Fianaise eolaíoch
An méid a deirtear san fhianaise eolaíochta faoi réimsí leictreamaighnéadacha radaimhinicíochta
Bhíodh roinnt imní ann faoi na héifeachtaí féideartha sláinte maidir le réimsí radaimhinicíochta leictreamaighnéadaí, de ghnáth faoi fhón póca a úsáid go díreach taobh leis an inchinn, áit a mbíonn an nochtadh cuíosach maith níos airde. Tá cuid mhór staidéir eolaíochta déanta agus, ar an iomlán, ní thugann an fhianaise le fios go bhfuil aon tionchair shláinte ann. Tuairiscíodh tionchar i roinnt staidéar aonair, ach is ina choinne sin atá an fhianaise ina hiomláine. Tugtar níos mó sonraí sna Ceisteanna Coitianta thíos faoi na cineálacha éagsúla staidéar a rinneadh agus cé na conclúidí a bhí acu.
Fianaise Eolaíoch - ceisteanna coitianta
Cad é an dearcadh foriomlán atá ann ar an bhfianaise eolaíoch?
Tá an tuairim chéanna ag na saineolaithe idirnáisiúnta go léir, is é sin, má ghlactar an fhianaise eolaíoch ina hiomláine, níl an fhianaise sin ag teacht leis an dearcadh go mbíonn aon éifeachtaí sláinte ann ó chásanna tarchurtha radaimhinicíochta ar na leibhéil nochta atá i gceist againne.
Rinneadh agus foilsíodh go leor staidéar. Is cóir a admháil go bhfuil cuid acu sin ina dtugtar le tuiscint go mbíonn éifeachtaí sláinte ann. Bíonn iomrá orthu sin in amanna. Tá plé seo thíos ar chuid de na cinn is tábhachtaí acu. Ó tharla na staidéir sin ann, tá an cheist fós gan réiteach agus tá taighde ar bun fós.
Caithfear teacht ar bhreithiúnas foriomlán bunaithe ar an bhfianaise iomlán, ní hamháin ó staidéir ar leith. Nuair a fhéachtar ar an bhfianaise ina hiomláine, ní léirítear go mbíonn éifeachtaí sláinte ann mar gheall ar na cásanna nochta seo. Is é sin an dearcadh atá ag na forais údarásacha neamhspleácha um athbhreithniú eolaíoch a bhfuil an cheist cíortha acu. Is iad na forais athbhreithnithe sin agus na measúnuithe a dhéanann siad a chuireann bonn eolais faoi leibhéil shábháilte nochta go hidirnáisiúnta. Déanann ESB Networks na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta neamhspleácha seo a chomhlíonadh.
An bhfuil mórán staidéir déanta ar an radaimhinicíocht?
Cad iad na cineálacha staidéar atá déanta?
Déanaimid dhá chineál staidéir go príomha. Breathnaímid ar dhaonraí daonna beo le fáil amach an bhfuil aon nasc is féidir a bhreathnú idir nochtadh agus aon torthaí sláinte. An eipidéimeolaíocht a thugtar ar staidéar mar sin. Cineál faoi leith de staidéar eipidéimeolaíochta atá ann ná féachaint ar an tréimhse le scór éigin bliain anuas, tráth a bhfuil méadú an-mhór tagtha ar an nochtadh don tarchur seo ar fud an phobail le fáil amach an bhfuil aon athrú comhfhreagrach ann ar ráta tarlaithe galar ar bith.
An cur chuige eile atá ann ná tástáil a dhéanamh sa tsaotharlann le haghaidh éifeachtaí. Táimid in ann ainmhí iomlán – luch nó francach – nó fíocháin nó cealla sonracha a nochtadh do nochtadh bréige agus breathnú le haghaidh éifeachtaí sonracha. Buntáiste amháin a bhaineann leis na staidéir seo ná gur féidir an nochtadh a shocrú ar leibhéal réasúnta ard, ar leibhéal níos airde ná an nochtadh a mbíonn baint ag daoine air. Mar sin, fágtar gur mó seans go bhfeicfear aon éifeachtaí a d’fhéadfadh tarlú.
Cad é a thugtar le fios sna staidéir eipidéimeolaíochta?
