Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Gearrthacha cumhachta beartaithe

Two ESB Networks technicians in safety vests examining a control panel

Gearrthacha cumhachta beartaithe

Ag ESB Networks, déanaimid líonra cumhachta na hÉireann a chothabháil agus a thógáil. Cuid lárnach dár ról is ea an líonra a threisiú, acmhainn a mhéadú i gceantair áirithe nó damáiste stoirme a dheisiú. Leis an obair sin a dhéanamh go slán sábháilte caithfimid an chumhacht a mhúchadh sa cheantar atá i gceist. Tá teachtaireacht téacs faighte agat toisc go bhfuil gearradh cumhachta beartaithe i do cheantar.

Bíodh a fhios agat go n-iarrfar do MPRN 11 digit ort ar an nglao. Luaitear an uimhir sin ar do bhille leictreachais agus tosaíonn sí ar M10...

Map of Ireland showing power status

Tú a choinneáil ar an eolas faoi bhriseadh 

Seolfaimid cárta fógartha chugat dhá lá ar a laghad roimh ré más gá dúinn do sholáthar leictreachais a bhriseadh le haghaidh obair chothabhála. Chomh maith leis an gcárta poist, seans go gcuirfimid tuairiscí chun dáta maidir leis an ngearradh cumhachta beartaithe chugat tríd an gcóras SMS.

Taispeántar bristeacha pleanáilte mar bhioráin ómra ar PowerCheck, mar aon le nuashonruithe ar obair a théann thar am.

Breathnaigh ar PowerCheck

Rabhadh Sábháilteachta:

Ba cheart duit glacadh leis go bhfuil an ceangal le do theach BEO i rith gach gearrtha de bharr go bhféadfadh an soláthar leictreachais teacht ar ais ag am ar bith, ar feadh tréimhsí gairide in amanna, agus an obair ar bun.

  • Gach trealamh leictreonach agus aon trealamh eile a d’fhéadfadh a bheith ina ghuais shábháilteachta nuair a thiocfaidh an chumhacht ar ais, moltar duit iad ar fad a mhúchadh.
  • Má tá GINEADÓIR LEICTREACHAIS agat, déan cinnte de go bhfuil sé ag teacht le rialacha sreangaithe an Údaráis um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann (NSAI) agus go bhfuil sé ceangailte dá réir ionas nach bhféadfadh sé cumhacht a fhothú isteach i gcóras ESB Networks. Is ar mhaithe le do shábháilteacht féin agus sábháilteacht custaiméirí eile atá sé sin.

Nach féidir leat teacht ar an méid atá á lorg agat? Táimid anseo chun cabhrú leat.

Tacaíocht do chustaiméirí