Seans go mbeidh seirbhís inslithe líne ag teastáil nuair atá aon chuid den obair seo a leanas á déanamh agat ar d’áitreabh gar do líne chumhachta lastuas de chuid ESB Networks:
Déanann ESB Networks seoltóirí a insliú trí chumhdach sealadach a chur orthu.
I gcás ina gcaithfidh tú insliú líne a fháil, ní mór duit dul i gcomhairle le ESB Networks chun na nithe a leanas a chomhaontú:
Socruithe láthair-shonracha; agus
Bearta rialaithe do gach fadhb a d’fhéadfadh bheith ann.
Mar shampla, má tá sé beartaithe agat scafall a chur in airde, ba cheart duit é sin a chur in iúl dár dteicneoir líonra ar an láthair agus a insint dó nó di cá bhfuil an scafall le lonnú agus cén leithead a bheidh ann, ionas gur féidir lenár dteicneoir líonra fad leordhóthanach de chumhdach sealadach a chur ar an líne chumhachta lastuas.
Is féidir leat an tseirbhís inslithe a iarraidh ach glao ar Ionad Teagmhála Custaiméirí ESB Networks (NCCC) ar 1800 372 757.
Chomh luath agus a bheidh an t-iarratas próiseáilte, déanfaimid gach iarracht an obair a thabhairt chun críche laistigh de 10 lá oibre. Beidh níos mó ama i gceist i limistéir mhóra uirbeacha, áfach, mar sin déan teagmháil linn chomh luath agus is féidir chun fógra a thabhairt dúinn.
Is féidir le ESB Networks cumhdach sealadach a chur ar línte cumhachta ísealvoltais lastuas. Chun obair a dhéanamh cóngarach do línte cumhachta ardvoltais lastuas, mar shampla seoltóirí 10kV nó 20kV, is gá an líne a lascadh as.
Bíonn línte cumhachta ísealvoltais lastuas comhdhéanta de sheoltóir sreinge nocht chomh maith le seoltóir cuachta, de ghnáth. An difríocht atá eatarthu ná go mbíonn sraith thanaí de chumhdach plaisteach ar an seoltóir cuachta. Ní bhíonn insliú ar an seoltóir cuachta, agus d’fhéadfá turraing leictreach a fháil uaidh. Is gá duit teagmháil a dhéanamh linn fós chun socrú a dhéanamh insliú sealadach a chur air.
Má tá cumhdach sealadach curtha ar sheoltóirí línte cumhachta ísealvoltais lastuas, nó má dhealraíonn sé go bhfuil insliú orthu, ní chiallaíonn sé sin go bhfuil sé sábháilte lámh a leagan orthu. Beidh éifeachtacht an chumhdaigh nó an inslithe ag brath ar nithe mar na dálaí aimsire atá ann.
Má dhealraíonn sé go bhfuil damáiste déanta don insliú sin nó má tá sé bogtha as áit, stop an obair go léir taobh istigh de 3 mhéadar ón gcuid a bhfuil damáiste déanta di agus cuir in iúl do ESB Networks láithreach é.