Nochtadh
Na neamhchosaintí a tháirgeann méadair chliste
Tá dhá chineál réimse leictrigh agus maighnéadaigh ann - minicíocht phríomhlíne agus radaimhinicíocht. Gineann méadair chliste RLManna minicíochta príomhlíne níos ísle ná méadair thraidisiúnta. Ó thaobh RMLanna radaimhinicíochta de, bíonn an nochtadh an-íseal ar roinnt cúiseanna. Tá cumhacht an tarchuir íseal. Ní bhíonn i gceist ach ráigeanna gearra agus sonraí á dtarchur ag an méadar. Is gnách nach mbíonn tú go díreach in aice leis an méadar nuair a dhéanann sé tarchur cibé. Tugtar tuilleadh eolais sna Ceisteanna Coitianta thíos ar na leibhéil nochta shábháilte a tháirgeann na méadair chliste.
Ceisteanna coitianta
Cén mhinicíocht a bhíonn i gceist agus méadair chliste ag tarchur?
Cén t-eolas a úsáidtear chun an nochtadh ó mhéadar cliste a ríomh?
Cé chomh cumhachtach a bhíonn an tarchur?
Ar aon dul leis na fóin mhóibíleacha a bhfuil an teicneolaíocht chumarsáide chéanna acu, déantar méadair chliste a dhearadh le go mbeidh siad ag tarchur agus an leibhéal is ísle cumhachta agus is féidir á úsáid acu. Tá uasteorainn 2 vata (2 W) ann don teicneolaíocht 2G a úsáidtear. Tá teorainn níos lú ná sin ann don chaolbhanda 4G a úsáideann cuid de na méadair.
Sin an luach is mó is féidir a bheith ann. Go fírinneach, luach i bhfad níos lú ná sin a bhíonn ann de ghnáth. Déanann an teicneolaíocht leibhéal na cumhachta a laghdú go huathoibríoch chuig an leibhéal is ísle a theastaíonn le cumarsáid a dhéanamh.
Cén chaoi a n-athraíonn an nochtadh de réir an achair ón méadar cliste?
Ar aon dul le gach cineál eile tarchuir, tagann laghdú ar leibhéal an nochta de réir an achair ar shiúl ón méadar cliste. Seachas i gcás áiteanna atá an-ghar don mhéadar, titeann an leibhéal go han-tapa ar fad de bhun athrúchán de réir an chearnfhaid inbhéartaigh. Ciallaíonn sé sin go laghdaítear an nochtadh faoi cheathair de réir mar a dhúblaítear an t-achar.
Deartar fóin phóca le bheith sábháilte (le go mbeidh nochtadh ann atá faoi na teorainneacha sábháilteachta), fiú nuair a úsáidtear iad gar don chloigeann, gan ann ach ceintiméadar nó dhó eatarthu. Mar sin, tá méadair chliste sábháilte chomh maith, fiú dá dtiocfá chomh gar céanna dóibh agus iad i mbun tarchuir. Ní gnách, áfach, go mbeifeá chomh gar céanna do mhéadar cliste. Is gnách go mbeifeá breis agus méadar amháin ar shiúl uaidh agus bheadh na leibhéil nochta tite go mór ag an achar sin uaidh, go hiondúil de bhun fachtóir de bhreis agus 20.
Cá fhad a mhaireann an nochtadh?
Gach uair a chaithfidh an méadar cliste sonraí a chur chuig ESB Networks, déanann sé é sin mar phacáiste gearr amháin sonraí, ar aon dul le teachtaireacht téacs amháin nó ríomhphost gearr amháin. Maireann gach tarchur mar sin níos lú ná soicind agus déantar an leibhéal cumhachta a theastaíonn chun an nasc seo a dhéanamh go huathoibríoch go dtí an leibhéal is ísle.
Luaitear go sonrach sna teorainneacha nochta gurb é atá i gceist leis an nochtadh ábhartha ná an nochtadh ar an meán thar thréimhse sé nóiméad. I gcás méadair chliste, bíonn an nochtadh meandrach le linn an tarchurtha ar leibhéal atá taobh istigh de na teorainneacha nochta. Nuair is os cionn sé nóiméad atá i gceist, ar an meán, nach mbeadh ann ach aon tarchur amháin nach mairfeadh níos faide ná soicind, tagann titim eile ar an nochtadh ar an meán.
Tríd is tríd, cén leibhéal nochta atá ann?
Déantar nochtadh do radaimhinicíocht a thomhas ar dhá bhealach éagsúla. Nuair a bhíonn duine gar go leor don fhoinse, déantar an Sainráta Ionsúcháin a thomhas. Agus an duine níos faide ar shiúl, déantar an dlúschumhacht a thomhas.
Dá gcuirfeá do chloigeann díreach in éadan an mhéadair chliste, d’fhéadfadh sé Sainráta Ionsúcháin thart ar 0.5-1.5 W/kg a ghiniúint ar a mhéad, is dócha, ag brath ar an treoshuíomh go díreach. Dá mbeifeá, abraimis, méadar amháin (1) ar shiúl, d’fhéadfadh sé dlúschumhacht thart ar 0.2 W/m2 ar a mhéad a ghiniúint. Tá an dá leibhéal sin i gcomhréir leis na teorainneacha nochta ábhartha, mar a dtugtar míniú air seo thíos.
