Teicneolaíocht
An teicneolaíocht a mbaineann méadair chliste úsáid aisti
Tomhaiseann méadair chliste do thomhaltas ar an mbealach céanna le haon mhéadar digiteach nua-aimseartha eile. Úsáideann siad tarchuradóireacht radaimhinicíochta chun an fhaisnéis sin a chur chuig ESB Networks. Is ionann an teicneolaíocht a úsáidtear agus an teicneolaíocht a bhíonn i gceist le fón póca (2G nó, uaireanta, ceann de na cainéil banda chaoil 4g atá ar fáil le haghaidh ‘Idirlíon na nEarraí’). D’fhéadfá a rá go seoltar an fhaisnéis i gcineál teachtaireachta téacs. Tugtar sna Ceisteanna Coitianta seo thíos tuilleadh sonraí faoin teicneolaíocht a úsáidtear agus faoin gcaoi a n-imríonn sí tionchar ar na tarchuir a sheolann an méadar.
Ceisteanna coitianta
Cén chaoi a ndéanann méadar cliste an t-ídiú leictreachais a thomhas?
Bhaineadh méadair leictreachais níos sine feidhm as an gcumhacht a thagadh isteach chun an tí chun diosca rothlach a thiomáint thart. Dhéantaí gach casadh a chomhaireamh leis an ídiú a thomhas. I gcás na méadar nua-aimseartha go léir, méadair chliste san áireamh, úsáidtear feistí tomhais soladstaide a fhágann nach mbíonn gá leis an diosca rothlach meicniúil.
Cén chaoi a ndéanann sé cumarsáid leis an gcuideachta leictreachais?
Tá rogha déanta idir éagsúlacht teicneolaíochta i dtíortha éagsúla ar fud na cruinne le sonraí a sheoladh ón méadar chun na cuideachta leictreachais. Úsáideann an chuid is mó acu cumarsáid raidió de shórt éigin. Úsáidtear tarchur gan sreang, nó tarchur radaimhinicíochta, chun an fhaisnéis a sheoladh.
In Éirinn, úsáidfidh na méadair go léir atá á suiteáil faoi láthair teicneolaíocht fóin póca. Úsáideann cuid de na méadair córas 2G atá níos sine agus níos bunúsaí. Tá cuid eile ann atá in ann an córas sin a dhéanamh, nó ceann de na cainéil chaolbhanda 4G atá ar fáil le haghaidh ‘Idirlíon na Rudaí Nithiúla’. Ní úsáideann aon cheann acu 5G. Taobh istigh de gach méadar cliste tá trealamh atá mar an gcéanna leis an tarchuradóir agus aeróg a bhíonn i bhfón póca. Úsáideann sé iad sin chun sonraí a sheoladh thar líonra chuig ESB Networks. Gach uair a sheolann an méadar na sonraí, bíonn sé ar aon dul le teachtaireacht téacs nó ríomhphost gairid a sheoladh ó fhón póca.
Agus méadar faoi leith suiteáilte, ní thiocfaidh athrú ar an teicneolaíocht a úsáidfidh an méadar sin. San am atá le teacht, áfach, d’fhéadfadh méadair chliste nua feidhm a bhaint as cineálacha éagsúla teicneolaíochta.
Cé chomh minic a dhéanfaidh an méadar cumarsáid libh?
Uair a lá, thart ar mheán oíche de ghnáth, cuirfidh do mhéadar sonraí chuig ESB Networks faoin leictreachas a úsáideadh agus a easpórtáladh sna 24 uair an chloig roimhe sin. Thart ar gach dhá uair an chloig, déanfaidh gach méadar cliste é féin a ghníomhachtú lena shláine agus a nasc leis an líonra a sheiceáil. Seolfar sonraí maidir le haon leictreachas a easpórtáladh chun an líonra agus, más gá, sonraí faoi aon fhadhbanna ann. Má tá rogha déanta agat sonraí faoin ídiú leictreachais a thabhairt gach 30 nóiméad don soláthraí, seolfar na sonraí sin ón méadar gach dhá uair an chloig.
Ní thógfaidh sé ach micreasoicind le gach teachtaireacht a sheoladh. Mar a luadh thuas, tá siad iontach cosúil le teachtaireacht téacs.
Amach anseo, ligfidh méadair chliste do na cuideachtaí soláthair leictreachais táirgí agus seirbhísí nua a thairiscint duit. Mar shampla, d'fhéadfá rogha a dhéanamh aistriú chuig taraif a d’athródh le linn an lae (níos costasaí le linn uaireanta buaicéilimh ná a bheadh le linn uaireanta seachbhuaice nó san oíche. Tiocfaidh tuilleadh roghanna chun cinn de réir mar a dhéanfaimid na deiseanna go léir a bhaineann leis an teicneolaíocht chliste a fhiosrú. Mar chuid de na roghanna sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh sonraí le seoladh ní ba mhinice idir an méadar agus ESB Networks. Bíodh sin mar atá, ní bheadh i gceist le gach cás cumarsáide ar leith ach pacáiste an-ghairid sonraí, ar aon dul le teachtaireacht téacs. Sna samplaí seo go léir, do rogha féin a bheadh ann glacadh leis an rogha a chuirfí ar fáil, nó gan a roghnú.
An ndéanann sé cumarsáid taobh istigh den teach?
Mar chuid den phlean fadtéarmach do mhéadair chliste, beidh an méadar in ann cumarsáid a dhéanamh taobh istigh den teach. Mar shampla, bheadh scáileán taispeána sa bhaile agat le heolas a thabhairt duit faoin úsáid fuinnimh reatha. Thiocfadh an t-eolas sin as cumarsáid leis an méadar cliste. Bheadh radaimhinicíocht i gceist de ghnáth leis an gcumarsáid seo. Ós rud é go mbeadh an raon a theastódh ní ba lú (sa teach, ní amuigh de) leibhéal an-íseal cumhachta a bheadh i gceist leis an gcumarsáid.
Tá sé sin go léir le teacht, áfach. Ar an gcéad dul síos, ní bheidh na méadair chliste atá á suiteáil ag ESB Networks in ann feidhmiú mar sin. Níl iontu ach méadar nua in áit an mhéadair atá agat faoi láthair. Agatsa a bheadh a rogha glacadh le cuid de na feidhmeanna sin amach anseo.
Forbairt amháin eile atá ann ná, san am atá le teacht, go seolfaidh méadair chliste gháis a gcuid sonraí faoin ídiú gáis chuig an méadar cliste leictreachais. Sa dóigh sin, beidh an méadar leictreachais in ann an dá phíosa eolais faoin ídiú a sheoladh chuig ESB Networks. Nasc gearr-raoin a bheadh ann idir an méadar gáis agus an méadar leictreachais agus ní bheadh an oiread sin cumhachta ag baint leis dá bharr.