Méadar 24 Uair an Chloig agus Méadar Lae agus Oíche
Cén cineál méadair thí leictreonaigh atá agam?
Leis an gcineál méadair atá agat a aithint, breathnaigh ar an gcur síos ar na cineálacha éagsúla méadair thíos.
Leid Sábháilteachta:
Bí cúramach agus tú ag léamh do mhéadair, go háirithe má tá sé thuas go hard in áit nach bhfuil sé éasca teacht air.

Méadar Diosca Imrothlaigh 24 Uair an Chloig
Breac síos an uimhir atá ar an scáileán ó chlé go deas, gan aird a thabhairt ar aon fhigiúirí atá i ndath dearg nó i mbosca dearg.

Méadar Diosca Imrothlaigh Lae agus Oíche
Breac síos an uimhir a thaispeántar ar gach scáileán ó chlé go deas, gan aird a thabhairt ar aon fhigiúirí atá i ndath dearg nó i mbosca dearg.

Méadair Leictreonacha Thí
Tá clár leictreonach ag méadair leictreonacha, mar aon le scáileán leictreonach amháin is féidir a úsáid le scrollú trí roinnt léamha.
Tuilleadh eolais