Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Tá na custaiméirí siúd a bhfuil méadar cliste acu in ann leas a bhaint as táirgí agus seirbhísí nua anois. Le tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le do sholáthraí leictreachais. Tá na méadair chliste ar an gcéad ghlúin eile de mhéadair dhigiteacha leictreachais agus tá neart buntáistí i gceist leo don chustaiméir, don chomhshaol, agus don gheilleagar.

Seo thíos cuid de na buntáistí is mó a bhaineann le méadar cliste a bheith ag duine.

Na príomhbhuntáistí a bhaineann le méadar cliste 

Éire níos glaise, níos inbhuanaithe

Cabhraíonn gach méadar cliste le gach uile dhuine againn a bheith níos tíosaí ar fhuinneamh agus níos lú dochair a dhéanamh don chomhshaol de réir mar a dhéanaimid dul chun cinn i dtreo saol ar bheag-astú carbóin. Cuidiú atá sna méadair chliste i bhforbairt acmhainní giniúna in-athnuaite agus eangacha cliste in Éirinn, agus i leictriú córas iompair agus téimh chomh maith.  

Eolas níos fearr

Tabharfaidh an méadar cliste eolas níos cruinne duit maidir leis an bhfuinneamh a úsáideann tú, rud a thabharfaidh smacht níos fearr duit ar an úsáid a bhaineann tú as agus ar na hamanna a úsáideann tú é. Más mian leat breathnú ar do chuid sonraí úsáide, níl le déanamh agat ach clárú le cuntas ar líne ESB Networks a fháil. 

Slán le billí measta

De bhearr go ndéantar méadair chliste a léamh go huathoibríoch, beidh ré an léimh de láimh agus an bhille mheasta nach mór thart.  

Seirbhísí cliste

Cuirfidh na méadair chliste ar chumas soláthraithe leictreachais táirgí agus seirbhísí cliste nua a chur ar fáil. Tabharfaidh na seirbhísí seo tuilleadh roghanna duit agus cumasóidh duit níos mó leictreachais a úsáid ag na hamanna den lá a mbíonn sé níos saoire.  

Seirbhís níos fearr do chustaiméirí

Cuirfidh an t-uasghrádú chuig méadair chliste ar chumas ESB Networks fabhtanna a aimsiú níos tapa agus bainistiú níos éifeachtaí a dhéanamh ar an líonra leictreachais. Beidh sé níos éasca duit do sholáthraí leictreachais a athrú agus bogadh chuig áitreabh nua freisin.  

Íocaíochtaí easpórtála micrighiniúna

Ligeann an t-uasghrádú chuig méadar cliste duit do leictreachas féin a ghiniúint (painéil ghréine, mar shampla) agus íocaíocht a fháil as aon leictreachas breise a dhíolann tú ar an eangach. 

Deiseanna chun úsáid fuinnimh a laghdú

Is féidir linn go léir leas a bhaint as teicneolaíocht úr seo an mhéadraithe chliste lenár sciar féin a dhéanamh leis an úsáid a bhainimid as leictreachas in Éirinn a bhainistiú ó thaobh méide agus uaireanta de. Mar sin, déanfar an méid cuí a ghiniúint san am cuí ó na foinsí cuí. Beimid in ann ár n-astaíochtaí carbóin agus costais a laghdú dá bharr. 

Eolas eile uait? Táimid anseo le cabhrú leat.

Ar aghaidh chuig Tacaíocht do Chustaiméirí.