Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Sábháilteacht a Chinntiú

Cén chaoi a gcinntímid go bhfuil méadair chliste slán sábháilte?

Lena chinntiú go cosnaítear an pobal in aghaidh réimsí leictreamaighnéadacha radaimhinicíochta, bídís ó mhéadair chliste nó ó aon fhoinse eile, tá teorainneacha nochta i bhfeidhm. Comhlachtaí eolaíochta údarásacha atá go hiomlán neamhspleách a leagann síos iad sin agus cuirtear i bhfeidhm go hidirnáisiúnta iad.

Cinntíonn ESB Networks go gcomhlíonann gach méadar cliste na teorainneacha neamhspleácha sábháilte nochta sin. Déanta na fírinne, toisc go mbíonn na hastuithe ó mhéadair chliste chomh híseal sin, bíonn siad i bhfad faoin bhun na dteorainneacha i gcónaí. Tá tuilleadh sonraí sna Ceisteanna Coitianta thíos faoi na teorainneacha agus faoin gcaoi a mbíonn na hastuithe ó mhéadair chliste laistigh de na teorainneacha sin.

Ceisteanna coitianta

An dtugann ESB Networks a bhreithiúnas féin maidir le sábháilteacht méadar cliste?

Tabhair do d'aire:Tá sé tábhachtach a bheith an-soiléir nach ESB Networks a dhéanann an cinneadh deiridh maidir le leibhéil shábháilte nochta ó mhéadair chliste. Saineolaithe idirnáisiúnta atá go hiomlán neamhspleách a dhéanann an measúnú sin agus cloíonn ESB Networks lean gcinntí siúd.


Is ceart agus is cóir sin. An ról atá againne mar chuideachta, ESB Networks, ná na méadair chliste a shuiteáil. Táimid sásta glacadh leis go bhfuil na méadair chliste sábháilte. Ba cheart don phobal a bheith ag súil le go bhfaighfí dearbhú maidir le sábháilteacht ó fhorais atá neamhspleách orainne.


An fhoirm ina dtugtar an dearbhú sin ná teorainneacha nochta. Grúpaí saineolaithe neamhspleácha athbhreithnithe a dhéanann teorainneacha nochta chun an pobal a chosaint a shocrú. Níl aon tionchar againne, ESB Networks, ó thaobh na teorainneacha nochta sin a shocrú de. Is éard a dhéanaimidne, go simplí, ná go dtugaimid dearbhú go ndéanann gach méadar cliste a shuiteálaimid (agus an trealamh go léir atá againn mar aon lenár gcuid oibríochtaí) na teorainneacha nochta sin a chomhlíonadh.

Cé a shocraíonn na teorainneacha nochta leis an bpobal a chosaint?

An príomhghrúpa idirnáisiúnta a dhéanann teorainneacha a shocrú ná an Coimisiún Idirnáisiúnta um Chosaint ar Radaíocht Neamhianúcháin (ICNIRP).  Saineolaithe ó dhisciplíní éagsúla atá mar chuid de, idir lucht léinn agus ionadaithe ó fhorais náisiúnta um chosaint. Tá rialacha dochta ann nach mbeidh ionadaithe ar bith ann ón earnáil tionsclaíochta.


Bíonn an Coimisiún Idirnáisiúnta um Chosaint ar Radaíocht Neamhianúcháin ag obair go dlúth leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte. Tá foras ann chomh maith atá bunaithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá dar teideal an Coimisiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Leictreamaighnéadach a dhéanann teorainneacha nochta a fhoilsiú. In Éirinn, is iad na teorainneacha ó ICNIRP seachas ó ICES atá i bhfeidhm. Ós rud é go bhfuil an-chosúlacht eatarthu, ní dhéanann sé sin mórán de dhifear. Tá míniú ar an méid sin sa chéad pharagraf eile.


Mar a luadh cheana, déanann an Coimisiún Idirnáisiúnta um Chosaint ar Radaíocht Neamhianúcháin teorainneacha nochta a fhoilsiú. Tá údarás ag baint leis na teorainneacha sin go simplí ós ón gCoimisiún a fhaightear iad. Tá doiciméad curtha le chéile ag an Aontas Eorpach bunaithe air sin. Moladh atá ann. Ón gCoimisiún Idirnáisiúnta um Chosaint ar Radaíocht Neamhianúcháin a fhaightear na teorainneacha. Tugtar le fios gur chóir na teorainneacha a chur i bhfeidhm i mBallstáit de chuid an Aontais Eorpaigh. Tá stádas dlíthiúil leo mar sin san Aontas. Tá deimhnithe ag Rialtas na hÉireann go nglacann sé leis an Moladh seo agus go bhfuil na teorainneacha ón gCoimisiún Idirnáisiúnta um Chosaint ar Radaíocht Neamhianúcháin i bhfeidhm in Éirinn.


