Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English
Business team sitting at a table and chatting

Céard is Beir Bua ar an mBuaic – Custaiméirí Gnó ann? 

  • Scéim Freagartha don Éileamh is ea Beir Bua ar an mBuaic – Custaiméirí Gnó ó ESB Networks. Féadfaidh úsáideoirí tráchtála leictreachais incháilithe íocaíocht a fháil as a n‑éileamh ar an leictreachas a laghdú idir 4:30pm agus 7:00pm le linn na tréimhse seirbhíse, ar laethanta oibre (Luan go hAoine, seachas saoirí poiblí).
  • Beidh an buaicéileamh leictreachais ann de ghnáth idir 5.00pm agus 7.00pm, Luan go hAoine. Toisc go mbíonn éileamh níos mó ar an bhfuinneamh le linn na tréimhse seo, is dócha go mbeidh Éire ag brath níos mó ar bhreosla iontaise iompórtáilte leis an éileamh leictreachais a shásamh, rud a fhágann go mbeidh an bhuaicthréimhse an‑chostasach agus dian ó thaobh carbóin de.
  • Iarrfar ar úsáideoirí tráchtála leictreachais incháilithe a n‑éileamh ar leictreachas a laghdú gach lá nó a mhinice agus is féidir le linn na tréimhse seirbhíse fad a bheidh an scéim ar bun.

Cad is Freagairt don Éileamh? 

  • Déanann úsáideoirí leictreachais a n‑úsáid a athrú mar fhreagairt ar an éileamh mar chuid den iarracht na córais leictreachais in Éirinn a chothromú. Leis sin a dhéanamh, b’fhéidir go ndéanfaidís a n‑éileamh leictreachais a laghdú nó a athrú chuig am eile le linn tréimhsí áirithe den lá. 
  • Má dhéanann siad a n‑úsáid leictreachais a laghdú ag na hamanna is costasaí agus is déine ó thaobh carbóin de (buaicuaireanta 5.00pm go 7.00pm de ghnáth), féadfaidh úsáideoirí leictreachais laghdú a bhaint amach ó thaobh astaíochtaí carbóin de agus ina gcuid billí leictreachais. Féadfaidh úsáideoirí fuinnimh luach saothair airgeadais a fháil as an méid sin a dhéanamh de bharr scéimeanna mar an scéim Beir Bua ar an mBuaic, Custaiméirí Gnó. 
  • An aidhm atá le Beir Bua ar an mBuaic – Custaiméirí Gnó ná luach saothair a thabhairt d’úsáideoirí leictreachais as smacht a choinneáil ar a n‑úsáid leictreachais mar fhreagairt ar an éileamh. 
Technician standing with his laptop in a factory

Tá Beir Bua ar an mBuaic – Custaiméirí Gnó beo anois

  • Bhí tionscnaimh ag ESB Networks sa gheimhreadh in 2022 agus sa samhradh in 2023 a bhain le Beir Bua ar an mBuaic – Custaiméirí Gnó (Beir Bua ar an mBuaic – An Clár Gníomhach do Chustaiméirí Tráchtála, agus Beir Bua ar an mBuaic – An Gealltanas do Chustaiméirí Tráchtála [Laethúil]). Táimid le leagan úr den scéim seo a sheoladh le go mbeidh custaiméirí tráchtála leictreachais agus sainchuideachtaí bainistíochta fuinnimh in ann toilleadh solúbthachta a sholáthar don líonra leictreachais in Éirinn.
  • Féadfaidh custaiméirí tráchtála leictreachais incháilithe a gcion féin a dhéanamh lena n‑éileamh a laghdú tráth a mbeidh difear beag ann idir an soláthar leictreachais agus an ghiniúint leictreachais, agus íocaíocht a fháil as sin.
  • Beidh an scéim á reáchtáil ó mhí na Samhna 2023 go mí an Mhárta 2025. Tá seans ann go gcuirfear síneadh leis an scéim chomh fada leis an samhradh in 2025.
  • Más mian leat iarratas a dhéanamh ar Beir Bua ar an mBuaic – Custaiméirí Gnó, ba chóir logáil isteach ar eTenders anseo agus cuardach a dhéanamh ar Aitheantas Acmhainní CfT: 3471707. Is ansin a fheicfidh tú treoracha don mhodh le hiarratas a dhéanamh, mar aon leis na téarmaí conartha agus na taraifí ar fad.
Féach eTenders anois

Ceisteanna coitianta 

Cad é mar a oibríonn Beir Bua ar an mBuaic – Custaiméirí Gnó? 

