An Beartas maidir le Naisc Sheasmhacha (ECP)*
Cad é an ECP?
Is é an próiseas faoin mBeartas maidir le Naisc Sheasmhacha (ECP) an bealach reatha ar féidir tionscadail teicneolaíochta a bhaineann le gineadóirí, stóráil agus seirbhísí córais eile a nascadh leis an gcóras leictreachais. An 25 Meán Fómhair 2024, d’fhoilsigh an Coimisiún um Rialáil Fóntas (CRU) cinneadh ar an mBeartas Nasctha Leictreachais – Giniúint agus Seirbhísí Córais (ECP-GSS), áit a leagtar síos an beartas maidir le tionscadail teicneolaíochta in-athnuaite ar tír nó thraidisiúnta a bhaineann le gineadóirí, stóráil agus seirbhísí córais eile a nascadh leis an gcóras leictreachais. Tá na hOibreoirí Córais ag obair leis an CRU ar na bearta a leagtar amach sa pháipéar cinnidh sin. Le tuilleadh faisnéise a fháil, féach an Páipéar Cinnidh ar an mBeartas Nasctha Leictreachais – Giniúint agus Seirbhísí Córais (CRU/2024101).
Dúnadh iarratais ar ECP-2.5 i gCatagóir A (Baisc) an 30 Samhain 2024. Tugadh tosaíocht do na hiarratasóirí ar éirigh leo de réir mhéid na giniúna fuinnimh in-athnuaite (na 25 ceann ba mhó) agus dháta bronnta an cheada pleanála gan níos mó ná 10 dtionscadal teicneolaíochta a raibh dírithe ar stóráil nó seirbhísí córais eile go príomha a áireamh. Féach Torthaí Baisc Tosaigh Chatagóir A ECP-2.5 anseo agus na Baisceanna tosaigh de Chatagóir B agus C ECP-2.5 anseo.
Le tuilleadh eolais a fháil, féach Páipéar Cinnidh ECP‑2 (CRU/20/060), Sraith Rialacha ECP-2 agus Cinneadh ECP-2.4 (CRU202326).
ECP-2.5 catagóiriú iarratais
Catagóir | Sainmhíniú | Sprioc na Tairisceana | Beartú Tosaíochta |
---|---|---|---|
A | Tionscadail teicneolaíochta a bhaineann le giniúint, stóráil agus seirbhísí córais eile (MEC>0.5MW). | 70 | An chéad 25 ceann ar na gineadóirí fuinnimh in-athnuaite is mó; an chuid eile don dáta is luaithe ó thaobh cead pleanála a fháil de; 10 gcinn stórála ar a mhéad (i gcás go bhfuil 100% den MEC le haghaidh stórála) agus tionscadail teicneolaíochta seirbhíse córas eile. |
B | Tionscadail bheaga (MEC>0.2MW agus ≤0.5MW), tionscadail thrialacha sheirbhísí córais DS3 (MEC≤0.5MW) agus Uatáirgeoirí. | 15 | Dáta an chéad iarratais chomhlánaithe a fhaightear. |
C | Tionscadail fuinnimh in‑athnuaite atá 100% faoi stiúir an phobail (MEC≥0.5MW agus ≤5MW). | 15 | An dáta a thugtar cead pleanála agus ansin de réir an dáta a fhaightear foirm iarratais chomhlánaithe. |
Faisnéis Iarratais agus Uirlisí
Treoir céim ar chéim
Céim 1 – Faigh Léarscáil Suirbhéireachta Ordanáis, Plean Láithreáin agus Léaráid Aonlíneach
Faigh léarscáil 1:50,000 'Discovery Series' de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis agus bíodh suíomh do ghineadóra nua agus teorainn an láithreáin marcáilte go soiléir le peann dearg uirthi.
Beidh plean mionsonraithe láithreáin de dhíth freisin, ar scála cuí, den áis atá beartaithe, ar a léireofar teorainn an láithreáin, an suíomh atá beartaithe ar a gcuirfear an pointe nasctha, gineadóirí, claochladáin, foirgnimh an láithreáin, srl.
Dréachtléaráid aonlíneach leictreachais den áis atá beartaithe ina sonraítear gach réad suntasach ó thaobh gléasra de agus a luachanna, lena n-áirítear Leibhéil Ábhartha Voltais, Comhghlasáil, Socruithe Talmhúcháin agus Sioncronaithe, Cineálacha Athsheachadán, Cóimheasa CT/VT, Claochladá(i)n G(h)ineadóra, Ceartú Cumhachtfhachtóra, Suíomh Nasc Malartach (féinsoláthar, mar shampla) agus Claochladá(i)n Nasctha Líonra (más cuí).
Céim 2 - Líon Foirm Iarratais
Le hiarratas a dhéanamh, líon an fhoirm iarratais chuí le haghaidh gineadóirí:
Iarratas ar Nasc Gineadóra Nua (NC5) (PDF | 1.2 MB)
Iarratas ar Nasc Gineadóra Nua (NC5A) (PDF | 0.24 MB)
Tionscadail faoi Stiúir an Phobail
Ní mór d'iarratasóirí Foirm Dhearbhaithe líonta a chur isteach i dteannta iarratas a bhaineann le tionscadal faoi stiúir an phobail.