An mbeidh tarchur ann níos minice de réir a chéile?
Cén nochtadh a ghinfí mar gheall ar ghléasanna cumarsáide sa teach?
Amach anseo, de réir mar a thiocfaidh forbairt ar an teicneolaíocht chliste, tá seans ann go mbeidh cumarsáid idir gléasanna sa bhaile. Mar shampla, b'fhéidir go mbeadh scáileán taispeána ann ar a dtabharfar eolas faoin ídiú fuinnimh, nó gléasanna a bheadh in ann cumarsáid a dhéanamh go díreach leis an méadar.
Cumarsáid gan sreang a bheadh ansin. Is lú raon a theastódh is é sin le rá, bheidís teoranta don teach féin seachas cumarsáid a bheith le déanamh le stáisiúin bhunáite taobh amuigh den teach. Dá bharr sin, bheadh ní ba lú cumhachta i gceist. Is dócha go n-úsáidfidís prótacal atá ann cheana, ar nós Zigbee. Má ghlacaimid an sampla sin: tá Zigbee teoranta do 1/8 W. Sin cumhacht atá 16 huaire níos lú fiú ná an chumhacht uasta atá an méadar cliste in ann a úsáid chun sonraí a tharchur taobh amuigh den teach. Bheadh an nochtadh níos lú chomh maith, dá bharr.
Ní bheidh na méadair chliste atá á suiteáil faoi láthair ábalta cumarsáid a dhéanamh taobh istigh den teach.
Cad é an difear idir na leibhéil nochta seo agus teicneolaíochtaí gan sreang eile?
Tá neart foinsí nochta do radaimhinicíocht le fáil i saol an uile lae: fóin mhóibíleacha, Bluetooth, Wi-Fi, fóin DECT, monatóirí linbh, etc. Gan amhras, tá an teilifís agus raidió ann chomh maith le fada an lá.
Is ó fhoinsí a úsáidtear gar don chorp is mó a fhaightear na leibhéil is airde den nochtadh. An sampla is follasaí a thugtar ná fón póca a úsáid le glao gutha a dhéanamh agus an fón taobh leis an gcloigeann. Bítear ag cloí le teorainneacha an nochta sa chás sin, fiú.
Bíonn leibhéil níos ísle den nochtadh le fáil ó fhoinsí eile. An chúis leis sin ná go mbíonn leibhéal níos lú cumhachta ag baint leo (e.g., Wi-Fi, Bluetooth) nó ós rud é nach mbíonn siad chomh gar céanna don chorp agus iad á n-úsáid.
Tá méadair chliste ar leibhéal íseal ó thaobh raon an nochta do radaimhinicíocht sa bhaile de, ós rud é nach mbíonn siad gar don chorp de ghnáth.
An ndéantar difear ar bith mar gheall ar an mbealach faoi leith a ndéantar na sonraí a tharchur?
Is éard a dhéanann gach teicneolaíocht gan sreang, méadair chliste san áireamh, ná na sonraí a ionchódú i rud a tugtar “tonn iompair” air. Leis sin a dhéanamh, déanann siad an tonn iompair a mhodhnú. Is é an tonn iompróra a iompraíonn an comhartha idir an seoltóir agus an glacadóir. Is é an modhnú a fhágann go mbítear in ann na sonraí a sheoladh agus a asbhaint.
Bíonn an-chosúlacht ann idir an mhinicíocht iompróra a úsáideann gach teicneolaíocht gan sreang. Bíonn an-éagsúlacht ann, áfach, idir mionsonraí an mhodhnaithe. Rinneadh patrúin mhodhnaithe a fhorbairt i gcás 2G, ansin 3G agus ansin 4G a bhí éagsúil lena chéile agus a d’éirigh níos fearr le go mbeifí in ann níos mó sonraí a sheoladh. Is amhlaidh an scéal i gcás teicneolaíochtaí gan sreang eile, Wi-Fi mar shampla. Úsáideann na méadair chliste atá á suiteáil in Éirinn faoi láthair teicneolaíocht 2G nó cineál faoi leith de theicneolaíocht 4G. Dá bhrí sin, bíonn na modhnuithe sonracha sin ag baint leis an tarchur. D’fhéadfadh méadair chliste i gcéimeanna den seoladh amach anseo teicneolaíochtaí difriúla a úsáid a mbeidh minicíochtaí agus modhnuithe sonracha difriúla ag baint leo.
Mar sin féin, ní aithníonn na teorainneacha um nochtadh difear idir patrúin éagsúla mhodhnaithe. Is éard a dhéanann siad, go simplí, ná an nochtadh ar an iomlán a theorannú. An chúis leis sin ná nach bhfuil dea-fhianaise eolaíoch ann ina gcuirtear in iúl go bhfuil cealla beo nó fíocháin bheo ábalta idirdhealú a dhéanamh idir na cineálacha éagsúla modhnaithe a úsáideann cineálacha éagsúla teicneolaíochta. An rud is tábhachtaí ná an nochtadh foriomlán agus, i gcás méadair chliste, go mbeidh an nochtadh foriomlán ag cloí leis na teorainneacha um nochtadh.