Loga Nochta SF (Saoráil Faisnéise)
FOI10376
Cur síos ar an iarratas
Ar an 8/10/2021 fuair mé ríomhphost uait mar fhreagra ar iarratas SF maidir le gearrthacha i mo cheantar ‑ SF 10341. Is mian liom anois an fhaisnéis chéanna a iarraidh go dtí an 8/7/2022 agus an dáta sin san áireamh. I gcás beagnach gach gearradh inár gceantar bíonn na 106 custaiméir céanna thíos leis ach níl an figiúr sin le feiceáil in aon áit ar an liosta a fuair mé.
FOI10375
Cur síos ar an iarratas
Rochtain ar aon mheastóireachtaí seachtracha ar bhord ESB ó 2018 i leith.
FOI10374
Cur síos ar an iarratas
Maidir le gach ceamara TCI a cheannaigh sibh ó 2017 go dtí an lá atá inniu ann, tabhair:
- Ainm na gcuideachtaí agus na dtáirgí go léir, lena n-áirítear na huimhreacha múnla. Na conarthaí le gach cuideachta. An costas in aghaidh an aonaid agus na costais iomlána, chomh maith le fad ama na gconarthaí agus/nó na gceadúnas.
- Tabhair taifid ina luaitear cumas na gceamaraí TCI (mar aon lena n-aonaid stórála agus phróiseála, cibé acu go logánta, ar fhreastalaí nó sa néa.), amhail aitheantas aghaidhe, scanadh teochta/teirmeach, anailís iompair, brath réada nó brath déimeagrafach (i.e. aois, inscne, éadaí srl).
- Tabhair freisin na doiciméid agus an chumarsáid ar fad a bhain leis an bpróiseas tairisceana le haghaidh gach ceamara TCI a fuarthas idir 2017 agus an lá atá inniu ann.
FOI10371
Cur síos ar an iarratas
Gach doiciméad ina bhfuil fianaise go raibh an cábla snáthoptaice a leagadh ina chuid den scéim bhunaidh a bhain leis an 2 líne 110Kv ó Ármhach go dtí an tSeanchoill in 2012. Aon doiciméid ina mbunaítear mar fhíric cibé acu a bhí nó nach raibh an cábla snáthoptaice breise san áireamh sa tionscadal tosaigh in 2012 nó, i gcás gur críochnaíodh an líne in 2012, cibé acu a bhí nó nach raibh an cábla snáthoptaice a cuireadh leis ina dhiaidh sin ina athrú ar an líne.
FOI10370
Cur síos ar an iarratas
- Taifid ina ndéantar cur síos ar na roghanna bealaigh a cuireadh sa mheá le haghaidh na líne lastuas 38kV atá beartaithe idir an tOileán Mór agus Cnoc an Mhuilinn.
- Taifid ina ndéantar cur síos ar na roghanna bealaigh a cuireadh sa mheá le haghaidh na líne 38kV faoi thalamh atá beartaithe idir an tOileán Mór agus Cnoc an Mhuilinn.
- Taifid ar an gcinneadh gan dul ar aghaidh leis na roghanna bealaigh a ndéantar cur síos orthu ag 1 agus 2 thuas.
- Taifid, i bhfoirm léarscáile/líníochta nó foirm eile, a thaispeánann an bealach is fearr/roghnaithe le haghaidh na líne 38kV atá beartaithe idir an tOileán Mór agus Cnoc an Mhuilinn.
- Taifid ina ndéantar cur síos ar na critéir a úsáideadh le gach ceann de na roghanna bealaigh a mheas, agus aon mheasúnú den sórt sin, a cuireadh sa mheá le haghaidh na líne faoi thalamh 38kV atá beartaithe idir an tOileán Mór agus Cnoc an Mhuilinn.
FOI10365
Cur síos ar an iarratas
Sonraí staitistiúla maidir le ceannach feithiclí leictreacha in Éirinn idir Eanáir 2021 agus Márta 2022.
FOI10363
Cur síos ar an iarratas
FOI10362
Cur síos ar an iarratas
FOI10359
Cur síos ar an iarratas
Líon na ngearrthacha cumhachta ar an líne idir Ciarraí, Trá Lí agus Inse.
Ba mhaith liom na sonraí go léir atá ar taifead.
Ba mhaith liom líon na ngearrthacha cumhachta a chur i gcomparáid leis an meán náisiúnta.
FOI10358
Cur síos ar an iarratas
- Líon na bhfeithiclí agus na leantóirí ar le ESB Networks iad sna blianta 2019, 2020 agus 2021.
- Líon na bhfeithiclí a bhí ar léas ag ESB Networks sna blianta 2019, 2020 agus 2021.
- Costas cothabhála feithiclí sna blianta 2019, 2020 agus 2021.
- Costas cothabhála leantóirí sna blianta 2019, 2020 agus 2021.