Sna staidéir eipidéimeolaíochta, bítear ag breathnú ar phobail daoine le fáil amach an bhfuil aon chomhchoibhneas ann idir nochtadh agus éifeachtaí sláinte. Tá na staidéir eipidéimeolaíochta go dearfach tríd is tríd. Ní dhéantar aon éifeachtaí díobhálacha don tsláinte mar gheall ar nochtadh do radaimhinicíocht a chruthú iontu.
Nuair a fhéachaimid ar rátaí minicíochta ailsí éagsúla, mar shampla, agus ailse inchinne go háirithe, níor tugadh le fios go raibh aon mhéadú tagtha orthu sin le blianta beaga anuas. Tá fóin mhóibíleacha agus cineálacha eile teicneolaíochta a ghineann nochtadh do radaimhinicíocht mar seo inár measc le fada go leor anois (scór go leith bliain nó mar sin). Dá réir sin, dá mbeadh aon nasc ann, bheimis ag súil le méadú fheiceáil sna rátaí tarlaithe faoin am seo gan amhras. Tá sé dearfach nár tharla a leithéid.
Uaireanta, foilsítear páipéir ina n-éilítear go bhfuil méadú tar éis a bheith ann ar tharlú ailse faoi leith. Go hiondúil, táthar tar éis fochineál an-sonrach a roghnú sna páipéir sin a léiríonn an patrún dá bhfuiltear ag iarraidh a aimsiú. Ní athraíonn sé sin an scéal ginearálta, is é sin nach bhfuil na rátaí minicíochta ag léiriú go bhfuil aon mhéadú ann ar féidir é a nascadh le nochtadh do radaimhinicíocht.
Is iomaí staidéar eipidéimeolaíochta atá déanta chomh maith ina rabhthas ag breathnú ar nochtadh ó fhoinsí áirithe, fóin mhóibíleacha de ghnáth. An dtagann ailse ar dhaoine a úsáideann fóin mhóibíleacha níos minice ná a mhalairt? Tá sé deacair staidéir mar seo a dhéanamh. Mar shampla, dá mbeifeá chun iarracht a dhéanamh na cúinsí a athchruthú le fáil amach go cruinn an oiread úsáide a bhaineadh daoine as fóin le himeacht na mblianta fada, cén taobh den chloigeann a bhíodh i gceist agus cé acu ar úsáididís iad lámhshaor nó nach n-úsáideadh, d’fhéadfadh an-chuid earráidí a bheith ann. Tríd is tríd, áfach, níl aon bhaint shoiléir idir nochtadh agus galar tar éis teacht chun cinn, fiú sna cásanna is cóngaraí dá bhfuil againn de staidéir ar chaighdeán óir. I gcás staidéir éagsúla, mar shampla, staidéir éagsúla ó ghrúpa taighde áirithe sa tSualainn, tá tuairiscithe go bhféadfadh nasc a bheith ann. Sa staidéar idirnáisiúnta is mó dá ndearnadh go dtí seo, Interphone, tugadh le fios go bhféadfadh nasc a bheith ann i measc grúpaí áirithe faoi leith. Rinne an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta um Thaighde ar Ailse grinnscrúdú ar na staidéir seo. Tháinig IARC ar an gconclúid gur cinnte nach gcruthaíonn na staidéir seo go bhfuil aon nasc sin. Is mar sin nach ndearna IARC an nochtadh do radaimhinicíocht a aicmiú mar chúis chinnte le hailse nó fiú gur dócha gur cúis le hailse é. Go dtí go ndéanfar na ceisteanna a réiteach ar bhealach níos deifnídí, mheas IARC gur ceist í atá go teoiriciúil gan réiteach. Is mar sin a rinneadh an nochtadh seo a aicmiú le gur “cúis fhéideartha” le hailse atá ann. Tá na saineolaithe go léir den tuairim chéanna, is é sin le rá go bhfuil an fhianaise eipidéimeolaíochta tríd is tríd, den chuid is mó.
Bíonn leibhéil an nochta ó fhóin mhóibíleacha i bhfad níos airde ná na leibhéil ó mhéadair chliste go hiondúil, ós rud é go n-úsáidtear iad níos cóngaraí don chorp de ghnáth agus go maireann an nochtadh tréimhse i bhfad níos faide. Mar sin, tá an-tábhacht ag baint le staidéir a dhéantar ar dhaoine a úsáideann fóin mhóibíleacha agus méadair chliste á meas. Más rud é nár cruthaíodh aon éifeachtaí i gcás nochtadh ar leibhéil níos airde ó fhóin mhóibíleacha, is rud dearfach é sin i gcás nochtadh ar leibhéil níos ísle ó mhéadair chliste.
