Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Loga Nochta SF (Saoráil Faisnéise)

FOI00729

Stádas Ceadaithe go páirteach
Dáta a fhála 11 Aib 2024
Dáta an chinnidh 20 Beal 2024
Catagóir an iarrthóra Cliant
Cur síos ar an iarratas

1.  Taifid ar an sceideal do na hoibreacha cothabhála líonra pleanáilte a bhí le cur i gcrích i gcomharsanacht shráidbhaile na Cluana, Contae Liatroma, idir 8 Eanáir 2024 agus 12 Eanáir 2024. Ar mhaithe leis na taifid a shainaithint, is amhlaidh go ndearnadh na hoibreacha a sceidealú idir na dátaí thuasluaite, cé nárbh é seo an dáta a luadh sa taifead féin.
2.  Taifid de na hoibreacha cothabhála nó deisiúcháin ar fad, bíodh siad pleanáilte nó ná bíodh, a cuireadh i gcrích i gcomharsanacht shráidbhaile na Cluana, Contae Liatroma idir 8 Eanáir 2024 agus 12 Eanáir 2024.
3.  Taifid de na logaí oibre, lena n-áirítear na logaí cothabhála, iontrálacha dialainne nó r-phoist a scríobh aon bhall foirne maidir leis an obair a cuireadh i gcrích i gcomharsanacht shráidbhaile na Cluana, Contae Liatroma idir 8 Eanáir 2024 agus 12 Eanáir 2024.
4. Taifid d’aon rólódáil chumhachta, borradh cumhachta, foláireamh/truicear sábháilteachta a tharla ar líonra soláthair ESB shráidbhaile na Cluana, Contae Liatroma idir 8 Eanáir 2024 agus 12 Eanáir 2024.
5. Taifid d’aon cheannach nó athsholáthar trealaimh a rinneadh don líonra i gcomharsanacht shráidbhaile na Cluana, Contae Liatroma idir 8 Eanáir 2024 agus 12 Eanáir 2024.

FOI00727

Stádas Ceadaithe go páirteach
Dáta a fhála 04 Aib 2024
Dáta an chinnidh 01 Beal 2024
Catagóir an iarrthóra Cliant
Cur síos ar an iarratas

1.  Cóip den fhógra a fuarthas ó Annelie Walsh agus ó ‘ESB Networks Legal’ maidir leis na himeachtaí mar a cheanglaítear faoi Alt 150 den Acht um Rialáil Seirbhísí Dlí, 2015.
2.  Cóip de na Mionnscríbhinní arna gcomhdú ag nó ar son ESB Networks DAC i dtaca le himeachtaí ESB & ESB Networks DAC v Brown san Ardchúirt.
3.  Cóip den Fhógra Foriarratais arna chomhadú ag nó ar son ESB Networks DAC i dtaca le himeachtaí ESB & ESB Networks DAC v Brown san Ardchúirt.
4.  Sonraisc arna n-eisiúint ag Annelie Walsh agus ‘ESB Networks Legal’ do ESB Networks DAC i dtaca leis na himeachtaí.
5.  Sonraisc nó nótaí táille arna n-eisiúint ag an Abhcóide do ESB Networks i dtaca leis na himeachtaí.

FOI00723

Stádas Diúltaithe
Dáta a fhála 29 Márta 2024
Dáta an chinnidh 11 Aib 2024
Catagóir an iarrthóra Oireachtas
Cur síos ar an iarratas

1.  Miontuairiscí de chruinnithe lucht bainistíochta ESB idir 2023 agus 2024 i dtaca leis an nGaorthadh;
2.  Dréachtphlean bainistíochta ESB don Ghaorthadh.

FOI00722

Stádas Ceadaithe go páirteach
Dáta a fhála 26 Márta 2024
Dáta an chinnidh 15 Aib 2024
Catagóir an iarrthóra Cliant
Cur síos ar an iarratas

Cóipeanna den cháipéisíocht, de na treoracha don fhoireann, de na meamraim, sceidil “inmheánacha” srl., lena gceanglaítear ar an bhfoireann tuairiscí a chur isteach (agus cén cineál faisnéise a bhailiú lena cur isteach) chuig comhlachtaí Stáit, faisnéis a shainaithníonn maoine folmha bunaithe ar úsáid leictreachais sna maoine sin, de réir reachtaíocht den sórt sin a éilíonn a leithéid d’fhaisnéis a chur isteach. Bheadh sé ina chúnamh cóip de na tuairiscí seo a fháil - ach gan AON aitheantas úsáideora a bheith leo, dar ndóigh, d’fhonn a bheith comhlíontach le RGCS. 