Cad é mar a oibríonn na híocaíochtaí?
  • Agus gach Imeacht Laethúil nó Buaicimeacht thart, déanfar an t‑éileamh ar leictreachas sa tréimhse sin bainteach le Sócmhainní Seirbhíse Solúbthachta an tSoláthraí Seirbhíse Solúbthachta a chur i gcomparáid le bonnlíne an tsoláthraí. Eiseofar íocaíocht as aon laghdú ar éileamh a bhainfear amach i gcomparáid leis an mbonnlíne sin. Tábhachtach: ní íoctar aon luach saothair as laghdú a bhaint amach ar éileamh a imíonn níos airde ná an acmhainn solúbthachta de réir an chonartha.  
  • I gcás Imeachtaí Laethúla: Gheobhaidh Sócmhainní Seirbhíse Solúbthachta íocaíocht de €340 ar a laghad an MWh laghdaithe, suas go €680 ar a mhéad an MWh.  
  • I gcás Buaicimeachtaí, gheobhaidh Sócmhainní Seirbhíse Solúbthachta íocaíocht €820 an MWh laghdaithe. 
  • Tá na rátaí íocaíochta bunaithe ar struchtúr chun Sócmhainní Seirbhíse Solúbthachta a spreagadh lena n‑acmhainn chomhaontaithe solúbthachta a bhaint amach le linn imeachta agus chun tús áite a thabhairt do Bhuaic‑Imeachtaí. D’fhéadfadh ESB Networks ordú a chur amach ó am go chéile chuig Soláthraí Seirbhíse Solúbthachta chun iarraidh orthu stop a chur leis an tseirbhís solúbthachta atá á soláthar ag an tSócmhainn Seirbhíse Solúbthachta má mheastar go bhféadfadh sé go mbeadh drochthionchar ag an tseirbhís sin ar an líonra.   
  • I gcás go mbeadh 2 cheann nó níos mó de Shócmhainní Seirbhíse Solúbthachta cláraithe ag Soláthraí Seirbhíse Solúbthachta ar an scéim, gheofar íocaíocht aonuaire as gach Sócmhainn Seirbhíse Solúbthachta a úsáidtear, an méid sin ag brath ar acmhainn chonraithe solúbthachta na Sócmhainne Seirbhíse Solúbthachta. Déanfar gnáth‑íocaíochtaí a ríomh bunaithe ar 50% de mhéid iomlán a n‑íocaíochtaí dá Sócmhainn Seirbhíse Solúbthachta as an laghdú ar an éileamh dá bharr.   
  • Déanfar íocaíochtaí le Sócmhainní Seirbhíse Solúbthachta agus le Soláthraithe Seirbhíse Solúbthachta a phróiseáil leis an Soláthraí Seirbhíse Solúbthachta.   

Cad a bheidh le déanamh ag úsáideoirí tráchtála leictreachais?
  • Agus an scéim i bhfeidhm, iarrfar ar úsáideoirí tráchtála leictreachais an t‑éileamh a laghdú chun tacú leis an líonra dáileacháin agus athrú ó bhonn ar bun in Éirinn ar an dóigh a ndéantar leictreachas a ghiniúint, ó bhreosla iontaise ar mó a lorg carbóin go foinsí glana in‑athnuaite, amhail an ghaoth. Imeachtaí Laethúla a thugtar orthu seo, agus bíonn siad ann ó Luan go hAoine, seachas saoirí poiblí, ó 4:30 i.n. go 7.00 i.n. fad a mhairfidh an scéim. 
Cad é mar a oibríonn an scéim?
  • Tá an scéim deartha le go bhfaighidh úsáideoirí tráchtála leictreachais íocaíochtaí as bearta éifeachtúlachta fuinnimh a chur i bhfeidhm agus an t‑éileamh leictreachais a laghdú idir 4:30 i.n agus 7:00 i.n. ar laethanta gnó (Luan go hAoine, seachas saoirí poiblí). Tá sé sin fíor go speisialta nuair a fhógrófar Buaicimeacht, fad a mhairfidh an scéim.   
  • Aithníonn ESB Networks gur dúshlánach na hathruithe seo a chur i bhfeidhm uaireanta toisc go mbíonn éilimh ghnó ann. Mar sin, is faoin gcustaiméir féin é an t‑éileamh a laghdú. Beidh an méid a íocfar leat bunaithe ar chomh minic is féidir leat an t‑éileamh a laghdú agus ar chomh mór atá a laghdú sin. Ní ghearrfar aon phionóis mura mbaintear aon laghdú amach nó mura mbaintear ach leibhéal íseal amach.  

