Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Téarmaí agus coinníollacha

Téarmaí agus Coinníollacha maidir leis an bpromóisean “Beir Bua ar an mBuaic” de chuid ESB Networks.

1. Sainmhínithe

Mar a úsáidtear iad sna téarmaí agus coinníollacha seo:

Ciallaíonn “ESB Networks” ESB Networks CGA, cuideachta atá corpraithe in Éirinn (uimhir chláraithe 465172) a bhfuil a hoifig chláraithe suite in Three Gateway, Bóthar an Phoirt Thoir, Baile Átha Cliath 3, D03 R583, Éire.

Is éard is brí le “faisnéis” ná an fhaisnéis ar fad a thugtar do Rannpháirtithe cibé bealach a léirítear í, cibé acu trí ghrafaicí, téacs nó modh eile, agus de réir mar a d’fhéadfaí í a uasdátú ó am go chéile.

Is éard is brí le “Rannpháirtí” ná aon duine a chláraíonn le haghaidh an Phromóisin agus a ghlactar isteach ann.

Is éard is brí le “Promóisean” ná an promóisean de chuid ESB Networks darb ainm “Beir Bua ar an mBuaic” (“Beat the Peak” i mBéarla), arb é is aidhm leis custaiméirí a spreagadh chun an méid leictreachais a úsáideann siad a bhainistiú agus a laghdú i rith imeachtaí fuinnimh agus ag amanna eile chun tacú leis an bhféilire feachtais, nó maidir le haimsir agus/nó le gníomhaíochtaí líonra.

Ciallaíonn “Imeachtaí Fuinnimh” amanna nó cúinsí ina n-iarrtar ar roinnt rannpháirtithe iompar a athrú timpeall ar thomhaltas nó chun gníomh áirithe a ghlacadh, cibé más mar mhalairt ar dhuais nó ná bíodh. D'fhéadfadh na himeachtaí seo a bheith laistigh de bhuaicuaireanta, agus d'fhéadfaí iad a sceidealú laistigh d'fhéilire an fheachtais, nó mar fhreagra ar fholáirimh ómra, dálaí aimsire agus gníomhaíochtaí líonra eile. I measc na nImeachtaí Fuinnimh tá Buaicimeachtaí nó Imeachtaí Solúbthachta agus gníomhaíochtaí eile a bhféadfaimis fógra a thabhairt fúthu ó am go ham.

Is ócáid é “Buaic-Imeacht” le linn na Buaicuaireanta nuair a d’fhéadfaí iarraidh ar Rannpháirtithe beart éigin a dhéanamh maidir lena n-ídiú leictreachais. Tarlaíonn Buaic-Imeacht go ginearálta nuair a bhíonn gá le tomhaltas a laghdú go háitiúil nó go náisiúnta

Is ócáid é “Imeacht Solúbthachta” nuair is féidir iarraidh ar Rannpháirtithe a bheith solúbtha maidir le conas agus cathain a úsáideann siad a gcuid leictreachais, go ginearálta trí úsáid a laghdú nó a mhéadú ag am sonraithe. Is féidir le himeacht solúbthachta tarlú ag am ar bith (Buaicuaireanta san áireamh) agus ar chúiseanna éagsúla, mar shampla;

  • Nuair a bhíonn barrachas fuinnimh in-athnuaite ar fáil agus is maith an t-am é d'fhearais leictreacha a úsáid chun leas iomlán a bhaint as an bhfuinneamh in-athnuaite atá á ghiniúint, rud nach bhfuil chomh costasach agus nach bhfuil chomh dian ar charbón.
  • Nuair a bhíonn níos lú fuinnimh in-athnuaite ar fáil, agus nuair a bhíonn giniúint leictreachais níos déine ó thaobh carbóin de. Is am maith é seo chun smacht a fháil ar d'úsáid leictreachais trí fhearais leictreachais-throma a sheachaint, mar shampla do thriomadóir rothlaim, miasniteoir, agus iarann.

Is éard is brí le “Buaicuaireanta” ná 5 i.n. go 7 i.n. Luan go hAoine. Is amanna iad seo nuair a bhíonn cuid mhaith daoine ag úsáid leictreachais ag an am céanna agus nach mbíonn a dhóthain giniúint in-athnuaite ar an gcóras le freastal ar an éileamh sin ar leictreachas. Ciallaíonn sé sin go mbíonn an leictreachas níos costasaí agus níos déine ó thaobh carbóin de i rith buaicimeachtaí, agus b’fhéidir nach bhféadfaí brath ar sheasmhacht an tsoláthair mar a d’fhéadfaí de ghnáth. Má ghlactar smacht ar úsáid leictreachais le linn an ama seo, tacófar le slándáil soláthair na hÉireann.

