Loga Nochta SF (Saoráil Faisnéise)
FOI103310
Cur síos ar an iarratas
Gach sonra, litir, ríomhphost agus comhfhreagras eile ó thríú páirtithe ag gníomhú thar ceann EirGrid ó ESB/ESB Networks i ndáil leis an Idirnascaire Thuaidh Theas chuig an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, ar an 1 Eanáir 2015 nó dá éis.
Gach sonra, litir, ríomhphost agus comhfhreagras eile ó thríú páirtithe ag gníomhú thar ceann EirGrid ó BSL/ESB Networks i ndáil leis an Idirnascaire Thuaidh Theas chuig Comhairlí Contae an Chabháin/Mhuineacháin/na Mí, ar an 1 Eanáir 2015 nó dá éis.
Taifid arna n-ullmhú nó arna mbreithniú ag an Roinn ar an 1 Eanáir 2015 nó dá éis i ndáil leis an Idirnascaire Thuaidh Theas a athrú, a atreorú nó a chur faoi thalamh
Taifid arna seoladh ag EirGrid chuig Líonraí na Roinne ar an 1 Eanáir 2015 nó dá éis i ndáil leis an Idirnascaire Thuaidh Theas a athrú, a atreorú nó a chur faoi thalamh.
FOI10311
Cur síos ar an iarratas
Sonraí, i bhfoirm tháblach, faoi gach gearán agus faoi aon bhearta déanta ag an BSL tar éis gearáin le ESB Networks ó lucht cónaithe an Longfoirt idir an 1 Márta 2020 agus an 1 Márta 2021.
Sonraí, i bhfoirm tháblach, faoi gach gearán agus faoi aon bhearta déanta ag an BSL tar éis gearáin le ESB Networks ó lucht cónaithe Ros Comáin idir an 1 Márta 2020 agus an 1 Márta 2021
Sonraí, i bhfoirm tháblach, faoi gach gearán agus faoi aon bhearta déanta ag an BSL tar éis gearáin le ESB Networks ó lucht cónaithe Liatroma idir an 1 Márta 2020 agus an 1 Márta 2021
FOI10309
Cur síos ar an iarratas
An costas a bhí i gceist leis an bhfoilseachán thíosluaite a chur ar fáil:
"Housing Schemes: Guidebook for ESB Networks Standards for Electrical Services Revision 5 January 2014"
FOI10299
Cur síos ar an iarratas
1. Taifid an phróisis soláthair maidir le dearaí oibre cruach/piolón le haghaidh thionscadal an idirnascaire thuaidh theas, lena n-áirítear na nithe seo a leanas, ach gan bheith teoranta dóibh:
(i) cóip de na cáipéisí soláthair a eisíodh;
(ii) cóip de na dearaí uile oibre cruach/piolón a breithníodh lena n-úsáid i dtionscadal an idirnascaire thuaidh theas; (iii) cóip den chinneadh leis an gconradh / creat-chomhaontú / tairiscint a dhámhachtain faoin bpróiseas soláthair maidir le dearadh oibre cruach/piolón le haghaidh an idirnascaire thuaidh theas, lena n-áirítear miontuairiscí an chruinnithe ina ndearnadh an cinneadh;
(iv) cóip den chonradh / creat-chomhaontú / tairiscint a rinneadh a dhámhachtain faoin bpróiseas soláthair;
(v) cóip de na dearaí agus sonraíochtaí oibre cruach/piolón a ceadaíodh do thionscadal an idirnascaire thuaidh theas;
(iv) cóip d’aon orduithe a rinneadh faoin gconradh / creat-chomhaontú / tairiscint.
2. Taifid an phróisis soláthair maidir le soláthar oibre cruach/piolón do thionscadal an idirnascaire thuaidh theas, lena n-áirítear na nithe seo a leanas ach gan bheith teoranta dóibh:
(i) cóip de na cáipéisí soláthair a eisíodh;
(ii) cóip den chonradh/creat-chomhaontú/tairiscint ar éirigh leis le haghaidh soláthar oibre cruach/piolón don idirnascaire thuaidh theas:
(iii) cóip den chinneadh an conradh/creat-chomhaontú/tairiscint a dhámhachtain faoin bpróiseas soláthair maidir le soláthar oibre cruach/piolón don idirnascaire thuaidh theas, lena n-áirítear miontuairiscí an chruinnithe ina ndearnadh an cinneadh:
(iv) cóip d’aon orduithe a rinneadh faoin gconradh / creat-chomhaontú / tairiscint.