Cad é mar is féidir le gnólachtaí páirt a ghlacadh ann?
  • I gcás úsáideoirí tráchtála leictreachais atá ag iarraidh páirt a ghlacadh agus a dhéanann na critéir cháilitheachta a shásamh, féadfaidh siad iarratas a dhéanamh mar chuid d’iarratas ó shainchuideachta bainistíochta fuinnimh (comhbhailitheoir, cuir i gcás) chun bheith ina Sócmhainn Seirbhíse Solúbthachta nó, mar mhalairt, iarratas a dhéanamh go díreach ar ESB Networks chun bheith mar Sholáthraí Seirbhíse Solúbthachta má bhíonn a láithreán méadraithe féin acu a bhfuil Uimhir Thagartha Mhéadarphointe (UTM) ag baint leis.  
  • Féadfaidh cuideachtaí bainistíochta fuinnimh Sócmhainní Seirbhíse Solúbthachta a fhostú agus ról a ghlacadh mar Sholáthraí Seirbhíse Solúbthachta.   
  • Tá Soláthraithe Seirbhíse Solúbthachta freagrach as Sócmhainní Seirbhíse Solúbthachta a bhainistiú agus cumarsáid a dhéanamh leo.  
  • I gcás na n‑iarratasóirí sin a n‑éireoidh a n‑iarratas leo agus a gheobhaidh conradh mar chuid de Beir Bua ar an mBuaic – Custaiméirí Gnó, déanfar bonnlíne a shocrú do Thréimhse an Gheimhridh agus, nuair is cuí, do Thréimhse an tSamhraidh do gach Sócmhainn Seirbhíse Solúbthachta (.i. UTM). Beidh an méid sin bunaithe ar shonraí faoin éileamh ón tréimhse is deireanaí a thabharfadh léiriú cuí agus a bheidh mar bhonn le go mbeifear in ann comparáid a dhéanamh idir an bonn sin agus an laghdú ar an leictreachas agus an scéim ar bun.   
  • Mar chuid den iarratas, caithfidh Soláthraithe Seirbhíse Solúbthachta an Acmhainn Solúbthachta (MW) a leagan amach do gach Sócmhainn Seirbhíse Solúbthachta a bheidh á húsáid acu, an acmhainn sin le soláthar acu le linn Imeachtaí Laethúla agus Buaicimeachtaí. Caithfidh Sócmhainní Seirbhíse Solúbthachta pas a bhaint amach i dTástáil Chruthúnais i dtús na scéime lena léiriú go bhfuil siad in ann an Acmhainn Solúbthachta a bhaint amach de réir an chonartha. 
Cad is Buaicimeacht ann?
  • Tá seans ann go mbeidh sé dúshlánach freastal ar an éileamh ar leictreachas uaireanta. Má tharlaíonn a leithéid, seans go bhfógrófar Buaicimeacht. Bíonn Buaicimeacht ann sa tréimhse chéanna le hImeachtaí Laethúla. Gheobhaidh rannpháirtithe fógra lena chur in iúl dóibh go mbeadh tábhacht faoi leith leis an éileamh a laghdú ar lá áirithe d’fhonn an líonra leictreachais a fheidhmiú, agus go ndéanfaí ráta íocaíochta ní b’airde a thairiscint as sin. 

Cad é mar is féidir páirt a ghlacadh sa scéim Beir Bua ar an mBuaic – Custaiméirí Gnó? 

