Sa chuid seo, tugtar míniú ar céard a ndéanann na méadair chliste taifeadadh air, cén chaoi a ndéanann siad cumarsáid agus cén chaoi a gcosnaímid do chuid sonraí.
Chun críocha na ndlíthe cosanta sonraí in Éirinn, lena n-áirítear an tAcht um Chosaint Sonraí, 2018 agus an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), meastar gur sonraí pearsanta iad na sonraí ídithe leictreachais arna mbailiú ag méadair chliste. Dá réir sin, cinntíonn ESB Networks go seachadtar an Clár Náisiúnta um Méadrú Cliste (CNMC) i gcomhréir leis na dlíthe sin agus go mbeidh na sonraí pearsanta uile a bhailíonn do mhéadar slán sábháilte.
Le déanamh amhlaidh, chuaigh ESB Networks i ndáil chomhairle leis an gCoimisiún um Rialáil Fóntais (CRU), leis an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide (RCAC) agus leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí (DPC) ar na gnéithe príobháideachais sonraí a bhaineann leis an CNMC agus tá foilsithe aige Measúnú Cosanta Sonraí (DPIA) ina dtugtar achoimre ar an gcaoi a ndéanann ESB Networks sonraí pearsanta a bhailiú, a phróiseáil agus a chosaint. Is féidir an Measúnú Cosanta Sonraí a léamh anseo.
Bailíonn méadair chliste sonraí agus próiseálann ESB Networks iad de bhun a chuid dualgas dlíthiúil faoi théarmaí cheadúnas Oibreora Córais Dáileacháin ESB Networks (a bhfuil dualgas de réir dlí ar ESB Networks cloí leis). Maidir leis na sonraí pearsanta uile a bhailíonn agus a phróiseálann ESB Networks mar chuid den CNMC, próiseáiltear iad de réir Fhógra Príobháideachais ESB Networks, rud a fhéadtar a léamh anseo.
Tá méadair chliste i bhfeidhm anois agus léitear ó chian iad in áiteanna a bhfuil cumarsáid bhunaithe iontu, rud a laghdaíonn go mór an gá le billí measta. Tá seirbhísí cliste nua á dtairiscint ag comhlachtaí soláthair leictreachais do chustaiméirí a bhfuil méadar cliste suiteáilte acu.
Murab ionann agus méadair thraidisiúnta nár thaifead ach an méid leictreachais a d’úsáid tú, taifeadfaidh do mhéadar cliste sonraí faoin méid leictreachais a úsáideann tú, aon leictreachas a dhéanann tú a easpórtáil chuig an eangach, agus tarluithe, foláirimh agus sonraí ionstraimíochta a bhaineann leis an soláthar cumhachta ag d’áitreabh. Tá míniú níos mionsonraithe thíos ar gach catagóir sonraí.
Gach lá, baileoidh do mhéadar cliste sonraí faoi mhéid iomlán an leictreachais a úsáideadh agus a easpórtáladh sa tréimhse 24 uair an chloig roimhe. Sonraí Tabhaill a thugtar orthu sin, agus áirítear iontu sonraí faoin leictreachas a úsáidtear sa lá, san oíche agus sna buaicthréimhsí. Is ó 8am agus 11pm a bhíonn an tréimhse lae, ach ní áirítear ann an bhuacthréimhse ó 5pm go 7pm. Ritheann an tréimhse “oíche” idir 11pm agus 8am.
Coinníonn an méadar cliste miontaifead chomh maith ar an leictreachas a ídíodh agus a easpórtáladh gach 30 nóiméad. Tugtar Sonraí Eatraimh air sin.
Lena chinntiú go mbíonn an méadar cliste ag oibriú mar is ceart, taifeadann sé eolas diagnóiseach mionsonraithe faoisean féin agus faoin líonra cumhachta thart air. Tugtar Sonraí Teagmhais air sin.
Tá sé de chumas sa mhéadar freisin méadrachtaí diagnóiseacha a thaifeadadh maidir le cáilíocht an cumhachta líonra i gcóngar an áitribh inar suiteáladh é. Cuireann na méadrachtaí seo ar chumas ESB Networks deacrachtaí soláthair atá ag cur as do chustaiméirí (amhail voltas íseal) a mheas go cianda, gan gá do theicneoir líonra dul chuig an áitreabh le trealamh diagnóisice breise a shuiteáil go sealadach ar an láthair. Tugtar Sonraí Ionstraimíochta orthu sin.