Céard atá le foghlaim againn ó staidéar saotharlainne?
Ar aon dul leis an bhfianaise eipidéimeolaíochta, is iomaí staidéar saotharlainne atá déanta agus, má fhéachtar orthu ina n-iomláine, tá siad dearfach. Ní thugtar le fios iontu go mbeadh neamhchosaint ar radaimhinicíocht ina cúis le hailse ná le haon ghalar eile. Tá na grúpaí údarásacha fad a rinne athbhreithniú neamhspleách ar aon ghuth faoin gcás, is é sin le rá nach bhfuil aon toradh díobhálach sláinte ann, ná córas a d’fhéadfadh a bheith ann, a cruthaíodh sna staidéir shaotharlainne.
Gan amhras, ós rud é go bhfuil an oiread sin staidéar ann, tá iarmhairtí á dtuairisciú i gcuid acu. Is iomaí cúis a d’fhéadfadh a bheith leis sin, mar shampla, d’fhéadfadh seans a bheith i gceist, nó b’fhéidir go mbeadh fadhb ag baint leis an tslí ar tugadh faoin staidéar. An eochairthástáil ná an féidir le heolaithe eile i saotharlanna eile na hiarmhairtí céanna sin a bhaint amach. Sa deireadh, más iarmhairt atá ann go fírinneach, ba chóir go mbeadh aon eolaí cumasach agus an trealamh ceart aige nó aici ábalta an iarmhairt sin a fháil. Níor tuairiscíodh, áfach, gur baineadh amach aon éifeacht sláinte i saotharlann difriúla mar thoradh ar mhacasamhlú. Nuair a thagann grúpaí saineolaithe athbhreithnithe ar chonclúidí, is fíorannamh a mbíonn na conclúidí sin bunaithe acu ar aon staidéar amháin go díreach. An dóigh a bhfuil an eolaíocht, bítear ag cur le torthaí a fuarthas roimhe chun tuiscint a fhorbairt. Mar sin, bíonn grúpaí saineolaithe athbhreithnithe ag féachaint ar an bhfianaise ina hiomláine. Tá an chonclúid chéanna ag grúpaí neamhspleácha éagsúla de shaineolaithe athbhreithnithe, nach bhfuil aon iarmhairtí cruthaithe don tsláinte ag baint le neamhchosaint ar radaimhinicíocht.
Díríodh aird áirithe ar staidéar amháin, staidéar a rinne an Clár Náisiúnta um Thocsaineolaíocht i Stáit Aontaithe Mheiriceá le gairid ar lucha agus ar fhrancaigh. Na staidéir a dhéanann an Clár sin, bíonn siad breá críochnúil agus, dá bhrí sin, caitear go dáiríre leo i gcónaí. Sa staidéar seo, rinneadh scrúdú ar ainmhithe fireanna agus baineanna. Bhí leibhéil éagsúla nochta ann agus beagnach céad ainmhí i ngach grúpa. Rinneadh tástáil orthu thar thréimhse dhá bhliain. Fuarthas aon chineál neoplasma san iomlán a shásaigh na critéir a bhí acu ina raibh ceangal ann leis an nochtadh, is é sin néaraifibreamatóis urchóideach croí, a fuarthas i bhfrancaigh fhireanna ach nach bhfuarthas na francaigh bhaineanna ná sna lucha. Ós rud é gur bhféadfadh tábhacht a bheith ag baint leis an toradh sin, táthar i ndiaidh é a scrúdú go grinn, taobh le staidéar eile ar fhrancaigh a rinne grúpa san Iodáil. Mar is cuí, níl aon duine de na saineolaithe atá tar éis an staidéar a mheas i ndiaidh diúltú dó. Mar sin féin, ní raibh na grúpaí saineolaithe athbhreithnithe den tuairim gur staidéar áititheach a bhí ann ach oiread. Mar shampla, thug an Coimisiún Idirnáisiúnta um Chosaint ar Radaíocht Neamhianúcháin (ICNIRP) an méid seo le fios:
"Although the NTP (2018a, b) and Falcioni et al. (2018) studies used large numbers of animals, best laboratory practice and exposed animals for the whole of their lives, consideration of their findings does not provide evidence that radiofrequency EMF is carcinogenic…."