Cé atá incháilithe?
  • Beidh aon úsáideoir tráchtála leictreachais a dhéanann iarratas agus a dhéanann na critéir incháilitheachta a shásamh le haghaidh Beir Bua ar an mBuaic – Custaiméirí Gnó incháilithe le páirt a ghlacadh sa scéim. Tá na critéir incháilitheachta i bhfeidhm bunaithe ar gach láithreán/UTM (MPRN). Má tá níos mó ná láithreán amháin agat a dhéanann na critéir a chomhlíonadh, beidh ort gach láithreán acu a chur san áireamh san iarratas.  
  • Le bheith incháilithe don scéim Beir Bua ar an mBuaic, Custaiméirí Gnó, caithfidh Sócmhainní Seirbhíse Solúbtha na nithe seo a chomhlíonadh:  
  • Méadrú eatramh cuí i bhfeidhm acu gach ceathrú uaire ón 1 Deireadh Fómhair 2022 ar aghaidh. 
  • An cumas acu laghdú ar an éileamh iompórtála a bhaint amach bunaithe ar a n‑úsáid a athrú.  
  • Nasc a bheith acu leis an gcóras leictreachais ar an leibhéal dáileacháin atá á fheidhmiú ag ESB Networks mar Oibreoir an Chórais Dáileacháin nó nasc acu leis an gcóras leictreachais ar an leibhéal tarchurtha atá á fheidhmiú ag EirGrid mar Oibreoir an Chórais Tarchurtha. 
  • Gan a gComhaontú Nasctha ná an Cód Dáileacháin a bheith á sárú acu má chuireann siad seirbhís solúbthachta ar fáil a gcuireann giniúint taobh thiar den mhéadar léi. 
  • Seiceálacha Giniúna Comhthreomhaire a shásamh, nuair is cuí. 
  • Seiceálacha bliantúla ar an Idirghníomhú Giniúna a shásamh chun bheith páirteach sa scéim i dTréimhse an tSamhraidh (an 1 Aibreán go dtí an 30 Meán Fómhair). 
 