Ciallaíonn “Téarmaí” “na Téarmaí seo” na téarmaí agus na coinníollacha seo, arna n‑uasdátú nó arna leasú ó am go ham.

2. Incháilitheacht agus Clárú 

Tá custaiméirí nó áititheoirí eile in áitribh chónaithe i dteideal páirt a ghlacadh mar Rannpháirtithe sa Phromóisean.

Forchoimeádann ESB Networks an ceart aige féin teorainn a chur le líon iomlán na Rannpháirtithe sa triail seo.

Caithfidh Rannpháirtithe uimhir fóin póca Éireannach a thabhairt nuair a chláraíonn siad le liostáil leis an bPromóisean.

Is féidir le rannpháirtithe clárú le haghaidh an Phromóisin ag esbnetworks.ie/weather. B’fhéidir go mbeidh an rogha ag rannpháirtithe páirt a ghlacadh sna Buaic‑Imeachtaí. Is faoi lánrogha ESB Networks a roghnófar iad siúd a ghlacann páirt in Imeachtaí Fuinnimh.

Féadfaidh rannpháirtithe a gcuid faisnéise a nuashonrú nó a leasú, nó roghanna ábhartha a roghnú agus a dhíroghnú, ach ríomhphost a chur chuig engagement@esbnetworks.ie ‘Roghanna Teagmhála’ sa líne ábhair.

Níl fostaithe de chuid ESB ná ESB Networks i dteideal aon luaíochtaí a bhaineann leis an bPromóisean.

3. Srianta agus toirmisc

Tá rannpháirtíocht sa Phromóisean á rialú ag na Téarmaí seo. De bhua gur chláraigh sé nó sí mar Rannpháirtí, glacfar leis gur léigh agus gur thuig an Rannpháirtí na téarmaí agus coinníollacha seo agus go bhfuil sé nó sí sásta cloí leo.

Toilíonn agus geallann an Rannpháirtí gan an Promóisean a úsáid ná a dhúshaothrú ar aon chúis chóiriúil, mhídhleathach, neamhdhlíthiúil, cheannairceach, cholúil nó ar aon chúis eile mar sin.

Admhaíonn an Rannpháirtí gur maoin thairbhiúil agus dhlíthiúil ESB an fhaisnéis agus na cearta maoine intleachtúla go léir a bhaineann leis an bPromóisean agus go bhfanfaidh siad amhlaidh. Faisnéis, aon ghabhálacha scáileáin ná grafaicí arna soláthar nó arna gcur ar fáil ag ESB Networks i dtaca leis an bPromóisean, ní ceadmhach iad a mhodhnú, a athchruthú ná a thaispeáint go poiblí, ná a scaipeadh ar aon chríocha poiblí ná tráchtála.

4. Cuspóir agus Fad Ama an Phromóisin; anailís sonraí

Is é is cuspóir leis an bPromóisean ná faisnéis a bhailiú agus a anailísiú, ar fhreagairt custaiméirí ar thionscnaimh arb aidhm leo an t‑éileamh leictreachais a laghdú i rith na mbuaicuaireanta.

Trí chlárú le haghaidh an Phromóisin, toilíonn an Rannpháirtí gur ceadmhach do ESB Networks, agus an Promóisean ar bun amháin, próiseáil a dhéanamh ar shonraí méadraithe an rannpháirtí i gcomhair bailíochtú staidrimh. Déanfar gach anailís ar shonraí méadair ar leibhéal comhiomlán agus beidh anailís ar shonraí eatraimh 30 nóiméad ar mhéadair chliste i gceist.

Cuirfear tús leis an bPromóisean ar an 16 Lúnasa 2023 agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí an 31 Márta 2025 nó cibé dáta eile a chinnfidh ESB Networks. Cuirfidh ESB Networks na Rannpháirtithe ar an eolas faoi aon athrú ar dháta deiridh an Phromóisin.

Forchoimeádann ESB Networks an ceart aige féin deireadh a chur leis an bPromóisean faoina lánrogha féin.

