Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Tuairiscigh gearradh cumhachta

Technician on a pole

Céard ba cheart duit a dhéanamh má tá teipthe ar do sholáthar leictreachais? 

Má tá teipthe ar do sholáthar leictreachais, seiceáil ar dtús an é d’áit chónaithe féin atá gan chumhacht nó an bhfuil fabht sa cheantar go léir. Is féidir leat dul chuig PowerCheck lena fháil amach cé na fabhtanna agus na grúpaí fabhtanna atá ar eolas ag ár bhfoireann innealtóirí agus cé na gearrthacha beartaithe atá i ngníomh. Le príobháid faisnéise a chinntiú agus le tú a aithint ar ár líonra, beidh ort d’Éirchód agus uimhir fóin nó do MPRN 11 digit a bheith agat, chomh maith leis an ainm nó an uimhir fóin a bhaineann le do chuntas. 

 

Map of Ireland showing power status

Céard ba cheart duit a dhéanamh mura bhfuil d’fhabht sa liosta ar PowerCheck?

Tuairiscigh fabht

Céard ba cheart a dhéanamh sna cásanna seo…

Níl aon chumhacht ag mo chomharsana ach oiread

Más rud é go bhfuil na comharsana as cumhacht fosta, téigh chuig Powercheck chun faisnéis fíor-ama a fháil maidir le gearrthacha cumhachta. Mura bhfuil do cheantar féin sa liosta, is féidir an fhabht a thuairisciú ar líne nó glao a chur ar 1800 372 999 nó +353 21 2382410

Tabhair do d'aire: Luaigh an MPRN más féidir.

Tá leictreachas na gcomharsan go fóill ag feidhmiú

Más rud é go bhfuil an leictreachas go fóill ag feidhmiú i dteach na gcomharsan, nó mura bhfuil tú ábalta labhairt leo leis an gcás a phlé leo, beidh ort an lasc thuisleach a sheiceáil féachaint an bhfuil sí casta ar obair nó an bhfuil na fiúsanna séidte.

Más rud é gur fadhb leis an sreangú féin is cúis leis an bhfadhb, ní bheidh ESB Networks ábalta sin a dheisiú.


Má tá an lasc thuisleach tuislithe nó má tá fiús séidte ann, múch gach gléas sula ndéanfaidh tú an lasc a athshocrú nó fiús nua a chur isteach. Amharc ar an bhfíseán thuas faoi na nithe ba cheart duit a dhéanamh má bhíonn gearradh cumhachta ann.

Más rud é go bhfuil caibinéad an mhéadair suite taobh amuigh agus má tá scoradán ciorcaid ann, bí cinnte go bhfuil an lasc socraithe mar is ceart. Déantar scoradáin chiorcaid a shuiteáil i ngach teach cónaithe atá tógtha ó 2010 ar aghaidh. Bíonn an scoradán ciorcaid i gcaibinéad an mhéadair. Is é an bosca ar thaobh na láimhe deise é: 

Image of Meter in outside cabinet with Circuit Breaker

 


Tar éis duit na nithe sin go léir a sheiceáil, má bhíonn an chumhacht imithe go fóill is féidir teagmháil a dhéanamh linn ar 1800 372 999 nó +353 21 2382410. Luaigh an MPRN más féidir. 

Tá méadar íoc-mar-a-úsáidtear agam agus tá an chumhacht imithe

Féach an bhfuil an creidmheas éigeandála ann caite. Más rud é go bhfuil, beidh ort breis creidmheasa a fháil.

Mura bhfuil an creidmheas caite, féach na lasca tuisleacha agus na fiúsanna. Má bhíonn an chumhacht fós as, cuir glao ar 1800 372 999 nó +353 21 2382410. Luaigh an MPRN más féidir. 

Eolas eile uait? Táimid anseo le cabhrú leat.

Ar aghaidh chuig Tacaíocht do chustaiméirí