Tá a fhios againn go bhfuil roinnt tithe agus gnólachtaí ann a bhfuil micrighineadóirí suiteáilte iontu nár cláraíodh le ESB Networks riamh. Is den riachtanas é go gcláraítear micrighineadóirí agus feidhmítear é sin ar an mbonn go ndéantar clárú go díreach i ndiaidh don mhicrighineadóir a bheith suiteáilte. Chuige sin, déantar aon fhadhbanna sábháilteachta a bhaineann lena n-oibriú i gcomhar le ESB Networks a réiteach trí threalamh úsáid a bhfuil tástáil chineáil déanta air, a bhfuil na socruithe sábháilteachta cearta aige, agus atá suiteáilte ag suiteálaí Safe Electric i gcomhréir leis na riachtanais sábháilteachta atá againn, mar atá leagtha amach inár mbeartas nasctha Micrighiniúna agus i gcomhréir leis na Riachtanais Sreangaithe chuí de chuid NSAI.
Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaí Foirm Fógartha NC6 PDF | 135 KB a chur isteach roimh an tsuiteáil mar go dtugann sé an deis do ESB Networks a fhíorú gur comhlíonadh na ceanglais riachtanacha ionas gur féidir leis an tsuiteáil agus an nasc dul ar aghaidh go sábháilte. Mura n-éiríonn linn fíorú amhlaidh, is féidir linn fógra a thabhairt don chustaiméir go bhfuil fadhb ann. Dá réir sin, níl gineadóirí neamhchláraithe bailí d’íocaíochtaí margaidh.
Freastalaíonn an próiseas maidir le clárúchán siarghabhálach ar chustaiméirí a bhfuil micrighineadóirí acu ach nach bhfuil Foirm NC6 curtha isteach ina dtaobh go fóill. Cé nach n-éilíonn an próiseas seo go ndéanfaí socraithe nua sábháilteachta nó aisiompóir níos nuashonraithe a shuiteáil, is gá go ndéanfaidh an custaiméir Foirm Fógartha NC6 PDF | 135 KB a chomhlánú don tsuiteáil mhicrighiniúna atá acu ina ndearbhaítear an méid seo a leanas:
*Ar mhaithe le soiléireacht, tugadh isteach leagan nua de na Coinníollacha a Rialaíonn Nascadh agus Oibriú Micrighiniúna ar an 17/12/2021 agus tá Socruithe Cosanta nua ann. Socraíodh go mbeadh tréimhse chairde ann suas go dtí an 28/1/2022, áfach, agus go leanfaí de bheith ag glacadh leis na Socruithe Cosanta a bhí ann roimh an 17/12/2022 lena linn. Cé gurb ionann na Socruithe Cosanta le haghaidh EN50438 agus EN50549 ar aonaid a suiteáladh roimh an 28 Eanáir 2022, i gcás EN50438 ba é an Monaróir a shocraigh iad ach i gcás EN50549, is ag an Suiteálaí Safe Electric a bheadh siad socraithe.
Cabhróidh an t-eolas seo a leanas leat Foirm Fógartha NC6 PDF 135 | KB a chomhlánú lena chinntiú gur féidir leat iarratas a dhéanamh go siarghabhálach ar Uaschumas Easpórtála (MEC).
Tar éis an 28 Eanáir 2022, d’éiligh aonaid EN 50549 go socrófaí na socruithe cosanta a fhorordaítear i dtábla 1 ag bun an leathanaigh seo “socruithe cosanta le haghaidh suiteálacha micrighiniúna tar éis an 28/1/2022 EN 50549 ” ag áitreabh an chustaiméara ar an aonad a suiteáladh. Chun a dheimhniú go gcloíonn na socruithe ar d’aonad leis an gcaighdeán riachtanach ag am na suiteála, éilímid ar do shuiteálaí bunaidh nó ar chonraitheoir sábháilte leictreach a fhostaíonn tú, na sonraí seo a leanas a sholáthar agus cuid 5B d’fhoirm fógartha NC6 a shíniú.
Tar éis dúinn iarratas inghlactha NC6 a fháil, beimid in ann do MEC a chlárú ón dáta a bhfaighfear é.
Roimh an 28 Eanáir 2022, d’éiligh aonaid EN 50549 go socrófaí na socruithe cosanta a fhorordaítear i dtábla 2 thíos agus a sholáthraítear sa chaighdeán is déanaí maidir le micrighineadóirí (esbnetworks.ie) ag áitreabh an chustaiméara ar an aonad a suiteáladh. Chun a dheimhniú go gcloíonn na socruithe ar d’aonad leis an gcaighdeán riachtanach ag am na suiteála, éilímid ar do shuiteálaí bunaidh nó ar chonraitheoir sábháilte leictreach a fhostaíonn tú, na sonraí seo a leanas a sholáthar agus cuid 5B d’ fhoirm fógartha NC6 135 | KB a shíniú.