5. Leideanna agus Noda

Cuirfear faisnéis ar fáil do rannpháirtithe maidir le húsáid fuinnimh trí SMS agus/nó tríd an ríomhphost chuig an uimhir fóin phóca agus/nó an seoladh ríomhphoist a thug na Rannpháirtithe ar chlárú dóibh. Tabharfar cuireadh do rannpháirtithe faisnéis roghnach a sholáthar fúthu féin agus faoina dteaghlaigh, agus féadfar leideanna agus moltaí a shaincheapadh de réir na faisnéise sin. Tá cur ar fáil leideanna agus moltaí do Rannpháirtithe ar cheann de chuspóirí an Phromóisin agus, dá réir sin, mura mian le Rannpháirtí an fhaisnéis sin a fháil a thuilleadh, ní mór dó nó di díchlárú mar rannpháirtí.

6. Imeachtaí Fuinnimh

Is féidir rannpháirtithe a ghlacann le hImeachtaí Fuinnimh a roghnú chun páirt a ghlacadh in Imeachtaí Fuinnimh bunaithe ar chritéir promóisin (lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do, an fhéilire feachtais, suíomh MPRN aonair, srianta líonra, réamhaisnéis na haimsire srl). Iarrfar orthu siúd a roghnófar chun páirt a ghlacadh in Imeachtaí Fuinnimh, bearta áirithe a dhéanamh chun tomhaltas leictreachais a athrú ag amanna áirithe.

Cuirfear na Rannpháirtithe ar an eolas faoi Bhuaic‑Imeachtaí, agus faoin mbeart ar leith atáthar ag iarraidh orthu a dhéanamh, i bhfíor‑am, trí SMS go príomha.

D’fhéadfadh Rannpháirtí a bheith incháilithe le haghaidh luaíochta. Cuirfear cineál agus/nó méid na luaíochta sin in iúl do na Rannpháirtithe incháilithe ó am go chéile Cuirfear an luaíocht ar fáil mar a sonraíodh í agus ní chuirfear rogha mhalartach ná “coibhéis airgid” ar fáil ina hionad.

Na Rannpháirtithe a ghlacann páirt sna Buaic‑Imeachtaí, beidh orthu a fhéindearbhú go ndearna siad an beart cuí. Forchoimeádann ESB Networks an ceart aige féin an rannpháirtíocht sin a fhíorú, cibé acu trí athbhreithniú a dhéanamh ar thaifid mhéadair nó ar bhealach eile. Trí fhéindearbhú a dhéanamh agus an luaíocht ábhartha a éileamh, aontaíonn na Rannpháirtithe gur ceadmhach do ESB Networks seiceálacha fíoraithe a dhéanamh.

7. Aiseolas

Féadfaidh sé go n‑iarrfar ar Rannpháirtithe aiseolas a thabhairt ar a rannpháirtíocht sa Phromóisean agus, nuair is infheidhme, ar Bhuaic‑Imeachtaí, ó am go chéile agus an Promóisean ar bun. Ní bheidh sé éigeantach aiseolas a thabhairt ach tabharfaidh sé léargas luachmhar do ESB Networks ar éifeachtacht an fheachtais.

8. Díchlárú

Féadfaidh Rannpháirtí díchlárú ón bPromóisean am ar bith trí chliceáil ar na naisc dhíliostála sna teachtaireachtaí a sheoltar chuig Rannpháirtithe a chláraigh le haghaidh an Phromóisin nó trí ríomhphost a sheoladh chuig engagement@esbnetworks.ie le ‘Díliostáil’ sa líne ábhair.

Forchoimeádann ESB Networks an ceart aige féin, dá lánrogha féin, aon Rannpháirtí a dhíchlárú. Gan ginearáltacht an mhéid sin roimhe seo a theorannú, déanfar Rannpháirtí a dhíchlárú má bhíonn na sonraí clárúcháin maidir leis nó léi mícheart nó má sháraíonn sé nó sí na Téarmaí seo.

Ní bheidh Rannpháirtí a dhíchláraíonn nó a dhíchláraítear faoi dhliteanas i leith aon luaíochtaí, seachas luaíochtaí a fhaightear le linn dó nó di a bheith cláraithe leis an bPromóisean.

