Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English
ecar charging

Cúlra

Chun tacú le leictriú a dhéanamh ar earnáil an iompair, tá próiseas scagtha leagtha amach againn chun faisnéis shonrach a chur ar fáil i dtaobh láithreacha atá á meas ag custaiméirí le haghaidh bonneagar poiblí chun feithiclí leictreacha a luchtú.

Is é an toradh a bheidh ar an bpróiseas scagtha sin ná stádas Corcra-Dearg-Ómra-Glas i leith an líonra dáileacháin i gcomhair na láithreacha atá beartaithe acu.

Pointí tábhachtacha:

  • Ní hionann láithreacha a chur isteach lena scagadh agus iarratas a dhéanamh ar nascadh leis an gcóras dáileacháin. Féadfaidh custaiméirí iarratais a chur isteach i leith a láithreacha an tráth a n-iarrann siad an scagadh, nó féadfaidh siad fanacht le torthaí an phróisis scagtha roimh iarratais a chur isteach.
  • Ní mór iarratas foirmiúil a chur isteach chuig ESB Networks ionas go ndéanfar fiosrúchán i dtaobh nasctha. Eiseofar tairiscint maidir le nascadh in am trátha ar bhonn an fhiosrúcháin sin. Is in ord a bhfála a dhéantar fiosrúchán ar na hiarratais.
  • Ba cheart caitheamh le toradh an phróisis scagtha mar mheasúnú ardleibhéil ar infhaighteacht an líonra. Níl sé bunaithe ar fhiosrúchán iomlán maidir le nascadh, rud a dhéanfar mar chuid den phróiseas foirmiúil a bhaineann le hiarratas ar nascadh. Beidh toradh an scagtha bailí tráth a eisiúna agus ní hionann é agus dearbhú go soláthrófar nasc i rith na tréimhse a shonraítear ná ar an gcostas measta a luaitear. Is féidir le hiarratais ó chustaiméirí eile agus glacadh le tairiscintí i gcás custaiméirí eile dul i bhfeidhm ar an bhfáil atá ar an líonra.
  • Bítear ag súil leis go bhfaighfear iarratais ar láithreacha a scagadh ó Oibreoirí Pointí Luchtaithe a bhféadfadh cúpla rogha a bheith acu maidir le láithreacha. I gcás custaiméirí nach bhfuil acu ach aon rogha amháin, ba cheart dóibh díreach iarratas a dhéanamh ar nascadh. I ngach cás iarrtar ar chustaiméirí ESB Networks a chur ar an eolas chomh luath agus is féidir leo é mura bhfuil sé i gceist acu leanúint ar aghaidh le hiarratas.
  • I gcás custaiméirí a bhfuil toilleadh cumhachta 100 kVA nó níos lú uathu, moltar dóibh díreach iarratas a dhéanamh ar nascadh, toisc gur tréimhse 15 lá oibre atá leagtha amach i gcomhair luachan i dtaobh nasctha do na custaiméirí sin, mar a shonraítear sa 12 ráthaíocht seirbhíse atá againn. Is é sin an bealach is tapa chun luachan a fháil i gcás custaiméirí a bhfuil toilleadh suas le 100 kVA acu.
  • Tabhair faoi deara freisin go bhfuil an próiseas seo á thabhairt isteach ar bhonn céimneach agus go bhfuil fáilte roimh chustaiméirí an bhonneagair luchtaithe feithiclí leictreacha eolas a chur chuig an seoladh ríomhphoist screening@esb.ie, chun cabhrú linn an próiseas a fheabhsú tuilleadh.

Is iad seo an dá rogha atá ann i gcomhair an phróisis scagtha:

A. SCAGADH ROIMH IARRATAS AR NASCADH a CHUR ISTEACH

1. Iarrann custaiméirí tacaíocht mar seo a leanas:

  • Seolann an custaiméir ríomhphost chuig ESB Networks ag screening@esb.ie chun an fhoirm scagtha a iarraidh
  • Líonann an custaiméir isteach an fhoirm i leith 10 láthair ar a mhéad.
  • Seolann an custaiméir an fhoirm sin chuig screening@esb.ie
  • Déanann ESB Networks athbhreithniú ar an bhfoirm; má tá faisnéis bhreise ag teastáil gheobhaidh an custaiméir ríomhphost ó screening@esb.ie á hiarraidh.
  • I gcás custaiméirí a líonfaidh isteach an fhaisnéis go léir atá ag teastáil, gheobhaidh siad fógra go bhfuiltear á gcur ar aghaidh chuig an bpróiseas faoina ndéantar scagadh ar láithreacha.

2. An próiseas atá ag ESB Networks chun láithreacha a scagadh:

  • Leanfaidh ESB Networks an próiseas chun láithreacha a scagadh agus cuirfidh sé toradh an phróisis in iúl don chustaiméir ar an ríomhphost. ;

3. An próiseas atá ag ESB Networks chun láithreacha a scagadh:

  • Leanfaidh ESB Networks an próiseas chun láithreacha a scagadh agus cuirfidh sé toradh an phróisis in iúl don chustaiméir ar an ríomhphost.

B. IARRATAS AR SCAGADH AGUS NASCADH

1. Nascadh nua a chur isteach ar líne:

  • Cuireann an custaiméir nascadh nua isteach ar líne.
  • Seolann an custaiméir fógra maidir le hiarratas ar scagadh chuig screening@esb.ie ina luaitear uimhir aitheantas an fhógra a fuarthas tar éis an iarratais. (Sampla d’uimhir aitheantas fógra is ea 5000XXXXXX).
  • Déanann ESB Networks athbhreithniú ar an iarratas ar nascadh nua. Má tá faisnéis bhreise ag teastáil, gheobhaidh an custaiméir ríomhphost ó screening@esb.ie á hiarraidh.
  • Tabharfar fógra don chustaiméir nuair a thosófar ag déanamh scagadh i leith an iarratais.

2.An próiseas atá ag ESB Networks chun láithreacha a scagadh:

  • Leanfaidh ESB Networks an próiseas chun láithreacha a scagadh agus cuirfidh sé toradh an phróisis in iúl don chustaiméir ar an ríomhphost.

3. Déanann an custaiméir a roghanna a mheas. Ní mór do chustaiméirí ESB Networks a chur ar an eolas más mian leo leanúint ar aghaidh lena n-iarratas ar nascadh nó é a tharraingt siar (agus uimhir aitheantais an fhógra á lua) ón bpróiseas chun iarratas a dhéanamh ar nascadh nua.

Eolas eile uait? Táimid anseo le cabhrú leat.

Ar aghaidh chuig Tacaíocht do chustaiméirí