Faoi shocruithe rialála arna bhfaomhadh ag an gCoimisiún um Rialáil Fóntas (CRU), is iad baill foirne de chuid ESB atá sannta d’aonad gnó ESB Networks, arna bhainistiú ag ESB Networks CGA (fochuideachta de chuid ESB), a dhéanann feidhmeanna ceadúnaithe ESB a chomhlíonadh mar úinéir na líonraí tarchurtha agus dáilte in Éirinn (Úinéir na Sócmhainní Tarchurtha agus Úinéir na Sócmhainní Dáilte). Comhlíonann aonad gnó ESB Networks feidhmeanna ESB Networks CGA mar an tOibritheoir Ceadúnaithe Córais Dáilte, leis.
Tá tuilleadh eolais agus íoslódálacha dár gceadúnais, dár gcóid agus dár mbeartais leagtha amach thíos:
Deartar rialuithe inmheánacha chun a chinntiú go ndéantar na rudaí cearta, ar na cúiseanna cearta, ar an mbealach ceart, agus ag an am ceart. Ceaptar iad chun dearbhú réasúnta a thabhairt go ndéantar rioscaí a bhainistiú go cuí, agus go mbaintear cuspóirí amach. Déantar é seo trí bheartais, nósanna imeachta, treoirlínte oibriúcháin, treoracha, córais faisnéise agus próisis mhonatóireachta agus tuairiscithe.
Cé atá freagrach as Córas Rialaithe Inmheánaigh ESB Networks?
Tá freagracht iomlán ar Bhord ESB Networks CGA as athbhreithniú a dhéanamh ar bhonn bliantúil ar chóras rialuithe inmheánacha na Cuideachta (lena n-áirítear rialuithe airgeadais), agus as monatóireacht a dhéanamh ar a n-éifeachtúlacht.
Rialú Inmheánach
Tá an córas rialaithe inmheánaigh deartha chun cinnteacht réasúnta, ach ní ráthaíocht iomlán, a thabhairt i gcoinne riosca de mhíráitis ábhartha nó caillteanas. Chun a chinntiú go gcomhlíonann na rialuithe inmheánacha an reachtaíocht agus na rialacháin, tá struchtúr eagraíochtúil bunaithe lena mbaineann nósanna imeachta soiléire oibriúcháin agus tuairiscithe, línte freagrachta, teorainneacha údaraithe, leithscaradh dualgas agus údarás tarmligthe.
Creat Rialuithe Inmheánacha ESB Networks
Áirítear na nithe seo a leanas inár gcreat;
Monatóireacht ar Rialú Inmheánach
Déanann niúchadh Inmheánach Ghrúpa BSL athbhreithniú córasach ar na rialuithe seo. Sna hathbhreithnithe seo, cuirtear béim ar na réimsí is mó riosca. Cinntíonn Bord ESB Networks CGA go bhfuil córas éifeachtach rialaithe inmheánaigh i bhfeidhm ar a ndéantar athbhreithniú agus monatóireacht ar bhonn rialta. Áirítear na nithe seo a leanas sa phróiseas a dhéanann athbhreithniú ar éifeachtúlacht an chórais rialaithe inmheánaigh:
Athbhreithniú a dhéanamh ar thuarascálacha an iniúchóra sheachtraigh ina leagtar amach sonraí de shaincheisteanna rialaithe suntasacha a aithníodh, ag éirí as a chuid oibre mar iniúchóir.
Tá bainistíocht riosca éifeachtach ríthábhachtach chun cuspóirí straitéiseacha ESB Networks a bhaint amach agus fás inbhuanaithe fadtéarmach an ghnó a chinntiú. I bhfianaise na n-athruithe gasta atá ar siúl in ESB Networks, tá sé níos tábhachtaí fós athmheasúnú a dhéanamh ar na rioscaí ar bhonn leanúnach agus straitéisí soiléire a chur i bhfeidhm chun iad a bhainistiú. Tá freagracht iomlán ar Bhord ESB Networks CGA as cur chuige ESB Networks i leith riosca, d’fhonn é féin a shásamh go bhfuil na córais bhainistíochta riosca a úsáidtear láidir agus inchosanta.
Go sonrach, tá Bord ESB Networks CGA freagrach as:
Is mian le Bord DAC ESB Networks a chinntiú go bhfuil scileanna agus inniúlachtaí bainistíochta riosca leodhóthanach ar fáil sa ghnó agus go mbaintear leas as eolas agus taithí na foirne ar fad in ESB Networks a thuigeann na rioscaí a bhaineann le hoibríochtaí.