ECP-2 Foirm Dhearbhaithe maidir le Tionscadal Fuinnimh faoi stiúir an Phobail (PDF | 0.21 KB)
Céim 3 – Cuir iarratas isteach
Ní mór an fhoirm iarratais (NC5 / NC5A) a chur isteach i bhformáid leictreonach. Ní mór comhaid leictreonacha a chur isteach ar r-phost chuig DSOGenerators@esb.ie (níor chóir go mbeadh na comhaid leictreonacha níos mó ná 5MB san iomlán).
Suimeanna íocaíochta
Ní mór do chustaiméirí atá ag cur iarratais isteach le gineadóir leabaithe a nascadh táille iarratais a íoc as an iarratas a phróiseáil. Bíonn méid na táille ag brath ar an Uasacmhainn Easpórtála (MEC) bheartaithe nó ar an méadú beartaithe ar MEC (i gcás go bhfuil comhaontú nasctha reatha i bhfeidhm).
Pointí tábhachtacha:
- Tionscadail nua faoi Chatagóir A (baisc) agus faoi Chatagóir B (neamhbhaisc) a bhfuil MEC >0.5MW ag baint leo, ní mór éarlais táille iarratais €7,000 (CBL san áireamh) a íoc ina leith, i dteannta na foirme iarratais ar ghineadóir agus gach doiciméid fhorlíontaigh.
- Tá éarlais táille iarratais €2,000 (CBL san áireamh) ag teastáil i leith iarratais nua faoi Chatagóir C (faoi stiúir an phobail).
- Iarratasóirí nua a bhfuil MEC≤0.5MW ag baint lena n-iarratas, beidh orthu an táille iomlán iarratais a íoc seachas éarlais táille iarratais.
- Ní mheasfar d'iarratas a bheith iomlán go dtí go mbeidh an íocaíocht íosta atá ag teastáil faighte againn, agus ní thosófar ar iarratais neamhiomlána a phróiseáil go dtí go mbeidh an íocaíocht faighte.
- Téigh chuig ‘Déan Íocaíocht’ chun teacht ar fhaisnéis faoin modh íocaíochta. Más mian leat íoc trí ríomhaistriú airgid (EFT), bíodh ainm an tionscadail luaite mar thagairt. Ba cheart cód tagartha na híocaíochta EFT a lua san iarratas chun admháil a fháil.
- A luaithe a bheidh iarratas glactha agus curtha le baisc ECP-2.5.1 agus gach soiléiriú faighte, déanfar iarmhéid na táille iarratais a shonrascú. Tá na táillí cuí leagtha amach anseo thíos.
Táillí Iarratais
MIC & Raonta Toillte Giniúna AC Suiteáilte
|
A |
B |
C |
---|---|---|---|
Micrighiniúint* | €0 | €0 | €0 |
Mionghiniúint** | €0 | €795 | €0 |
Giniúint ar an Mionchóir*** | €0 | €995 | €0 |
Gan Chlúdach os cionn ≤ 500 kW | €0 | €1,888 | €0 |
> 500kW ≤ 1 MW | €0 | €10,722 | €0 |
> 1 MW ≤ 2 MW | €7,560 | €16,343 | €0 |
> 2 MW ≤ 6 MW | €15,121 | €21,964 | €0 |
> 6 MW ≤ 10 MW | €26,145 | €22,226 | €22,226 |
> 10 MW ≤ 20 MW | €26,145 | €40,094 | €41,837 |
> 20 MW ≤ 100 MW | €42,978 | €57,588 | €47,938 |
> 100 MW | €58,852 | €61,679 | €54,539 |
Tábla 1 – Táillí Iarratais Tairisceana Naisc (gan CBL a áireamh) - 2025
Éileamh amháin: Táille = AMIC + CMIC – D
Táillí Mionathraithe
Leibhéal
|
Éarlais neamh-inaisíoctha
|
Iarmhéid na táille
|
Iomlán na táille
|
---|---|---|---|
Leibhéal 1 | €1,046 | €0 | €1,046 |
Leibhéal 1.5 | €1,046 | €5,260 | €6,306 |
Leibhéal 2 | €1,046 | €10,521 | €11,567 |
Leibhéal 2.5 | €1,046 | €15,964 | €17,010 |
Leibhéal 3 | €1,046 | €21,407 | €22,453 |
Leibhéal 3.5 | €1,046 | €25,830 | €26,876 |
Leibhéal 4 | €1,046 | €30,252 | €31,298 |
Tábla 2 - Táillí Mionathraithe (gan CBL a áireamh)
I gcás naisc a dhéanfar tar éis mhí Mheán Fómhair 2018, d'fhéadfadh roinnt coinníollacha maidir leis an gCód Dáileacháin athrú toisc gur gá dóibh a bheith ar aon dul leis na Cóid Líonra Eorpacha ina dhiaidh sin. Breathnaigh ar ár leathanach maidir leis na Cóid Líonra Eorpacha le tuilleadh faisnéise a fháil anseo.