Níl aon bhaint ag ESB Networks leis na cinntí sin. An rud a dhéanaimidne ná go dtugaimid dearbhú go ndéanfaidh na méadair chliste atá againne na teorainneacha nochta seo a chomhlíonadh (faoi raon difríochta measartha mór).

Cá bhfuil na doiciméid ina leagtar síos na teorainneacha nochta?

D’fhoilsigh an Coimisiún Idirnáisiúnta um Chosaint ar Radaíocht Neamhianúcháin (ICNIRP) na teorainneacha nochta ábhartha sa bhliain 1998.Foilsíodh iad in iris eolaíoch darb ainm ‘Health Physics’, ach tá siad ar fáil chomh maith ar láithreán gréasáin an ICNIRP.


Treoirlínte an ICNIRP:


Breathnaigh ar an PDF


Foilsíodh an Moladh ón AE inar glacadh na teorainneacha nochta sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.


Moladh 1999/519/CE ón gComhairle an 12 Iúil 1999 maidir leis an teorannú ar nochtadh an phobail i gcoitinne do réimsí leictreamaighnéadacha:


Moladh ón gComhairle


An Roinn atá freagrach as an mbeartas sa réimse seo in Éirinn ná an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.


Féach ar ráiteas na Roinne:


Gov.ie
Cad iad na teorainneacha um an nochtadh?

Tá dhá chuid i gceist leis na teorainneacha um nochtadh


Srianta bunúsacha


Is éard atá sna srianta bunúsacha an teorainn leis an méid den ábharthacht bhitheolaíoch dhíreach, an chumhacht arna sil-leagan san fhíochán ag an radaimhinicíocht, ar a dtugtar an Sainráta Ionsúcháin. Déantar an ráta sin a thomhas i vatanna per cileagram (W/kg).


An teorainn atá ann ná:


  • 0.08 W/kg ar an meán tríd an gcorp iomlán
  • 2 W/kg i gcás nochtadh logánaithe ar aon 10 g den fhíochán sa chloigeann agus sa chabhail
  • 4 W/kg i gcás nochtadh logánaithe ar aon 10 g den fhíochán sna géaga

Déantar gach ceann díobh sin a ríomh ar an meán bunaithe ar 6 nóiméad.


An leibhéal tagartha


Déantar an leibhéal seo a thomhas i vatanna per méadar cearnach (W/m2). Is éard a léirítear ann ná an chumhacht sa tonn radaimhinicíochta a bheadh de dhíth chun an Sainráta Ionsúcháin a shonraítear sa srian bunúsach a ghiniúint. Mar sin, más eol duit go bhfuil an chumhacht sa tarchur radaimhinicíochta níos ísle ná an leibhéal tagartha, is eol duit go bhfuiltear níos ísle ná an srian bunúsach chomh maith. Tagann athrú ar an leibhéal tagartha ag brath ar mhinicíocht.


I gcás an dá radaimhinicíocht is coitianta atá ann, an leibhéal tagartha atá ann ná:


  • 4.5 W/m2 ar 900 MHz
  • 9 W/m2 ar 1800 MHz

Tabhair do d'aire: Is féidir na leibhéil tagartha a léiriú mar réimse leictreach in V/m chomh maith, ach, de ghrá na simplíochta, táimid ag cloí le W/m2 anseo.


An tábhacht a bhaineann leis an leibhéal tagartha ná gur minic é i bhfad níos fusa a thomhas ná an srian bunúsach. Mar sin, is minic a úsáidimid an leibhéal tagartha chun comhlíonadh a mheasúnú. Má bhíonn duine an-ghar d’fhoinse nochta, níl mórán de chuidiú le fáil sa dlúschumhacht (mar atá sa leibhéal tagartha. Mar sin, is dócha go mbeadh orainn an Sainráta Ionsúcháin agus an srian bunúsach. Agus muid ar achar réasúnta ar shiúl ón bhfoinse, áfach, úsáidimid an leibhéal tagartha go hiondúil chun comhlíonadh a thomhas.


Tá sé tábhachtach a lua chomh bhfuil na teorainneacha nochta seo á socrú le go mbeidh lamháil mhór sábháilteachta ann. Is iad seo na teorainneacha don phobal i gcoitinne. Tá teorainneacha níos airde ann i gcás oibrithe. Tá na teorainneacha don phobal níos ísle chun an éagsúlacht a bhíonn le fáil i measc an phobail i gcoitinne ó thaobh stádas sláinte de a chur san áireamh.

Cad é mar a bhíonn méadair chliste ag cloí leis na teorainneacha?

Cloíonn méadair chliste ESB Networks go huile is go hiomlán leis na teorainneacha idirnáisiúnta um nochtadh.


