Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Loga Nochta SF (Saoráil Faisnéise)

FOI00642

Stádas Diúltaithe
Dáta a fhála 15 MFómh 2023
Dáta an chinnidh 06 DFómh 2023
Catagóir an iarrthóra Cliant
Cur síos ar an iarratas

Ainmneacha na gconraitheoirí príobháideacha a d’fhostaigh ESBN chun seirbhísí gearrtha crann srl a sholáthar i Sligeach agus i Liatroim ón tréimhse 01/01/2018 go nuige seo.

FOI00641

Stádas Diúltaithe
Dáta a fhála 13 MFómh 2023
Dáta an chinnidh 22 MFómh 2023
Catagóir an iarrthóra Gnólacht / Grúpa sainleasa
Cur síos ar an iarratas

Mar fhreagra ar ríomhphost roimhe seo cheadaigh an ESB rochtain ar chlár naisc i bhforbairt Ghleann na Muilleoirí, Sord/An Seanbhaile. Bhí an tábla sin cothrom le dáta go dtí deireadh mhí Dheireadh Fómhair, 2020. Ó cuireadh an tábla sin le chéile, tá na céadta tithe eile tar éis a bheith nasctha leis an eangach. Díoladh na ceantair níos nuaí faoi na hainmneacha Longview, Meadowbank agus le déanaí West Mill. Táimid ag lorg eolais maidir le líon iomlán na dtithe atá nasctha le heangach ESB ó cuireadh tús le forbairt Gannon Homes ach níl tábla thar a bheith mionsonraithe de dhíth orainn. An féidir na sonraí sin maidir le hiomlán na nasc nua a iarraidh? Baineann ár n-iarraidh leis an limistéar ó dheas den R125 - lastuaidh d'Abhainn an Mhóinéir Leathain - soir ó shíneadh Bhóthar Ghleann Eilín/ Radharc an Chaisleáin.

FOI00639

Stádas Ceadaithe go páirteach
Dáta a fhála 12 MFómh 2023
Dáta an chinnidh 02 DFómh 2023
Catagóir an iarrthóra Cliant
Cur síos ar an iarratas

In 2018, cheadaigh an Bord Pleanála TA04.301197. Forbairt tithíochta ar bhóthar L3004 i nGleanntán a bhí i gceist. Mar chuid den cheadú, bhí an forbróir (O'Mahony Developments, Clash, Corcaigh T45 S382) chun lána rothar a sholáthar ón bhforbairt (Harper's Creek) go stáisiún traenach an Ghleanntáin. Bhí soilsiú le cur ar fáil feadh an lána rothar chomh maith le dhá thrasrian do choisithe (Túcánach). Rinneadh an rotharbhealach agus an trasrian ag Harper’s Creek a sholáthar agus tá siad lánfheidhmeach. Rinneadh an trasrian eile ag an stáisiún traenach a sholáthar freisin agus níor cuireadh i bhfeidhm riamh é toisc nach bhfuil aon soláthar leictreachais ann.

Ba mhaith liom a fháil amach cén fáth atá leis seo. Chuige sin ba mhaith liom an fhaisnéis seo a leanas ón 1 Eanáir 2018 go dtí an 31 Lúnasa 2023 a iarraidh oraibh.

  1. Cóipeanna de gach cineál cumarsáide ar féidir a léamh, a fheiceáil nó éisteacht leis idir ESB agus O'Mahony Developments maidir le soláthar leictreachais feadh an rotharbhealaigh agus na trasrianta
  2. Cóipeanna de gach cineál cumarsáide ar féidir a léamh, a fheiceáil nó éisteacht leis idir ESB agus O'Mahony Developments maidir le soláthar leictreachais feadh an rotharbhealaigh agus na trasrianta.

FOI00637

Stádas Ceadaithe go páirteach
Dáta a fhála 09 MFómh 2023
Dáta an chinnidh 21 MFómh 2023
Catagóir an iarrthóra Cliant
Cur síos ar an iarratas

Seo a leanas an t-ábhar atá uaim

  • Cumarsáid idir an ESB agus club CLG Mhóin an Lín maidir le bogadh línte cumhachta de réir iarratas pleanála údaráis áitiúil 23336.
  • Taifid ar aon chruinnithe a reáchtáladh idir ESB agus club CLG Mhóin an Lín maidir leis an athrú pleanáilte sin ar shuíomh na línte cumhachta

FOI00628

Stádas Ceadaithe
Dáta a fhála 07 MFómh 2023
Dáta an chinnidh 13 MFómh 2023
Catagóir an iarrthóra Cliant
Cur síos ar an iarratas

Faoin Acht táim ag lorg eolais maidir le hoibriú Líonra Dáileacháin Cumhachta na Glaise Móire ag na dátaí agus amanna 0300 Dé hAoine 18 Lúnasa go dtí 1900 Dé Domhnaigh 20 Lúnasa 2023. Chomh maith leis sin, táim ag lorg eolais don tréimhse thar an tsaoire bainc, an 6, 7 agus 8 Lúnasa 2023, nuair a tharla gearradh cumhachta freisin. Tuigim gur mhair na gearrthacha seo tamall fada, ach níl uaim ach an t-eolas seo a leanas: Cé mhéad de na custaiméirí a bhí buailte ag na gearrthacha a raibh orthu “Athshocrú Láimhe” a dhéanamh ag baint úsáide as lasc thuisleach - lasc scoite chun an cumhacht a aischur? Bheadh faisnéise atá clúdaithe faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 ag teastáil uaim; faisnéis maidir le hamanna agus dátaí na ngearrthacha cumhachta a tharla i Líonra na Glaise Móire Móire, gearrthacha cumhachta a bhuail baile Lusca agus ceantair imeallacha amhail Baile Risteaird, An Bhoth Fhuar, an Baile Gaelach agus Baile Locha. Ba mhaith liom a fháil amach cén uair a rinneadh an chumhacht a aischur tar éis don innealtóir teacht amach agus an lasc a bhrú ar ais ina áit.

