Éilíonn ESB Networks go gcuirfí téip rabhaidh bhuí chun láthair cáblaí a mharcáil atá faofa ag ESB Networks os cionn na gcáblaí uile faoi thalamh – thart ar 300 milliméadar (mm) faoi bhun an dromchla nó leibhéal críochnaithe na talún. Baineann an riachtanas seo leo seo a leanas:
Cuirtear téip mharcála atá faofa ag ESB Networks ar fáil i rollaí in dhá fhad agus dhá leithead éagsúla, mar seo a leanas:
Tá rollaí ar fáil in dhá fhad le haghaidh claiseanna suas le 450 mm ar leithead:
Maidir le claiseanna atá níos leithne ná 500 mm nó cothrom leis sin, tá rolla ar fáil in aon fhad amháin:
Má aimsítear téip de chineál ar bith eile seachas téip rabhaidh mharcála atá faofa ag ESB Networks (lena n-áirítear téip ina bhfuil stiallacha miotail) ina luí ar dhuchtanna de chuid ESB Networks, beidh ort an téip mharcála neamhfhaofa a bhaint agus ábhar faofa a chur isteach ina ionad sula bhféadfar an soláthar a nascadh.
Ní cheadaítear téip rabhaidh atá faofa ag ESB Networks a úsáid ar chiorcaid soilsithe phoiblí ná ar cháblaí atá ina gcuid de líonraí príobháideacha, m.sh. go hinmheánach ar fheirmeacha gaoithe nó i bpáirceanna tionscail príobháideacha.
Seo mar is féidir Téip Bhuí Mharcóra Cábla atá faofa ag ESB Networks a aithint:
Tá na marcálacha seo le feiceáil leis ar an gcairtchlár den rolla.
An t-aon mhonaróir ceadaithe a dhéanann an t-ábhar seo (go dtí go bhfógrófar a mhalairt) ná Boddingtons Limited, an Ríocht Aontaithe. Dáileoirí ainmnithe Boddingtons i bPoblacht na hÉireann ná:
ABC Abrasives, Aonad 8B, Páirc Tionscail Bhóthar Mhullach Íde, Bóthar Mhullach Íde, Baile Átha Cliath 17.
Teil:01 8486088
Teagmhálaí: Damien/Noel.
Cork Builders Providers Ltd, An Nascbhóthar Thiar, Eastát Tionsclaíochta an Tóchair, Corcaigh.
Teil: 021 4961700.
Teagmhálaí: Daniel Millard
SW Carty & Son Ltd, Aonad 48, Eastát Tionscail Robinhood, BÁC 22.
Teil:01 4508046
Teagmhálaí: Alan Fenton
Safety First (Ireland) Ltd, Eastát Tionscail na gCros Geal, Bóthar Bhéal Átha Síomoin, Luimneach.
Teil: 061 419867
Teagmhálaí: Seamus Clifford
Aonad Dáileacháin BB 531, Corrán an Ghróntaigh, Páirc Gnó Ghrianóige, Ráth Cúil, Co. Bhaile Átha Cliath.
Fón: 01 4586763
Teagmhálaí: Ger Duffy
Phoenix Distribution, Páirc Gnó 7 Century, Fionnghlas, Baile Átha Cliath 11
Fón:086 3843630
Teagmhálaí: Gerard Jenkinson