Fiú dá mbeadh an cás ba mheasa ann, mar shampla, agus do chloigeann iontach cóngarach don mhéadar agus tarchur ar bun, bheadh an méadar cliste ag cloí leis na teorainneacha um nochtadh. Ní dócha go dtarlódh a leithéid, ach d’fhéadfadh, go teoiriciúil. Bheifeá in ann comparáid a dhéanamh idir sin agus fón póca a bheith in éadan do chloiginn. Bheadh an nochtadh féin ag brath ar áit agus treo an chloiginn i gcomparáid leis an méadar cliste. Ní féidir a leithéid a mheas ach má úsáidtear samhaltú mionsonraithe uimhriúil nó tástálacha saotharlainne. Tá samhaltú den chineál sin déanta i gcás na bhfón póca.


An teorainn is ábhartha ná an teorainn le haghaidh nochtadh logánta sa chloigeann agus cabhail, sin sainráta ionsúcháin 2 W/kg. De ghnáth, déanann fóin phóca sainrátaí ionsúcháin thart ar 0.5 – 1.5 W/kg a ghiniúint ar a mhéad, ag brath ar an gcineál. Bíonn gach fón póca ag cloí leis na teorainneacha. Dá réir sin, beidh na méadair chliste ag cloí leo fosta, fiú dá gcuirfeadh duine an cloigeann díreach taobh leis an méadar, rud nach mbeifí ag dúil leis.


Go praiticiúil, cloíonn méadair chliste leis na teorainneacha de réir farasbarr atá i bhfad níos mó, toisc go mbíonn siad níos faide ar shiúl de ghnáth, toisc nach mbíonn an nochtadh ann ach i bpléascanna gearra fad is a bhíonn sonraí á dtarchur - seachas é a bheith ann go leanúnach - agus toisc gur minic na leibhéil chumhachta níos lú ná an leibhéal uasta.


Titeann an nochtadh ó mhéadar cliste go suntasach de réir mar a bhíonn duine níos faide uaidh. Mar shampla, más 1m an t-achar a bhíonn idir duine agus méadar cliste de ghnáth, tá laghdú de réir fachtóir de 20 nó níos mó ar an nochtadh sin. Nuair a chuirimid san áireamh gur annamh a bhíonn ar na méadair sonraí a tharchur ar lán a gcumhachta, agus má chuirtear meán amanna san áireamh, agus tarchur ó mhéadair chliste gan ach ar feadh tréimhsí gearra, bíonn laghdú de réir fachtóir de 100 nó níos mó ar an nochtadh.


Mar sin, tríd is tríd, is gnách go gcloífidh méadair chliste leis na teorainneacha um nochtadh agus farasbarr suntasach ann. Mar aon leis an lamháil sábháilteachta atá curtha isteach cheana féin sna teorainneacha um nochtadh, fágann an méid sin go léir gur féidir a bheith an-mhuiníneach astu ó thaobh sábháilteachta de.

An dócha go dtiocfaidh athrú ar theorainneacha an nochta?

An foras neamhspleách ICNIRP (An Coimisiún Idirnáisiúnta um Chosaint ar Radaíocht Neamhianúcháin) a shocraigh na teorainneacha reatha nochta. Tar éis don fhoras tabhairt faoi chomhairliúcháin fhairsinge maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar na teorainneacha nochta, d’eisigh an ICNIRP teorainneacha nua in 2020.


Sna teorainneacha nua, baintear leas as an tuiscint is déanaí san eolaíocht le go leor athruithe mionsonraithe a dhéanamh. Den chuid is mó, athruithe ar na mionsonraí iad na hathruithe sin. Níor tháinig athrú ar bhunluachanna uimhriúla na dteorainneacha mar a bhaineann siad le méadair chliste. Chomhlíon méadair chliste na teorainneacha ó 1998 mar a chomhlíonann siad teorainneacha 2020 fós.


An gealltanas a thugaimid in ESB Networks ná go ndéanfaimid na teorainneacha reatha um nochtadh a chomhlíonadh. Dá dtiocfadh athrú ar na teorainneacha um nochtadh arís amach anseo, dhéanfaimis a chinntiú go gcomhlíonfadh méadair chliste na teorainneacha nua sin.

An nglacann gach duine leis na teorainneacha um nochtadh?

Tá grúpaí ann a dhéanann stocaireacht chun teorainneacha um nochtadh a fháil a bheadh i bhfad níos ísle.


Dá dtarlódh sé sin, bheadh fadhbanna ann dá bharr, i gcás fóin mhóibíleacha agus WiFi go háirithe.  Ar an dóigh chéanna, tá eolaithe ann nach gcreideann go bhféadfadh aon bhaol a bheith ag baint leis an radaimhinicíocht. Tá sé de cheart ag gach duine a thuairim féin a bheith aige. An rud is tábhachtaí anseo ná nach tuairimí duine ar leith atá anseo, ach dearcthaí tomhaiste saineolaithe údarásacha, mar an Coimisiún Idirnáisiúnta um Chosaint ar Radaíocht Neamhianúcháin (ICNIRP).


Féach icnirp.org

Eolas eile uait? Táimid anseo le cabhrú leat.

Ar aghaidh chuig Tacaíocht do chustaiméirí