FOI10457

Stádas Diúltaithe
Dáta a fhála 05 MFómh 2023
Dáta an chinnidh 08 MFómh 2023
Catagóir an iarrthóra Oireachtas
Cur síos ar an iarratas

Ba mhaith liom taifid a iarraidh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014:

  • Miontuairiscí Bhord ESB ó Iúil go Samhain 2009.
  • Aon chomhfhreagras idir an tAire ag an am nó an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha Eamon Ryan agus Bord ESB idir Iúil agus Samhain 2009.

FOI00626

Stádas Diúltaithe
Dáta a fhála 21 Lún 2023
Dáta an chinnidh 31 Lún 2023
Catagóir an iarrthóra Cliant
Cur síos ar an iarratas
  • Má úsáideann sibh réiteach Bainistíochta Seirbhíse TF (ar a dtugtar freisin ITSM), ba mhaith liom a fháil amach cén réiteach a úsáideann sibh faoi láthair? (mar shampla: ServiceNow, BMC, Freshworks, 4ME, Hornbill, ManageEngine, Ivanti srl) Tabhair ainm an ardáin le do thoil.
  • Más féidir, tabhair ainm an réitigh a úsáideadh roimhe seo agus an chúis lena athrú.
  • Cathain a bheidh an conradh leis an ITSM reatha le hathnuachan? Cuir in iúl an mhí/bhliain le do thoil.
  • Cén soláthraí seirbhísí gairmiúla agus bainistithe ardáin ITSM atá agaibh faoi láthair (más amhlaidh go bhfuil a leithéid agaibh)?
  • Más amhlaidh go ndéantar é seo a bhainistiú go hinmheánach, deimhnigh é seo le bhur dtoil.
  • Cé mhéad ceadúnas úsáideora atá agaibh don ardán ITSM a úsáideann sibh?
  • Cé hé/hí an príomhtheagmhálaí do Sheirbhísí TF laistigh den eagraíocht? i.e. Stiúrthóir TF nó Ceann Soláthar Seirbhíse. Tabhair a s(h)onraí Linkedin nó cibé sonraí teagmhála atá ar fáil (nuair is cuí).

FOI00631

Stádas Diúltaithe
Dáta a fhála 21 Lún 2023
Dáta an chinnidh 06 MFómh 2023
Catagóir an iarrthóra Cliant
Cur síos ar an iarratas

Cóipeanna de shonraisc a bhaineann le seirbhísí tástála neamhscriosacha (NDT) a cuireadh ar fáil do ESB dar dáta ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 25 Lúnasa 2023.

FOI00625

Stádas Ceadaithe go páirteach
Dáta a fhála 15 Lún 2023
Dáta an chinnidh 05 MFómh 2023
Catagóir an iarrthóra Gnólacht / Grúpa sainleasa
Cur síos ar an iarratas

Iarraim cóip de chomhfhreagras/ríomhphoist/tuairiscí/taifid cruinnithe a bhaineann le fostaithe Chomhairle Cathrach Chorcaí agus/nó le fostaithe Chomhairle Cathrach Chorcaí agus/nó ionadaí tofa Chomhairle Cathrach Chorcaí, CField Construction agus/nó a fostaithe, BMor Developments, Allumcrest Limited agus aon ionadaí breise. daoine/páirtithe maidir le soláthar leictreachais ag Eastát Lios Cara, Na Cillíní, Corcaigh.  Taifid ón mbliain 2018 go dtí an lá inniu (14 Lúnasa 2023). Is féidir faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de maidir leis na nithe thuas a chur in eagar nuair is cuí.

FOI00623

Stádas Diúltaithe
Dáta a fhála 09 Lún 2023
Dáta an chinnidh 15 Lún 2023
Catagóir an iarrthóra Gnólacht / Grúpa sainleasa
Cur síos ar an iarratas

Táim ag lorg eolais faoi na hAchtanna um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol agus um Shaoráil Faisnéise faoi aon chineál cumarsáide, lena n-áirítear cruinnithe, ríomhphoist agus comhráite gutháin, a tharla idir ESB Networks DSO agus Ballycar Green Energy https://ballycargreenenergy.ie/ maidir le forbairt fheirm gaoithe 12 tuirbín atá beartaithe i Míleac, Co. an Chláir. Ba mhaith liom an fhaisnéis ábhartha ar fad a fháil chomh luath agus is féidir, le do thoil, maidir leis an mbealach atá molta do cháblaí tarchurtha, os cionn talún nó faoi thalamh, chomh maith le heolas a fháil faoi leagan crann, an scála ama atá i gceist leis an tionscadal, agus cé chomh fada chun cinn atá pleanáil an ghréasáin dáileacháin don tionscadal seo.  Ar cuireadh tús le hiarratas ECP?