Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Forbraíocht Ilaonad

Mo naisc

Roimh duit tosú 

Roghnaigh tú iarratas a dhéanamh ar fhorbairt ilaonad. Baineann an t-iarratas seo le naisc i gcás 2 theach, árasán, nó aonaid tráchtála/thionsclaíocha nó níos mó. 

Le meastachán bailí a thabhairt duit, ní mór duit faisnéis chruinn a thabhairt i d'iarratas. 

Tréimhse an tionscadail agus praghsáil thipiciúil 

  • Nuair a bheidh na doiciméid iarrtha go léir agat, níor chóir go dtógfadh an próiseas iarratais ach idir 10 nóiméad agus 15 nóiméad. 
  • Is é is aidhm dúinn meastachán agus comhaontú forbartha a chur ar fáil laistigh de 90 lá i ndiaidh dúinn iarratas críochnaithe a fháil. 
  • Ríomhtar costais nasctha ar bhonn táillí caighdeánacha arna fhaomhadh ag CRU, mar atá leagtha amach in Táillí nasctha Táillí nasctha leis an gcóras dáileacháin PDF | 178 KB an gcóras dáileacháin PDF | 178 KB.  Tá tuilleadh eolais maidir leis na táillí nasctha le fáil sa doiciméad ESB Networks CGA Ráiteas Táillí PDF | 538KB.
  • I gcás naisc a bheidh ag tacú le lóid mhóra leictreachais, tá seans ann go mbeidh go leor ama ag teastáil chun an modh is fearr a shocrú leis an nasc a chur i gcrích, mar aon le costais a mheas agus an obair féin a dhéanamh. Tiocfaidh athrú ar achar ama an tionscadail ag brath ar an méid oibre a bheidh ag teastáil, agaí tionscanta agus sceideal oibre an chustaiméara. 

Cé go ndéanfaimid gach uile iarracht na spriocfhrámaí ama seo a chomhlíonadh, is féidir go mbeidh moill ann mar gheall ar an éileamh ard atá ann faoi láthair. Ár leithscéal as aon mhíchaoithiúlacht. 

Eolas agus doiciméid éigeantacha 

Seicliosta le haghaidh nasc ilaonaid 

Éilítear ar na nithe seo a leanas leis an iarratas a chur i gcrích:  

Cóip dhigiteach de Phlean an Láithreáin, na sonraíochtaí seo á gcomhlíonadh:
Imlíne dhearg go soiléir ann chun suíomh cruinn beacht an láithreáin a léiriú
Na cineálacha comhaid a nglactar leo: PDF, GIF, PNG, JPG nó TIF 
Uasmhéid an chomhaid: 20 MB
Scála 1:100 Ceantair Thuaithe, 1:500 Ceantair Uirbeacha
Cóip dhigiteach de léarscáil de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis de d’áitreabh de réir na sonraíochtaí seo:
Suíomh an nasctha marcáilte go cruinn agus dath dearg ann.
Na cineálacha comhaid a nglactar leo: PDF, GIF, PNG, JPG nó TIF 
Uasmhéid an chomhaid: 20 MB 
Scála 1:2500-1:10560

**Mura bhfuil siad na Léarscáileanna Ordanáis ná Leagan amach an láithreáin agat, is féidir iad a cheannach ar láithreán gréasáin na Suirbhéireachta Ordanáis
Leagan amach an láithreáin i bhformáid chomhaid CAD de réir na sonraíochtaí seo a leanas:
  • An fhormáid CAD is fearr ná MicroStation DGN ach glacfar le AutoCAD DWG agus DXF leis.
  • Caithfear léaráid imlíneach dín den fhorbraíocht a bheith mar chuid de leagan amach an láithreáin, gan sonraí inmheánacha an fhoirgnimh mar throscán, daingneáin, feistis, srl.
  • Tá plean bloic imlíneach ag teastáil i gcás bloic árasán.
  • Ar leagan amach an láithreáin, is gá na bóithre, cosáin, colbhaí, spásanna páirceála, teorainneacha agus deighiltí maoine a chur san áireamh atá le fáil san fhorbraíocht.
  • Caithfidh leagan amach an láithreáin a bheith saor ó chomhrianta, pábháil, tírdhreachú, séaraigh bhréana, séaraigh stoirme agus príomhphíobáin uisce. Níor cheart tras-haitseáil/gréasú a úsáid ar an líníocht ach amháin áiteanna a bhfuil sé deacair imlíne na bhfoirgneamh a dhéanamh amach.
  • Ní mór pointe an tuaiscirt a úsáid le leagan amach an láithreáin a lipéadú. Caithfidh 4 phointe a bheith ar leagan amach an láithreáin le tagairt a dhéanamh do Léarscáil na Suirbhéireachta Ordanáis atá mar bhonn faoin leagan amach (mar shampla, coirnéil sráide atá cheana ann, marcanna airde, srl.) mar aon leis an tagairt ó Léarscáil na Suirbhéireachta Ordanáis.
  • Caithfear na hainmneacha deiridh sráide agus uimhreacha na tithe/na n-aonad a lipéadú ar leagan amach an láithreáin
Litir ón Údarás Áitiúil le hainm deiridh na forbraíochta a dheimhniú
Beidh ort litir ón Údarás Áitiúil a uaslódáil fosta (ar pháipéar ceannchlóite) ar a ndéantar ainm deiridh na forbraíochta a dheimhniú. 
Sceideal Lód Leictreachais
Beidh ort sonraí cruinne a chur ar fáil faoi gach píosa trealaimh atá suiteáilte ag an bhforbraíocht. Beidh ort tábla a líonadh freisin ina dtabharfar liosta iomlán d'ainmneacha agus uimhreacha deiridh poist na sráide. Má dhéantar aon athruithe ina dhiaidh, gearrfar táillí breise. 

Beidh tábla le líonadh agat do gach aonad agus na sonraí seo iontu:

An cineál aonaid (teach, árasán, aonad tráchtála, srl.)
An seoladh poist
Acmhainn (MIC) atá ag teastáil
An pas atá ag teastáil
Taraif ama úsáide sa lá
Méadrú láraithe atá á úsáid
Éilimh lóid (kW) don taiscthéamh, más bainteach
Éilimh lóid le haghaidh córas teaschaidéil, más bainteach  
Éilimh lóid le haghaidh pointe luchtaithe d’fheithicil leictreach, más bainteach
Lóid mhóra eile
Lean ar aghaidh chuig an iarratas

Eolas eile uait? Táimid anseo le cabhrú leat.

Ar aghaidh chuig Tacaíocht do chustaiméirí