Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Is féidir linn méadar íoc-mar-a-úsáidtear a shuiteáil

Déanann ESB Networks méadar íoc-mar-a-úsáidtear a shuiteáil do chustaiméir nuair a iarrann a sholáthraí leictreachais go ndéanfar amhlaidh. Déanfaidh teicneoir de chuid ESB Networks do mhéadar nua a shuiteáil agus beidh beagáinín creidmheasa air cheana féin le cabhrú leat tosú amach leis

Pay As You Go-meters

Maidir le do Mhéadar Íoc-mar-a-Úsáidtear

Déanann ESB Networks méadar íoc-mar-a-úsáidtear a shuiteáil do chustaiméir nuair a iarrann a sholáthraí leictreachais go ndéanfar amhlaidh.

Le do mhéadar a léamh, brúigh uimhir a 9 ar an eochaircheap.

Le breisiú a dhéanamh:

  1. Is féidir leat an t-eochaircheap ar an méadar féin a úsáid le do chuntas a bhreisiú
  2. Brúigh an eochair * ar an eochaircheap. Taispeánfar an teachtaireacht “KEYCODE”.
  3. Cuir isteach an cód breisithe creidmheasa ina iomláine, agus an eochair # ina dhiaidh.
  4. Má chuireann tú isteach uimhir mhícheart ar bith, is féidir leat an eochair * a bhrú le hí a scriosadh.
  5. A luaithe a bheidh cód bailí curtha isteach ar an méadar, beidh “ACCEPTED" le feiceáil ar an scáileán.


Méadar Íoc-mar-a-Úsáidtear | 194 KB

An cumas chun méadair chliste in áitribh fholmha a lascadh go cianda

Tá feidhmeanna nua ag méadair chliste ó bhí Eanáir 2025 ann.  Éascaíonn sé seo cumas cianlasctha na méadar cliste agus ní cheadaítear é a úsáid ach amháin don tseirbhís seo a leanas do chustaiméirí ar threoir ó sholáthraithe leictreachais. Ag áitribh fholmha ina bhfuil méadar cliste, déanfar an dínascadh agus an t-athnascadh a phróiseáil go cianda agus gan gá le hinnealtóir dul chuig an áitreabh. Bhíodh ar theicneoir líonra cuairt a thabhairt ar an áitreabh leis an tseirbhís seo a sholáthar go dtí seo. De thoradh an chumais nua sin, is féidir linn amanna athnasctha a fheabhsú agus costais a laghdú do chustaiméirí a bhogann isteach in áitreabh folamh.

 

Bogadh isteach in áitreabh atá folamh

Agus custaiméir tar éis bogadh amach as foirgneamh agus an cuntas soláthair leictreachais a dhúnadh, is féidir an foirgneamh folamh a dhínascadh nuair a fhaightear treoir ón soláthraí leictreachais go dtí go mbíonn custaiméir nua réidh le bogadh isteach ann. Bhíodh ar theicneoir líonra cuairt a thabhairt ar an áitreabh leis an tseirbhís seo a sholáthar go dtí seo.

De thoradh an chumais nua déanfar amanna athnasctha a fheabhsú agus costais a laghdú do chustaiméirí a bhogann isteach in áitreabh folamh.

Méadair chliste Íoc-mar-a-Úsáidtear

Is seirbhís roghnach í an tSeirbhís Chliste Íoc-mar-a-Úsáidtear a thairgeann soláthraithe leictreachais, seirbhís a ligeann duit íoc roimh ré as an leictreachas a úsáidfidh tú. Amhail seirbhísí Íoc-mar-a-Úsáidtear eile atá ar fáil le méadair thraidisiúnta, ní mór do chuntas a choinneáil ar sochar chun go mbeidh soláthar leictreachais agat. 

Má bhíonn tuilleadh eolais uait faoin tseirbhís chliste íoc-mar-a-úsáidtear, ba chóir teagmháil a dhéanamh leis an soláthraí leictreachais atá agat.  

Eolas eile uait? Táimid anseo le cabhrú leat.

Ar aghaidh chuig Tacaíocht do chustaiméirí