Beidh tú in ann teacht ar shonraí maidir leis an méid leictreachais a úsáideann tú agus na sonraí sin a íoslódáil trí do chuntas ar líne le ESB Networks.
Tá próiseas ar bun againn le go mbeidh gach méadar cliste in ann a chuid sonraí a chur ar fáil trí chuntas ar líne ESB Networks. Tógfaidh an próiseas sin cúpla mí, mar sin iarraimid foighne ort mura bhfuil do chuid sonraí ar fáil fós.
Nuair a bheidh do chuid sonraí ar fáil, beidh tú in ann breathnú ar an méid a úsáideann tú go laethúil, go seachtainiúil agus go míosúil, rud a chabhróidh leat smacht a fháil ar an úsáid sin. Is féidir leat clárú le haghaidh cuntas ar líne ESB Networks ag:
Déanfaidh do mhéadar cliste é féin a dhúiseacht thart ar gach dhá uair an chloig leis na sonraí seo a sheoladh:
Seolfaidh do mhéadar cliste na sonraí seo a leanas thart ar mheán oíche gach oíche:
Tá sé tábhachtach a thabhairt do d’aire nach seolfaidh ESB Networks ach a laghad sonraí agus is féidir chuig do sholáthraí chun críocha tú a bhilleáil de réir na taraife nó an phlean atá roghnaithe agat.
Déanann méadair chliste cumarsáid go cianda le ESB Networks ar líonra móibíleach slán. Baintear feidhm as teicneolaíocht atá ar aon dul leis an teicneolaíocht a úsáidtear chun teachtaireachtaí téacs a sheoladh. Cumfaidh do mhéadar rud atá cosúil le teachtaireacht téacs chriptithe agus seolfaidh é chuig córas TF a dtugtar Córas Ceann-Mhoil (HES) air. Déanfaidh ESB Networks na sonraí go léir a bhaileofar ón méadar cliste a stóráil go slán sábháilte. Níl rochtain ach ag ESB Networks ar na sonraí a choinnítear ar do mhéadar cliste agus tá srian ar an rochtain ar shonraí.
Déanfaidh do mhéadar cliste é féin a dhúiseacht gach dhá uair an chloig a bheag nó a mhór chun seiceáil a dhéanamh ar a shláine agus ar an gceangal leis an líonra móibíleach. Seolfaidh sé sonraí isteach maidir le haon leictreachas a ídíodh nó a easpórtáladh chuig an eangach agus, má thagann ar aon deacrachtaí leis an méadar, cruthófar teachtaireacht téacs chriptithe eile agus seolfar sonraí na ndeacrachtaí sin chuig ESB Networks.
Ní fhéadann ESB Networks na sonraí méadair chliste a bhailíonn do mhéadar a úsáid ach amháin chun na críocha sonraithe ina cheadúnais Oibreora Córais Dáileacháin nó de réir mar a shonraítear sa dlí.
Folaíonn sé seo an méid seo a leanas:
Níl rochtain ach ag ESB Networks ar do mhéadar cliste agus ar na sonraí atá air. Lena cinntiú go mbíonn do chuid sonraí slán sábháilte, tá srian docht ar rochtain orthu agus tá an iliomad sraitheanna cibearshlándála in úsáid againn ar ár gcórais TF agus próisis ghnó. Mar shampla, tá cárta SIM taobh istigh de gach méadar cliste agus tá prótacail slándála i bhfeidhm lena chinntiú nach gceadaítear ach do chártaí SIM ceadaithe ceangal leis an líonra slán criptithe móibíleach atá in úsáid ag méadair chliste chun cumarsáid a dhéanamh leis an Ard-Bhonneagar Méadar (AMI). Tá an líonra seo arna oibriú ag Three Ireland Ltd ar son ESB Networks.
Rinneadh tástáil neamhspleách ar na samhlacha sonracha méadar cliste suiteáilte ag ESB Networks ó chur chuig cibearslándála agus tá na córais Ard-Bhonneagar Méadar (AMI) agus na córais eile TF cosanta ag córais slándála tionscalchaigheánach, ballaí dóiteáin san áireamh. Tá na socruithe slándála seo faoi réir tástálacha agus athbhreithnithe rialta.
Is féidir na luachanna tabhaill a léamh ar do mhéadar. Tá físeán faoin gcaoi le do mhéadar a léamh ar fáil anseo.
