Réamhaisnéis fuinnimh in‑athnuaite

Réamhaisnéis fuinnimh in‑athnuaite na seachtaine seo
- Is féidir fuinneamh in‑athnuaite a ghiniúint nuair a bhíonn an aimsir gaofar nó grianmhar. Cuidiú atá sa ghiniúint in‑athnuaite sin le laghdú a bhaint amach ar an ídiú leictreachais ó bhreoslaí iontaise.
- Má fhéachaimid ar réamhaisnéis na haimsire, feicfimid na hamanna ab fhearr le fearais tí atá trom ar leictreachas a úsáid leis an leas is fearr a bhaint as an bhfuinneamh in‑athnuaite. Tuigimid nach féidir i gcónaí an t‑am a úsáideann tú na fearais tí a athrú, ach nuair is féidir, tá súil againn gur uirlis áisiúil agat an uirlis seo. Is fíor sin go speisialta i gcás teaghlaigh a bhfuil grianphainéil PV suiteáilte acu.
- Léigh réamhaisnéis na seachtaine seo d’Éirinn go bhfeicfidh tú na hamanna is fearr le leictreachas a úsáid.
Sonraí aimsire
- Roghnaigh an contae cuí ón roghchlár anuas (thíos) go bhfeicfidh tú an réamhaisnéis don seachtain atá romhainn.
- Léiríonn an dathchód cibé an am maith é do chuid fearas tí a úsáid.
- Glas: Am maith.
- Ómra: Seans gur fearr am eile.
- Dearg: Ní am maith é.
- Tá réamhaisnéis gach lae roinnte idir maidin (7am – meán lae), iarnóin (12pm – 4pm), tráthnóna (4pm – 8pm) agus oíche (8pm – 7am).
Monday,
23




Tuesday,
24




Wednesday,
25




Thursday,
26




Friday,
27




Saturday,
28




Sunday,
29




Mar a ríomhtar é
- Bainimid úsáid as faisnéis ó réamhaisnéis na haimsire chun na hamanna a bheidh sé gaofar agus grianmhar ar fud na hÉireann a aithint. Nuair a shásaíonn an réamhaisnéis do chontae áirithe na teorainneacha le fuinneamh inbhuanaithe a ghiniúint, úsáidtear an dath glas lena léiriú gur am maith é. Nuair nach bhfuil na teorainneacha ach díreach á gcomhlíonadh againn, úsáidfear an dath ómra chun an t‑am sin a léiriú. Sa chás nach bhfuiltear ag tuar go mbeidh na teorainneacha á gcomhlíonadh againn, léireofar mar am dearg é.
- Tabhair do d’aire: Tá an fhaisnéis seo bunaithe ar fhaisnéis réamhaisnéis na haimsire, mar sin níl ann ach treoir. I gcás na gcontaetha sin nach bhfuil giniúint gaoithe iontu, ní chuirtear san áireamh ach réamhaisnéis na gréine.