Tá mé sásta m’iarratas a leasú dá sábhálfadh sin am oraibh ach, mar sin féin, ba mhaith liom freagra a fháil ar na príomhcheisteanna seo.  

CEISTEANNA: Tuigtear dom go dtugann do chuideachta/ghnólacht/eagraíocht comhairle do chomhlacht stáit nuair atá an chosúlacht ann go bhfuil an soláthar méadraithe gan úsáid, rud a thugann le fios go bhfuil Teach Folamh ann, rud is cúis le Muirir Cháin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) phionósacha a ghearradh. Dá bhrí sin, ba mhaith liom na nithe seo a leanas a dheimhniú: 1. An gcuireann sibh a leithéid d’fhaisnéis ar fáil nuair a thiteann an leibhéal úsáide faoi leibhéal áirithe ? 

2. Más amhlaidh gur “TÁ” an freagra, ba mhaith liom a fháil amach:

2.1 céard é an leibhéal áirithe sin (arna shainiú de réir aonad tomhais) 2.2 cén tréimhse ama a bhaineann leis sin (i.e. arna thomhas thar thréimhse aon mhíosa amháin ? 3 mhí ? cé mhéad ama ?)

2.3 ainm an chomhlachta stáit a chuirtear na tuairiscí isteach chuige (na Coimisinéirí Ioncaim, an Roinn Tithíochta, eile ?)

2.4 má tá reachtaíocht shainiúil ann a éilíonn oraibh sin a dhéanamh, agus más amhlaidh go bhfuil

2.5 céard é ainm na reachtaíochta sainiúil seo (cén tAcht atá i gceist ?)

2.6 De réir fhorálacha reachtaíocht RGCS, an amhlaidh go sáraíonn sé seo an reachtaíocht sin?

 3 Céard é an “leibhéal áirithe” (féach ceist 1 thuas), sa chás ina sárófar an leibhéal, nach mbeadh oraibh tuairisc den chineál sin le cur isteach ina leith.

FOI00716

Stádas Ceadaithe
Dáta a fhála 14 Márta 2024
Dáta an chinnidh 03 Aib 2024
Catagóir an iarrthóra Gnólacht / Grúpa sainleasa
Cur síos ar an iarratas

Caithfidh go bhfuil comhaontú oibríochtaí ann a chlúdaíonn na seirbhísí ginearálta ar fad lena n-áirítear seirbhísí DPO? Is ceanglas é seo de chuid an cheadúnais DSO, má thuigim i gceart é.  An bhféadfadh sibh cóip den Chomhaontú/de na Comhaontuithe Oibríochtaí a sheoladh chugam?

FOI00717

Stádas Diúltaithe
Dáta a fhála 14 Márta 2024
Dáta an chinnidh 03 Aib 2024
Catagóir an iarrthóra Gnólacht / Grúpa sainleasa
Cur síos ar an iarratas

Miontuairiscí de na cruinnithe ar fad a tharla idir ESB Networks/EirGrid agus Clonberne Windfarm Ltd/MKO agus aon ghrúpa gaolmhar eile maidir le hiarratas ar chead pleanála (uimhir thagartha: 2460230) atá curtha isteach ag ESB Networks le Comhairle Contae na Gaillimhe i dtaca le forbairt líne chumhachta lastuas (OHL) a rachaidh ó Ghleann na Madadh go Cluain Eascrach. Mar chuid den fhorbairt bheartaithe seo cuirfear in airde 179 cuaille, suas go dtí 18 méadar ar airde, ar feadh roinnt bailte fearainn i réigiún Thuaisceart na Gaillimhe. Ba mhaith liom rochtain a fháil ar mhiontuairiscí na gcruinnithe ar fad a tharla idir ESB Networks/EirGrid agus Clonberne Windfarm Ltd/MKO i dtaca leis an ábhar seo.

FOI00707

Stádas Diúltaithe
Dáta a fhála 21 Feabh 2024
Dáta an chinnidh 08 Márta 2024
Catagóir an iarrthóra Cliant
Cur síos ar an iarratas

Iarratas ar chóip d’aon chomhaontú nó mheamram maidir le fáil nó soláthar sheirbhísí oifigeach cosanta sonraí do ESB Networks.