Ní choinníonn ESB Networks sonraí méadair chliste ach amháin don íostréimhse a theastaíonn do ESB Networks chun cloí lena dhualgais dhlíthiúla i ndáil leis na sonraí sin.
Más rud é go bhfuil tú cláraithe le do sholáthraí ar tharaif chliste atá bunaithe ar eatraimh, coinnítear sonraí maidir leis an úsáid leictreachais ar feadh seacht mbliana chun an Cód um Méadrú reatha a chomhlíonadh. Cód é sin atá eisithe ag an gCoimisiún um Rialáil Fóntas ar gá do ESB Networks (agus soláthraithe leictreachais) cloí leis. I gcás sonraí eile nach n-úsáidtear don bhilleáil, coinnítear iad sin ar feadh dhá bhliain ar a mhéad.
Más rud é nach bhfuil tú cláraithe le do sholáthraí ar tharaif atá bunaithe ar eatraimh, coinnítear do chuid sonraí eatraimh ar feadh dhá bhliain (agus cuirtear ar fáil duit iad ar do chuntas ar líne ESB Networks) sula ndéantar iad a scriosadh. Déantar Sonraí Ionstraimíochta agus Sonraí Teagmhais a choinneáil ar feadh dhá bhliain sula scriostar iad ach amháin i gcás go mbeidh na sonraí de dhíth orainn lenár n-oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh.
Ba i mí Iúil 2012 i dtosach a fógraíodh cinneadh an CRU méadrú cliste a thabhairt isteach do gach custaiméir cónaithe agus custaiméirí gnó níos lú. Rinneadh an cinneadh seo tar éis trialacha cuimsitheacha iompair custaiméirí agus teicneolaíochta agus anailís dhearfach costais is tairbhe, mar a fhoráiltear dó sa Treoir um Éifeachtúlacht Fuinnimh (agus arís sa Tríú Pacáiste Fuinnimh). Le Rialacháin (Éifeachtúlacht Fuinnimh) an Aontais Eorpaigh (a fheidhmíonn an Treoir um Éifeachtúlacht Fuinnimh), tugadh an fhreagracht don CRU méadrú cliste a chur i bhfeidhm in Éirinn. Thug an CRU an Dearadh Ardleibhéil don CNMC i mí Dheireadh Fómhair 2014 chun críche agus chríochnaigh an tsraith mhionsonraithe cinntí beartais a teastaíodh chun éifeacht phraiticiúil a thabhairt don Dearadh Ardleibhéil sin in 2016.
Is gá do ESB Networks sonraí pearsanta ar mhéadair chliste a bhailiú agus a phróiseáil chun freastal ar roinnt dualgais dhlíthiúla atá leagtha ar ESB Networks leis an reachtaíocht agus faoina cheadúnas Oibreora Córais Dáileacháin (DSO).
I.R.37 de 2022, cuid 4.
(1) (a) “tomhaisfidh na córais méadraithe chliste go cruinn an tomhaltas leictreachais iarbhír agus beidh siad in ann faisnéis faoin am úsáide iarbhír a sholáthar don chustaiméir.”
(b) “Déanfar sonraí tomhaltais stairiúil atá bailíochtaithe a chur ar fáil go héasca agus ar bhealach slán agus i bhformáid léirshamhlaithe do na custaiméirí deiridh arna iarraidh sin dóibh agus gan costas breise”.
I dtaca lena Cheadúnas Oibreora Córais Dáileacháin, tá dualgais ar ESB Networks faoi Choinníoll 7 (Brath agus Cosc ar Ghadaíocht Leictreachais), Coinníoll 8 (Seirbhís Clárúcháin Méadarphointe agus an Comhaontú Clárúcháin Méadair) agus Coinníoll 9 (Soláthar Seirbhísí Méadraithe agus Sonraí).
I mí Iúil 2020, shocraigh an CRU, de bhun Choinníoll 9(2) den Cheadúnas DSO, go dtiocfadh na gníomhartha seo a leanas chomh maith faoi scóip na ndualgas leagtha ar ESB Networks faoi Choinníoll 9:
Shocraigh an CRU chomh maith gurb é ESB Networks go heisiach a dhéanfaidh próiseáil ar na sonraí thuasluaite, faoi réir treoir bhreise a fháil:
Mheasúnú Cosanta Sonraí a bhfuil teacht air ach cliceáil ar an nasc seo.