Is fiú a lua go raibh nochtadh ar leibhéal réasúnta ard i gceist leis na lucha agus francaigh i staidéar NTP. Bhí an leibhéal sin níos airde, go deimhin, ná mar atá ceadaithe de réir na dteorainneacha nochta agus i bhfad níos airde ná an nochtadh a bhíonn i gceist le méadair chliste.
Cén t-aicmiúchán oifigiúil atá ag baint le nochtadh do radaimhinicíocht?
Níl aon aicmiúchán oifigiúil ann ina dtugtar le fios an cúis le hailse aon oibreán faoi leith. An rud is cosúla lena leithéid ná Sraith na Monagraf, arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta um Thaighde ar Ailse (ar gníomhaireacht de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte í). Tá an ghníomhaireacht sin tar éis cúpla céad oibreán a aicmiú le himeacht na mblianta. Rinneadh staidéar ar nochtadh do radaimhinicíocht in 2013.
I gcás na fianaise eipidéimeolaíochta maidir le daoine agus na fianaise ainmhí ón tsaotharlann, aithníodh go bhfuil staidéir áirithe ann ina tugtar le fios go mbíonn éifeachtaí ann. Níor measadh gur deimhníodh éifeachtaí sláinte in aon cheann de na staidéir sin. Mar sin, tugadh an lipéad “teoranta” ar gach cineál fianaise. Aicmiú é sin lena n-aithnítear go bhfuil na staidéir ann ach lena moltar gan an iomarca béime a chur orthu.
Dá bharr sin, tá aicmiú “2B” ann ar an iomlán, is é sin “d’fhéadfadh cúis le hailse a bheith ann”. Aicmiú é sin lena n-aithnítear go bhfuil an chontúirt fós ann go pointe. Tá aicmiú ar leibhéal níos airde ann, is é sin “2A” nó “is dócha gur cúis le hailse é”, chomh maith le haicmiú ar leibhéal níos airde arís, “1” nó “cúis chruthanta le hailse”. Níor mheas an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta um Thaighde ar Ailse ceachtar acu sin a bheith fóirsteanach agus glacadh le haicmiú 2B.
Bhain an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta um Thaighde ar Ailse feidhm as fianaise ó nochtadh ar fhóin mhóibíleacha den chuid is mó. Tá an nochtadh sin go suntasach níos airde ná nochtadh ó mhéadair chliste.
Cén tuairim atá ag grúpaí neamhspleácha athbhreithnithe ar an bhfianaise eolaíoch?
Tá an ráiteas is deireanaí ó na grúpaí údarásacha idirnáisiúnta éagsúla anseo:
An Coimisiún Idirnáisiúnta um Chosaint ar Radaíocht Neamhianúcháin (ICNIRP)
“Agus meastóireacht fhoriomlán déanta ar an taighde go léir ar réimsí ardmhinicíochta, tagtar ar an gconclúid nach dócha go mbeadh baint ann idir nochtadh don ardmhinicíocht ar leibhéal níos ísle ná an tairseach theirmeach agus éifeachtaí díobhálacha don tsláinte.”
Tabhair do d'aire: I dtéacsanna Béarla, is ionann “HF” agus ardmhinicíocht, radaimhinicíocht san áireamh
An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte
Tá cuid mór staidéar déanta le fiche bliain anuas le measúnú a dhéanamh an bhféadfadh fóin mhóibíleacha a bheith ina mbaol don tsláinte. Go dtí seo, níltear i ndiaidh aon éifeachtaí díobhálacha ar an tsláinte ó úsáid fón móibíleach a chruthú.
Tabhair do d'aire: Baineann an ráiteas seo go sonrach le fóin mhóibíleacha. Bheadh an chonclúid chéanna ag baint le gach nochtadh do radaimhinicíocht.
An Coiste Eolaíoch um Rioscaí Sláinte Nua-Aitheanta atá ag teacht chun cinn (SCENIHR)
Is éard a bhí sa Choiste Eolaíoch um Rioscaí Sláinte Nua-Aitheanta atá ag teacht chun cinn (SCENIHR) ná coiste comhairleach eolaíoch an Aontais Eorpaigh inar pléití le réimsí leictreamaighnéadacha. Tá a chuid coistí eolaíocha atheagraithe ag an Aontas Eorpach ó shin. Coiste eile atá freagrach as anois, ach is ón SCENIHR a tháinig an tuairim is déanaí, in 2015.
