I gcásanna áirithe, beidh ort iarraidh orainn cuaille leictreachais nó líne leictreachais lastuas a bhogadh. Seo a leanas na céimeanna a bheadh i gceist ina leithéid de chásanna:
Faigh léarscáil Suirbhéireachta Ordanáis (scála 1:2500-1:10560) de do shuíomh agus plean mionsonraithe láithreáin (scála 1:100-1:500) a léiríonn leagan amach aon fhoirgneamh nua nó aon fhoirgneamh atá ann cheana féin. Ansin úsáid peann dearg le suíomh cruinn na líne nó an chuaille atá le haistriú a mharcáil.
I gcásanna ina n-éilítear ort cead pleanála a fháil don obair, ní mór duit sonraí faoin gcead sin a chur ar fáil.