I gcás Sócmhainní Seirbhíse Solúbthachta atá páirteach i margaí eile (cuir i gcás DS3, an Margadh Acmhainne, nó scéimeanna trialacha eile atá mar chuid den chlár Líonra Náisiúnta, Naisc Áitiúla), féadfaidh siad clárú ar Beir Bua ar an mBuaic do Chustaiméirí Tráchtála fosta.  
Cé na buntáistí is mó a bhaineann le bheith páirteach sa scéim Beir Bua ar an mBuaic – Custaiméirí Gnó?
  • Foinse bhreise ioncaim. Gheobhaidh tú íocaíocht as aon laghdú a bhainfidh tú amach ar an mbonnlíne agus aon imeacht bainteach le Beir Bua ar an mBuaic – Custaiméirí Gnó, suas leis an Acmhainn Solúbthachta de réir an chonartha. Tábhachtach: níl aon phionóis ann.   
    • Mar shampla, má bhíonn Imeacht Laethúil ann, más 0.6MW an bhonnlíne atá leagtha síos duit agus más 0.2MW an Acmhainn Solúbthachta atá aontaithe agat, má éiríonn leat an t‑éileamh ar leictreachas a laghdú go 0.4MW le linn na tréimhse seirbhíse 4:30 i.n. – 7.00 i.n., íocfar thú as sin. (0.6MW‑0.4MW) x €680/MWh x 2.5 uair an chloig = €340 as an imeacht sin.  
    • Agus corradh le 300 Imeacht Laethúil ar fáil idir seo agus deireadh mhí an Mhárta 2025, beidh an méid a íocfar leat ag brath ar an laghdú a bhainfidh tú amach i ngach imeacht agus ar an líon imeachtaí a nglacfaidh tú páirt iontu. 
  • Laghdú ar chostas do chuid billí leictreachais de thairbhe laghdú a bhaint amach ar an úsáid. 
  • Seans le laghdú a bhaint amach in astaíochtaí carbóin. Tá baint mhór idir an t‑am den lá a n‑úsáidtear an leictreachas agus astaíochtaí CO2. Má úsáidtear leictreachas le linn na n‑uaireanta ina mbíonn lorg carbóin na giniúna ar an leibhéal is ísle (is é sin taobh amuigh de na buaicuaireanta), seans go mbeadh laghdú ar astaíochtaí carbóin ann dá bharr.  
  • Céim chun tosaigh atá ann i dtreo spriocanna inmheánacha a bhaint amach i dtaobh na hinbhuanaitheachta agus laghdú ar astaíochtaí carbóin.  
Cén chuma atá ar an bpróiseas iarratais de ghnáth agus cá fhad a thógann sé?
Is tríd an tairseach ar eTenders ar fáil ach cliceáil anseo a dhéantar an próiseas iarratais, is cuma más iarratas go díreach ar ESB Networks atá i gceist chun bheith mar Sholáthraí Seirbhíse Solúbthachta nó más iarratas mar chuid d’iarratas ó shainchuideachta bainistíochta fuinnimh atá i gceist. 
Cad é mar is féidir liom iarratas a dhéanamh ar Beir Bua ar an mBuaic – Custaiméirí Gnó?
  • Táthar ag glacadh le hiarratais anois ar an scéim Beir Bua ar an mBuaic – Custaiméirí Gnó. Is féidir clárú anseo. Beifear in ann iarratas a dhéanamh go dtí an 6 Eanáir 2025, ach amháin má chuirtear síneadh leis an scéim.    
  • Tá ESB Networks ag tabhairt faoi chonarthaí le húsáideoirí tráchtála fuinnimh incháilithe agus le sainchuideachtaí bainistíochta fuinnimh (Comhbhailitheoirí, mar shampla). Más rud é gur úsáideoir tráchtála fuinnimh atá ionat a bhfuil taithí agat ar fhreagairt don éileamh a bhainistiú, seans gur mhaith leat iarratas a dhéanamh go díreach chuig ESB Networks (trí eTenders). Tá seans ann gur cuidiú ag úsáideoirí tráchtála fuinnimh eile sainchuideachta bainistíochta fuinnimh a úsáid.  
  • Tá i gceist ag ESB Networks sraith de sheimineáir ghréasáin a reáchtáil chun na mionsonraí a bhaineann le Beir Bua ar an mBuaic – Custaiméirí Gnó a shoiléiriú do gach páirtí leasmhar.  
  • Más mian leat fógraí a fháil le go mbeidh tú in ann freastal ar sheimineáir ghréasáin amach anseo, níl le déanamh agat ach ríomhphost a chur chuig btp@esb.ie, an clár Beir Bua ar an mBuaic – Custaiméirí Gnó a lua, agus beidh an fhoireann ó Líonra Náisiúnta, Naisc Áitiúla i dteagmháil leat.  
  • Níl liosta de shainchuideachtaí bainistíochta fuinnimh faofa i bhfeidhm ag ESB Networks mar gheall ar rialacha iomaíochta.

Tuilleadh eolais:  

  • Más mian leat eolas ginearálta a fháil maidir le Beir Bua ar an mBuaic – Custaiméirí Gnó, seol ríomhphost chuig btp@esb.ie
  • Ós rud é gur trí phróiseas foirmiúil soláthair phoiblí a ndéantar an t‑iarratas ar Beir Bua ar an mBuaic, ba cheart aon cheisteanna faoi leith a bhaineann leis an Tairiscint a chur isteach ar an áis teachtaireachtaí ar thairseach eTenders. Má bhíonn deacracht agat leis an tairseach eTenders, ba chóir cliceáil anseo.
  • Más úsáideoir tráchtála fuinnimh thú nó más sainchuideachta bainistíochta fuinnimh atá agat, más mian leat iarratas a dhéanamh ar Beir Bua ar an mBuaic – Custaiméirí Gnó, ba chóir logáil isteach ar eTenders anseo agus cuardach a dhéanamh ar Aitheantas Acmhainní CfT: 3471707. Is ansin a fheicfidh tú treoracha don mhodh le hiarratas a dhéanamh, mar aon leis na téarmaí conartha agus na taraifí ar fad.  

Eolas eile uait? Táimid anseo le cabhrú leat.

Ar aghaidh chuig Tacaíocht do chustaiméirí