Tar éis dúinn iarratas inghlactha NC6 a fháil, beimid in ann do MEC a chlárú ón dáta a bhfaighfear é.
Roimh an 28 Eanáir 2022, d'éiligh aonad EN 50438 go ndéanfaí na socruithe cosanta a fhorordaítear i dtábla 2 thíos - "socruithe cosanta le haghaidh suiteálacha micrighiniúna EN 50438 agus EN50549 a rinneadh roimh an 28/1/2022" a shuiteáil sa mhonarcha. Chun a dheimhniú go gcloíonn na socruithe ar d’aonad leis an gcaighdeán riachtanach ag am na suiteála, éilímid ar do shuiteálaí bunaidh nó ar chonraitheoir sábháilte leictreach a fhostaíonn tú, na sonraí seo a leanas a sholáthar agus cuid 5C d’fhoirm fógartha NC6 135 | KB a shíniú.
Nuair a bheidh Foirm Fógartha NC6 inghlactha PDF 135 | KB faighte againn, beimid in ann do MEC a chlárú ón dáta a bhfaighfear é.
Paraiméadar | Thar voltas | Socrú tuisleach | Am imréitigh |
---|---|---|---|
Roimh I.S. Socrú Voltas Aonchéime EN 50549-1 | 269 V / 468 V | 0.7 s | |
I.S. Socruithe Voltais Déchéimeach EN 50549-1 | Céim 1 | 269 V / 468 V | 70 s |
Céim 2 | 281 V / 488 V | 0.7 s | |
Faoi voltas | 191 V / 332 V | 0.7 s | |
Thar mhinicíocht* | 52 Hz | 0.5 s | |
Faoi mhinicíocht* | 47 Hz | 0.5 s |
Áireofar caillteanas soiléir ar fheidhmiúlacht príomhlíonra. Féadfar modhanna seanbhunaithe amhail, ach gan a bheith teoranta do, ráta athraithe minicíochta, nó tomhas foinsechoiscis a úsáid. I gcás go dtomhaistear foinsechoisceas, is trí mhodhanna éighníomhacha amháin a dhéanfar é sin. Ní cheadófar d’aon suiteáil a dhéanann bíoga a instealladh isteach i líonra an DSO.
ROCOF (**) | 1.0 Hz/s | 0.6 s | |
Athrú veicteoir | Ní cheadaítear seo |
(*) I gcás athsheachadáin a bhfuil céim socruithe 0.1 Hz acu, ba cheart an mhinicíocht a shocrú go 52.1 Hz agus 46.9 Hz go faoi seach.
(**) Ba chóir eatramh athshocraithe a shocrú go >
Nóta tábhachtach:
Tá sonraí na socruithe cosanta comhéadan gineadóra suiteáilte de réir na socruithe is infheidhme sna (DTIS -23-206-BRL) reatha ag dáta an iarratais, agus tá na socruithe iarbhír atá suiteáilte ar an micrea-ghineadóir mar atá liostaithe thuas.
Paraiméadar | Socrú tuisleach | Am imréitigh |
Thar voltas | 230 V + 10% | 0,5 s |
Faoi voltas | 230 V - 10% | 0,5 s |
Thar mhinicíocht* | 52 Hz | 0,5 s |
Faoi mhinicíocht* | 47 Hz | 20 s |
***Féach Thíos | ||
ROCOF (nuair a úsáidtear é**) | 1.0 Hz/s | 0,6 s |
Athrú veicteoir (nuair a úsáidtear é) | 6 degrees | 0,5 s |
(*) I gcás athsheachadáin a bhfuil céim shocraithe 0.1Hz acu, ba cheart an mhinicíocht a shocrú go 52.1 Hz agus 46.9 Hz faoi seach.
(**) ba cheart an t-eatramh athshocraithe a shocrú go >0.6 soicind chun athruithe céime a bhrath.
*** Ní mór caillteanas soiléir ar fheidhmiúlacht príomhlíonra a chur san áireamh. Féadfar modhanna seanbhunaithe amhail, ach gan a bheith teoranta do, ráta athraithe minicíochta (ROCOF), aistriú veicteoirí nó tomhas foinsechoiscis a úsáid. I gcás ina dtomhaistear foinsechoisceas, is trí mhodhanna éighníomhacha amháin a dhéanfar é sin. Ní cheadófar aon chur i bhfeidhm a bhaineann le bíoga a instealladh isteach sa líonra DSO. .