Sonraí pobail

Faigh amach conas atá do phobal féin ag feidhmiú i gcomparáid le pobail eile ar fud na tíre
- Tá céimeanna á nglacadh ag tithe, gnólachtaí agus eagraíochtaí ar fud na tíre i dtreo todhchaí níos inbhuanaithe ó thaobh leictreachais de.
- Tá cuid de na staitisticí is tábhachtaí ar fáil anseo maidir leis an ról atá á chomhlíonadh ag gach pobal. Roghnaigh an contae is mian leat a fheiceáil ón roghchlár anuas atá thíos faoi seo. Chomh maith leis sin, tá eolas ar éileamh, giniúint agus rannpháirtíocht gach contae i dtionscnaimh sholúbthachta ESB Networks. Gheobhaidh tú eolas chomh maith ar na spriocanna solúbthachta a bhfuiltear ag súil leo do gach contae sna blianta amach romhainn.
- Coinnigh súil ar an leathanach seo sna míonna amach romhainn toisc go mbeidh an t‑eolas á nuashonrú againn agus beidh tú in ann rianú a dhéanamh ar dhul chun cinn do chontae agus é a chur i gcomparáid le contaetha eile.
Rangú maidir le fuinneamh in‑athnuaite
- Roghnaigh contae thíos lena chur i gcomparáid le contaetha eile in Éirinn. Tá gach contae rangaithe idir 1 agus 26 bunaithe ar a meascán fuinnimh in‑athnuaite.
- Feicfidh tú staitisticí ar an éileamh, an táirge solúbtha agus uasdátú teicneolaíochta. Cuirtear an t‑eolas sin go léir le chéile le scór a thabhairt don chontae.
- Déantar an rangú seo a nuashonrú ar bhonn míosúla.
An chiall atá leis na dathanna
- Dearg - Má bhíonn dath dearg ar na huimhreacha, sin nuair atá na torthaí sa chontae sin níos measa ná an meánráta náisiúnta.
- Glas - Beidh dath glas ar na huimhreacha in áiteanna a bhfuil na torthaí sa chontae sin chomh maith leis an meánráta náisiúnta nó níos fearr ná é.
County ranking
Each county is ranked between 1 and 26 based on their renewable energy mix.
Energy demand
County has Low Demand, compared to the average community in Ireland.
Uptake in flexible products
0 people in this county responded to the latest national event as part of our domestic ‘Is This a Good Time?’.
Technology uptake
For more info on flexible technology uptake in your area, please visit the SEAI website here.