FOI00710

Stádas Ceadaithe go páirteach
Dáta a fhála 07 Feabh 2024
Dáta an chinnidh 22 Márta 2024
Catagóir an iarrthóra Cliant
Cur síos ar an iarratas

Baineann an t-iarratas seo le dátaí oscailte na luchtairí feithicle atá faoi úinéireacht agus á n-oibriú ag ESB. Féach leis seo liosta pdf de na luchtairí atá á n-oibriú ag ESB, eolas a fuair mé ó shuíomh gréasáin ESB ecars. Ag glacadh leis gurb é seo an liosta de phointí athluchtaithe reatha agus stairiúla ESB, táim ag lorg eolais maidir leis na dátaí ar ar osclaíodh na pointí sin. Is leor an bhliain inar osclaíodh an pointe athluchtaithe sa chás seo. Creidim go dtagann an t-iarratas seo faoi choinníoll 9 den Fhoráil um Sheirbhísí Méadraithe agus Sonraí d’oibríochtaí an Oibritheora Córais Dáilte ceadúnaithe.

FOI00699

Stádas Ceadaithe go páirteach
Dáta a fhála 01 Feabh 2024
Dáta an chinnidh 01 Márta 2024
Catagóir an iarrthóra Cliant
Cur síos ar an iarratas

An Nós Imeachta Láimhseála Gearán ag tagairt don Cheadúnas Oibritheora Córais Dáilte, luaitear “An Nós Imeachta Láimhseála Gearán” i ‘gCoinníoll 15’ agus ‘Coinníoll 16’ de Cheadúnas.  Dá bhrí sin, tá an Nós Imeachta Láimhseála Gearán faoi réir ‘phróiseas athbhreithnithe leanúnach’. Tá Doiciméad maidir leis an Próiseas Láimhseála Gearán ann. (Mar ‘thús’.) Dá bhrí sin, déantar Athbhreithnithe Tréimhsiúla ar an Doiciméad seo.  De réir ESBN, an ceadúnaí. Más cuí Leasuithe / Athbhreithnithe a dhéanamh, déantar iad seo a chur in iúl don Choimisiún um Rialáil Fóntais (CRU). Féadfaidh an CRU aon Leasuithe / Athbhreithnithe a cheadú. Déantar an Doiciméad maidir leis an Nós Imeachta Láimhseála Gearán a nuashonrú agus a fhoilsiú. Agus, de ghrá na simplíochta, d’fhéadfaí an ‘Próiseas Athbhreithnithe leanúnach’ a chur i bhfoirm tábla. Seo na Sonraí / Taifid a bhfuil mé á lorg. Na sonraí is féidir liom a chur isteach sa ‘Tábla’. Agus na Taifid a ‘thacaíonn’ leis na Sonraí sin. Chomh maith leis na Doiciméid reatha maidir leis an Nós Imeachta Láimhseála Gearán, fad agus atá siad á ‘nuashonrú’ / n-athbhreithniú agaibh. (i.e. Leagan 1, Leagan 2, Leagan 3, srl.) Dáta tosaigh’?

Mar sin, is ionann an Tréimhse a bhfuil Sonraí á iarraidh di agus 21 Aibreán 2008 go dtí an lá atá inniu ann (Feabhra 2024)

FOI00696

Stádas Rinneadh an t-iarratas seo a láimhseáil taobh amuigh den phróiseas saorála faisnéise/Tarraingthe siar
Dáta a fhála 23 Ean 2024
Dáta an chinnidh 12 Feabh 2024
Catagóir an iarrthóra Gnólacht / Grúpa sainleasa
Cur síos ar an iarratas

Táim ag lorg eolais maidir le cé mhéad iarratas neamhthráchtála (NC) NC6, NC7, NC8 agus NC5 a fuair ESB Networks in Éirinn gach bliain ó 2021 i leith. Chomh maith leis sin, ba mhaith liom a fháil amach cén iomlán KWp a bhí ann de réir gach iarratas NC6, NC7, NC8 agus NC5 a cuireadh i gcrích thar an tréimhse sin in Éirinn. Tuigim nach raibh cuid de na scéimeanna NC seo gníomhach i gcaitheamh roinnt de na blianta seo. Mar sin, ní gá ach luach ‘0’ a thuairisciú do na blianta sin. Ar mhiste libh an fhaisnéis sin a chur isteach sa tábla thíos?