Tá sé ina bheartas ag BSL feidhm Iniúchta Inmheánaigh Ghrúpa BSL a fheidhmíonn de réir na gcaighdeán idirnáisiúnta is fearr a chur i bhfeidhm, agus tacaíocht a thabhairt di. Is feidhm neamhspleách oibiachtúil dearbhaithe agus chomhairliúcháin é Iniúchadh Inmheánach Ghrúpa BSL a bhfuil sé de chúram uirthi athbhreithniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na cuideachta thar gach réimse laistigh de Ghrúpa BSL, lena n-áirítear ESB Networks. Úsáideann Bord agus bainistíocht ESB Networks CGA an tseirbhís seo chun éifeachtacht na bpróiseas bainistíochta riosca, rialaithe agus rialachais in ESB Networks a mheas agus a fheabhsú. Tuairiscíonn Iniúchadh Inmheánach Ghrúpa BSL do Bhord ESB Networks CGA dhá uair sa bhliain maidir le stádas na saincheisteanna a ardaíodh roimhe sin óna dtuarascálacha féin agus ó thuarascálacha na n-iniúchóirí seachtracha.
Gníomhaíochtaí Brústocaireachta
I gcomhréir le Luachanna ESB Networks, déanaimid ár ndícheall oibriú ar bhealach a léiríonn ár gcuid ionracais, ag cloí le dlíthe agus rialacháin na hÉireann i gcónaí. Tá ESB Networks tiomanta dár ngníomhaíochtaí a dhéanamh ar bhealach oscailte trédhearcach.
Socruithe Trédhearcachta in Éirinn
Tá gníomhaíochtaí brústocaireachta in Éirinn faoi rialú ag an Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015 (“an tAcht”). Agus é ina chuideachta thráchtála leathstáit, bíonn ESB Networks i dteagmháil go rialta le reachtóirí agus le hoifigigh phoiblí eile maidir le hábhair a mbíonn tionchar acu ar ár ngnó. Má ghlacann ESB Networks páirt i ngníomhaíochtaí brústocaireachta ar gá iad a nochtadh faoin Acht, tugtar faoi na gníomhaíochtaí sin ar bhealach trédhearcach agus de réir cheanglais an Achta. Tá ESB Networks, mar chuid de Ghrúpa BSL, tar éis clárú leis an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí agus déantar sonraí faoi ghníomhaíochtaí brústocaireachta ESB Networks a thuairisciú agus a chur ar fáil go poiblí trí chlár brústocaireachta an Choimisiúin um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí.
Trédhearcacht agus an AE
Ar leibhéal an AE, tá oibleagáidí trédhearcachta ar leith i bhfeidhm. Faoi na hoibleagáidí seo, éilítear ar eagraíocht clárú ar Chlár Trédhearcachta an AE más mian le lucht na heagraíochta sin tionchar a imirt ar cheapadh nó ar chur chun feidhme bheartais agus phróisis cinnteoireachta institiúidí an AE, agus má thugann an eagraíocht faoi aon cheann de na gníomhaíochtaí ábhartha. Chláraigh ESB Networks, mar chuid de Ghrúpa BSL, ar Chlár Trédhearcachta an AE agus mar sin, nochtar ar ardán an AE clár oibre teagmhálacha ar bith a bhíonn ann le hionadaithe ábhartha an AE, agus cuirtear aighneachtaí comhairliúcháin AE ar fáil chomh maith maidir le maoiniú nó deontas ar bith a fhaightear ar bhonn bliantúil.
In ESB Networks, is mór againn do phríobháideachas agus táimid tiomanta go hiomlán do do chuid faisnéise a choinneáil príobháideach. Ó thaobh faisnéis phearsanta a sholáthar agus a choinneáil, tá cearta suntasacha agatsa mar aon le freagrachtaí suntasacha a bheith orainne.
Tá sé tábhachtach go bhfuil a fhios agat go díreach mar a dhéanaimid leis an bhfaisnéis phearsanta a chuireann tú féin agus daoine eile ar fáil dúinn, na cúiseanna a bhailímid í agus an bealach a théann sé go léir i bhfeidhm ortsa. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi a ndéanann ESB Networks do shonraí pearsanta a bhainistiú, féach ar an mír Cosaint Sonraí ar shuíomh gréasáin ESB Networks.
Más mian leat cóip de do shonraí a fháil, comhlánaigh iarratas agus cuir isteach é trínár bhfoirm iarratais ar líne.
Sonraí Teagmhála an Oifigigh Chosanta Sonraí:
Rialacháin CE (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2014 – 2018
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol, féach ar an gcéad leathanach eile ar ár suíomh gréasáin Iarratais ar Fhaisnéis Chomhshaoi.
Saoráil faisnéise
Baineann an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014 le ESB Networks CGA ina cháil mar Oibreoir Ceadúnaithe an Chórais Dáileacháin (DSO). Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, tá sé de cheart ag daoine rochtain a iarraidh ar thaifid atá á coinneáil ag ESB Networks CGA nó thar ceann ESB Networks CGA faoin gceadúnas DSO. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le Saoráil Faisnéise agus conas iarratas a dhéanamh, féach ar an gcéad leathanach eile ar ár suíomh gréasáin ESB Networks agus an tSaoráil Faisnéise.