Loga Nochta SF (Saoráil Faisnéise)
FOI10268
Cur síos ar an iarratas
Na léamha maidir leis na réimsí leictreamaighnéadacha a thagann ó na méadair chliste nua. Cé mhéad radaíochta a astaíonn siad? An bhfuil siad contúirteach domsa nó do dhaoine eile de mo theaghlach? Agus an ndéanfar na méadair seo a uasghrádú go 5g?
FOI10267
Cur síos ar an iarratas
Réamh-mheasúnuithe ar shuíomhanna a bhfuil sreabhán ag sceitheadh ó cháblaí BSL i mBaile Átha Cliath.
FOI10266
Cur síos ar an iarratas
Léarscáil de na fostáisiúin leictreachais in Éirinn (chun inmharthanacht láithreán a mheas), Dún na nGall agus Sligeach go háirithe. Chaithfeadh an léarscáil a bheith mionsonraithe go leor chun an láithreán a shainaithint go beacht (más féidir). B’fhearr í a bheith i bhformáid PDF, más féidir.
FOI10265
Cur síos ar an iarratas
Gach ríomhphost, meabhrán, nóta, miontuairisc agus cáipéis agus cumarsáid eile a bhaineann le haon hiarratas ar BSL chun nascadh leis an líonra nó cuaillí a bhogadh ag Cnoc Rois, Ros Cam, Gaillimh. Lena n-áirítear aon iarratas nó cumarsáid ó Mad Yoke Farm Ltd, Seafront Farm Ltd, Sunmile Ltd, a ngníomhairí nó daoine eile atá ag gníomhú thar a gceann, ach gan a bheith teoranta dóibh, don tréimhse ó 01/01/2018 go dtí an lá inniu.
FOI10264
Cur síos ar an iarratas
Gach ríomhphost, meabhrán, nóta, miontuairisc agus cáipéis agus cumarsáid eile a bhaineann le haon hiarratas chun nascadh leis an líonra nó cuaillí a bhogadh ag Bóthar Chnoc Rois, Ros Cam (féach an ceangaltán). Lena n-áirítear aon iarratas nó cumarsáid ó Proofridge Limited, Grayback Limited, a ngníomhairí nó daoine eile atá ag gníomhú thar a gceann, ach gan a bheith teoranta dóibh, don tréimhse ó 01/01/2019 go dtí an lá inniu.
FOI10261
Cur síos ar an iarratas
Dearbhú faoi aon ghearán faoi dhamáiste a fuair ESB Networks Limited ó cheantar Bhaile Chathail i gCo. Mhaigh Eo le cúig bliana anuas. Dearbhú faoi bhunús an ghearáin, m.sh. damáiste a rinne ESB Networks, nó conraitheoirí , thar a cheann, cén rud a ndearnadh damáiste dó, más bainteach, cathain agus conas a rinneadh an damáiste, agus toradh an ghearáin. Níl aon sonraí pearsanta ag teastáil – iarrtar ort aon sonraí pearsanta a bhaint chun gur féidir é a eisiúint.
FOI10259
Cur síos ar an iarratas
- Gach taifead a bhaineann le haon chomhaontú nó socrú idir ESB Networks agus úinéirí, oibreoirí nó údair an leabhair agus/nó an láithreáin gréasáin “brand new retro” agus an láithreáin gréasáin “totally Dublin”.
- Gach taifead, lena n-áirítear ceadanna/srianta/luach saothair, a bhaineann le húsáid áiseanna ESB Networks, lena n-áirítear áiseanna scanála digití, agus an láithreán gréasáin “brand new retro” agus an láithreán gréasáin “totally Dublin”.
- Gach taifead a bhaineann le comhaontuithe idir ESB Networks agus an láithreán gréasáin agus/nó an leabhair “brand new retro” agus “totally Dublin”, lena n-áirítear maidir le hóstáil agus/nó úsáid íomhánna agus ábhair phriontáilte ar le ESB Networks nó lena réamhtheachtaithe corparáideacha iad. 4. Gach taifead i ndáil le ceadanna a tugadh do phearsanra neamh-ESB Networks chun dul isteach in áitribh córas ESB Networks, agus/nó chun rochtain a bheith acu ar bhonneagar agus/nó sonraí arna gcoimeád in áiseanna oidhreachta agus cartlainne ESB Networks. 5. Gach taifead, lena n-áirítear ceadanna a bhaineann le hobair (le linn na n-uaireanta oifige nó lasmuigh dóibh) phearsanra ESB Networks ar thionscadail i ndáil leis na láithreáin ghréasáin agus foilseacháin “brand new retro” agus “totally Dublin”.
FOI10258
Cur síos ar an iarratas
Aon tuairiscí agus comhfhreagras inmheánach faoin tionchar féideartha ar an nGaorthadh mar thoradh ar oibreacha faoisimh tuile atá beartaithe ar an Laoi Íochtarach i gCorcaigh, 1 Eanáir 2015 go dtí dáta an iarratais seo.
FOI10257
Cur síos ar an iarratas
Sonraí faoi na gráid tuarastail a úsáidtear i gcomhair baill foirne atá fostaithe i róil um Bainistíocht Sláinte agus Sábháilteachta.
FOI10254
Cur síos ar an iarratas
Taifid fabht maidir le láthair Stáisiún Fhionnradhairc (Bóthar Cadogan/Bóthar Addison) idir an 24 Eanáir 2019 agus an 20 Feabhra 2020. Líon na ngearrthacha seirbhíse i gceantar Bhóthar Cadogan/Bóthar Addison. Lena n-áirítear dátaí agus fad ama na ngearrthacha.