9. Eisiamh Dliteanais

A mhéid agus is féidir de réir mar atá ceadaithe ag an dlí is infheidhme, ní bheidh ESB Networks ná aon duine dá stiúrthóirí, fostaithe, cleamhnaithe ná ionadaithe eile faoi dhliteanas as caillteanas ná damáiste a bheidh ann mar thoradh ortsa a bheith páirteach sa Phromóisean ná i dtaca leatsa a bheith páirteach ann, agus, nuair is infheidhme, Buaic‑Imeachtaí, lena n‑áirítear na nithe seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh: caillteanas sonraí, ioncaim, brabúis nó deiseanna, caillteanas réadmhaoine nó damáiste do réadmhaoin, éilimh ó thríú páirtithe. Ní bheidh ESB Networks faoi dhliteanas ná freagrach as aon chaillteanas indíreach ná iarmhartach de chineál ar bith, fiú má cuireadh ESB ar an eolas go bhféadfadh caillteanas nó damáiste mar sin a bheith ann, nó fiú má bhí a leithéid de chaillteanas nó damáistí réasúnta intuartha.

Gan an méid roimhe seo a theorannú, aontaíonn an Rannpháirtí nach mbeidh aon fhreagracht ar ESB Networks agus nach mbeidh sé faoi dhliteanas i leith aon pháirtí maidir le haon chaillteanas nó damáistí d’aon chineál, cibé slí a dtarlóidh a leithéid, a eascróidh mar thoradh ar bhaint an Rannpháirtí leis an bPromóisean nó a rannpháirtíocht i mBuaic‑Imeachtaí, cibé acu faoi chonradh, tort, dlí, cothromas, dualgas reachtúil nó eile.

10. Cosaint Sonraí

Déanfaidh ESB Networks na sonraí pearsanta go léir a bhailítear ó Rannpháirtithe maidir leis an bPromóisean a phróiseáil chun críocha an Phromóisin amháin, lena n-áirítear anailís ar shonraí gaolmhara. Ó am go chéile le linn an Phromóisin, agus nuair a bheidh an Promóisean críochnaithe, déanfar na sonraí a bhailítear ó na Rannpháirtithe a chomhiomlánú agus a anaithnidiú. Féadfaidh ESB Networks na sonraí arna gcomhionlánú agus arna ndéanamh anaithnid a choinneáil agus a phróiseáil i gcomhair anailísiú agus cuspóirí gaolmhara eile. Coinneofar sonraí clárúcháin na Rannpháirtithe i rith an Phromóisin chun críocha an Phromóisin, lena n‑áirítear déileáil le ceisteanna agus gearáin, ar feadh 12 mhí tar éis dheireadh an Phromóisin agus scriosfar ina dhiaidh sin iad. Más mian le Rannpháirtí díliostáil ón bPromóisean, coinneofar a shonraí ar feadh 12 mhí ar a mhéid sula scriosfar iad.

Na sonraí pearsanta go léir a dhéanfaidh ESB Networks a bhailiú agus a phróiseáil maidir leis an bPromóisean, déanfar iad a bhainistiú de réir na ndlíthe cosanta sonraí agus príobháideachais. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi a ndéanann ESB Networks sonraí pearsanta a bhainistiú, faoi chearta an duine aonair i ndáil le sonraí pearsanta agus faoin gcaoi na cearta sin a fheidhmiú, déan tagairt don Fhógra Príobháideachais agus Beartas Fianáin.

11. Ábhair Ilghnéitheacha

Féadfaidh ESB Networks tríú páirtithe a fhostú chun aon cheann de na feidhmeanna nó de na gníomhaíochtaí dá chuid a bhaineann leis an bPromóisean a dhéanamh thar a cheann, nó tacú leo ar shlí eile.

Féadfaidh ESB Networks an Promóisean a leasú, a chealú, nó cur leis am ar bith, cibé acu le fógra nó gan fógra.

Féadfaidh ESB Networks na Téarmaí seo a leasú tráth ar bith. Tabharfar fógra faoi aon leasú do na Rannpháirtithe.

I gcás go ndearbhóidh aon údarás breithiúnach nó údarás inniúil eile go bhfuil aon fhoráil de na Téarmaí seo ar neamhní, inchurtha ar neamhní, mídhleathach nó neamh‑infheidhmithe ar shlí eile, leanfaidh na forálacha eile de lánfheidhm agus de lánéifeacht a bheith acu.

Beidh na téarmaí seo faoi rialú dhlíthe na hÉireann agus forléireofar dá réir iad, agus comhaontaíonn gach páirtí go ngéillfidh sé do dhlínse eisiach chúirteanna na hÉireann i dtaca le haon ní nó éileamh a thiocfaidh as an bPromóisean.

Chun na Téarmaí agus Coinníollacha a bhaineann le Cuntais Ar Líne ESB Networks a fheiceáil cliceáil HERE.

Eolas eile uait? Táimid anseo le cabhrú leat.

Go to Customer support