3. Taifid ar aon chreat-chomhaontuithe/conarthaí/tairiscintí eile a dámhadh maidir le soláthar ábhar agus/nó oibreacha a dhéanamh ar thionscadal an idirnascaire thuaidh theas, lena n-áirítear cóip den chonradh/ creat-chomhaontú/conradh, ach gan bheith teoranta dóibh.
FOI10304
Cur síos ar an iarratas
Sonraí faoi shuíomhanna in Éirinn ar tógadh teaghaisí cóngarach (taobh istigh de 5m) d’fhostáisiún.
FOI10302
Cur síos ar an iarratas
Sonraí faoi na gráid tuarastail a úsáidtear i gcomhair baill foirne atá fostaithe i róil um Bainistíocht Sláinte agus Sábháilteachta.
FOI10301
Cur síos ar an iarratas
- Costas (miondealaithe de réir bliana) na hoibre cothabhála a dhéanann ESB Networks ar Shimléir an Phoill Bhig le haghaidh gach bliana ó 2015 go 2020.
- Miondealú ar aon chostais eile a bhaineann le stoic shimléir an Phoill Bhig, de réir bliana ó 2015 go 2020
FOI10300
Cur síos ar an iarratas
- Cóip (i) den chonradh/chomhaontú le Siro Limited i ndáil le “ranníocaíocht sócmhainní líonra arbh fhiú €0.9 milliún iad” dá tagraítear di ar leathanach 25 agus leathanach 28 de chuntais Siro don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2019, (ii) an luacháil/tuairisc ar an idirbheart seo agus (iii) cóip de mhiontuairiscí an chruinnithe inar ceadaíodh an t-idirbheart seo.
- Cóip (i) den “chomhaontú rochtana líonra (IRU)” agus (ii) den “chomhaontú gnó agus aistrithe sócmhainní” dá dtagraítear i gcuntais bhliantúla Siro Limited don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2019.
- Cóip (i) de na luachálacha agus/nó na tuairiscí a rinneadh maidir le nó thar ceann BSL agus/nó ESB Networks CGA i ndáil leis an idirbheart €100 milliún faoin “gcomhaontú sócmhainní líonra (IRU)” agus/nó faoin “gcomhaontú gnó agus aistrithe sócmhainní” sainaitheanta ar leathanach 25 de chuntais Siro Limited agus (ii) cóip de mhiontuairiscí na gcruinnithe inar ceadaíodh an beart/conradh €100 milliún agus (iii) cóip den chinneadh an t-idirbheart a cheadú.
- Taifid ina léirítear méid agus cineál na seirbhísí atá curtha ar fáil do Siro Limited ag ESB Networks CGA agus/nó pearsanra cuí ESB Networks le 12 mhí anuas agus na suimeanna a d’íoc Siro Limited as na seirbhísí sin.
FOI10295
Cur síos ar an iarratas
- Líon na mball foirne innealtóireachta i d’eagraíocht a íocadh nó a aisíocadh a dtáillí ballraíochta bliantúla do Engineers Ireland i bpáirt nó ina iomláine sna blianta 2018 agus 2019.
- Liosta de gach ceann agus aon cheann de na síntiúis ghairmiúla nó táillí ballraíochta (miondealaithe de réir ainm na hinstitiúide, grád an bhaill foirne agus an lín a bhaineann le gach ceann ar leithligh) a íocadh nó a aisíocadh, i bpáirt nó ina iomláine, le linn 2018 agus 2019.
FOI10294
Cur síos ar an iarratas
Lámhleabhar BSL maidir le tógáil nó sonraíochtaí sreanga lasnairde ar an ábhar go bhfuil sé i gceist againn feirm ghaoithe nua a thógáil agus go dteastaíonn uainn an nasc leis an ngreille a mheasúnú.