí go bhfógrófar a mhalairt. Aon chustaiméir nach féidir leis rochtain a fháil ar ár n-ardán ar líne, ba chóir dó ríomhphost a sheoladh chuig esbnetworks@esb.ie le cúnamh a fháil.
Céim 2 - Faigh meastachán agus comhaontú nasctha
Nuair a gheobhaimid an t-iarratas uait, déanfaimid litir scríofa um meastachán a ullmhú chomh maith le comhaontú nasctha chun an soláthar a mhéadú. Sa chomhaontú nasctha seo, gheobhaidh tú na cóid MIC, DUOS agus MCC a bheidh agat.
Sa doiciméad seo (PDF | 24KB), tugtar míniú ar an gcód Úsáide Dáileacháin Córais agus an cód MCC a bhíonn mar chuid de chomhaontuithe nasctha ESB Networks.
Breathnaigh ar liosta de na táillí go léir a ghearrann ESB Networks (PDF | 629KB) faoi mar a bhaineann siad le naisc leis an soláthar.
Céim 3 - Féach an bhfuil uasghrádú lasc-chláir uait
Agus an MIC á mhéadú, tá seans ann go mbeidh an príomh-lasc-chlár le huasghrádú leis an lód níos mó a ghlacadh. Molaimid duit dul i gcomhairle le conraitheoir nó le hinnealtóir cláraithe leictreachais leis seo a mheas.
Tá seans ann go mbeidh claochladán líonra níos mó ag teastáil chomh maith. Bheadh foirgneamh fostáisiúin nua le tógáil sa chás sin. Bheadh ortsa an láithreán a chur ar fáil don fhostáisiún nua sin.
Má bhíonn athruithe ag teastáil, cuirfidh do chonraitheoir leictreach deimhniú críochnaithe ar fáil nuair a bheidh an obair thart. Caithfidh ESB Networks fógra leictreonach a fháil faoin deimhniú críochnaithe ó chomhlacht rialála do chonraitheora fosta.
Faigh tuilleadh faisnéise faoin bpróiseas deimhnithe anseo.
Céim 4 - Íocaíocht a dhéanamh
Chomh luath agus a bheidh do mheastachán agat, beidh tú in ann an íocaíocht a dhéanamh ar do rogha bealach:
- íoc tri Chuntas ar líne ESB Networks
- Íoc ar líne
- Íoc tríd an bpost - seol seic, dréacht bainc nó ordú poist chuig:
ESB Networks CGA
Rannóg na gCuntas Infhála
Bóthar an tSáirséalaigh
SAORPHOST
Uimh. Cheadúnais. FCK 724
Wilton
Corcaigh
Céim 5 - Comhaontú Nasctha
Ná déan dearmad an comhaontú nasctha a sheoladh ar ais sa chlúdach a bhfuil an seoladh air cheana mar nach mbeidh éifeacht leis an uasghrádú MIC go dtí go bhfaighfear ar ais an comhaontú.
Tabhair do d'aire: I gcásanna áirithe, d'fhéadfadh sé go gcaithfí an líonra áitiúil leictreachais a uasghrádú má táthar chun an MIC a mhéadú. Más sin an cás, beidh ort ranníocaíocht chaipitil a dhéanamh as an uasghrádú mar chuid den íocaíocht. Tabharfar mionsonraí faoin ranníocaíocht sin sa mheastachán.
Breathnaigh ar liosta na dtáillí a ghearrann ESB Networks faoi mar a bhaineann siad le naisc anseo (PDF | 629 KB).