“Ar an iomlán, ní léirítear sna staidéir eipidéimeolaíochta ar an nochtadh do radaimhinicíocht EMF ó fhóin mhóibíleacha baol níos mó a bheith ann ó thaobh siadaí inchinne de. Anuas air sin, ní léirítear iontu baol níos mó a bheith ann ó thaobh cineálacha eile ailse ann i réigiún an chloiginn ná an mhuiníl.”
Nóta: Tuairim ón gCoiste Eolaíoch um Rioscaí Sláinte Nua-Aitheanta atá ag teacht chun cinn maidir leis na héifeachtaí sláinte a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar nochtadh do réimsí leictreamaighnéadacha [JS3]. Conclúid an choiste ar ailsí a thugtar anseo.
Pléitear éifeachtaí sláinte eile a d’fhéadfadh a bheith ann sa tuarascáil iomlán. Conclúidí mar a chéile atá ann ina leith siúd.
An mbíonn éifeachtaí ag radaimhinicíocht ar dhaoine in am ar bith?
Má bhíonn an nochtadh ard go leor, féadfaidh radaimhinicíocht a bheith mar chúis le téamh fíochán beo. Má bhíonn an téamh ar leibhéal ard go leor, féadfaidh sé sin a bheith an-dochrach do dhaoine.
Ós rud é go dtuigtear éifeachtaí soiléire a beith ag radaimhinicíocht ar leibhéal ard go leor, déantar teorainneacha nochta a shocrú leis na héifeachtaí sin a chosc. Tá na teorainneacha nochta (a dtugtar míniú ina leith sna ceisteanna coitianta a bhaineann leo féin) ceaptha ionas nach n-éireoidh cúrsaí chomh te sin le go bhféadfaí éifeachtaí díobhálacha a bheith ar dhaoine. Tá lamháil mhór sábháilteachta ann chomh maith.
Na grúpaí saineolaithe a shocraíonn na teorainneacha nochta, tá siadsan i ndiaidh breathnú ar an bhfianaise go léir a bhaineann leis na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le radaimhinicíocht. Áirítear leis sin staidéir a bhaineann le radaimhinicíocht mar chúis le hailse agus na cinn sin a bhaineann le téamh. Tháinig siad ar an gconclúid gur éifeacht aitheanta atá sa téamh ar féidir teorainneacha nochta a shocrú chun daoine a chosaint air. Thug siad le fios nach raibh an taighde ar ailse, mar shampla, láidir ná doshéanta go leor le teorainneacha nochta a shocrú ina leith.
An bhfuil daoine áirithe ann atá íogair go háirithe ar nochtadh?
Tuairiscíonn cuid daoine go bhfuil siad íogair go háirithe ar nochtadh do réimsí leictreacha agus maighnéadacha, idir mhinicíocht príomhlínte agus radaimhinicíocht. Deir siad go dtagann comharthaí sóirt orthu a bhíonn réasúnta tromchúiseach in amanna, mar shampla tinneas cinn, samhnas, marbhántacht, easuan, srl. Is minic a thugtar “hipiríogaireacht” nó “leictríogaireacht” ar a leithéid, nó an téarma leighis “éadulaingt chomhshaoil ideapatach”.
Níl aon amhras ann ach gur comharthaí sóirt iad seo atá fíor agus lagaithe. Is gá a bheith cúramach, áfach. Níltear tar éis a léiriú mar thoradh ar thástálacha rialaithe go bhfuil baint idir na comharthaí sóirt seo agus nochtadh iarbhír. Tá seans ann, mar mhalairt, go mbíonn na comharthaí sóirt ann mar gheall ar go mbíonn an duine ar an eolas faoi fhoinse nochta a bheith ann.
Nuair a thuairiscíonn daoine go bhfuil leictríogaireacht ann, is gnách go mbíonn nasc idir sin agus fóin mhóibíleacha, stáisiúin bhunáite, líonraí Wi-Fi, srl. Is beag tuarascáil atá ann ina ndéantar nasc idir aon cheann de na comharthaí sóirt seo agus méadair chliste.