Loga Nochta SF (Saoráil Faisnéise)
FOI10331
Cur síos ar an iarratas
Cé mhéad méadar atá suiteáilte sa cheantar thart orm, lena n-áirítear Bóthar Dhraighneáin, Cúirt Dhraighneáin agus Coill an tSionnaigh. Cén buntáiste a bhain mise as an athrú seo agus cathain a bheidh fáil agam ar an bhfaisnéis úsáide a chabhróidh liom mo thomhaltas a rialú.
FOI10329
Cur síos ar an iarratas
- An méid iomlán a chaith ESB Networks ar chomhairle dlí sheachtrach sna blianta 2019, 2020 agus go dtí seo in 2021 i bhfoirm tháblach
- An méid iomlán a d’íoc ESB Networks le gach comhlacht dlí seachtrach as obair a rinneadh thar a cheann sna blianta 2019, 2020 agus go dtí seo in 2021 i bhfoirm tháblach
FOI10328
Cur síos ar an iarratas
Ba mhaith liom eolas a iarraidh maidir leis an bplé a tharla idir Lidl Ireland agus BSL maidir le saincheisteanna acmhainne a bhain le soláthar pointí luchtaithe d’fheithiclí leictreacha ag siopa Lidl ar Bhóthar Chnocán San Aignéas i bPáirc na hEaglaise Cathair Chorcaí ón 1 Feabhra 2015 go dtí seo. An fhaisnéis atá á hiarraidh agam, baineann sí leis an gcúis nach bhfuil na luchtairí sin ann inniu agus an focal ó Lidl gur fadhb acmhainne soláthair cumhachta ba chúis leis sin.
FOI10327
Cur síos ar an iarratas
Taifid/doiciméid ina léirítear costais slándála agus cíosa an ghineadóra ag Cúil Chomhair, Maigh Chromtha, Co. Chorcaí ó 2012 i leith. Tá an suíomh in aice le Taiscumar Charraig an Droichid, óna soláthraítear uisce óil do thart ar 95,000 duine agus do Scéim Hidrileictreach BSL níos faide síos an abhainn ag Inis Cara.
FOI10325
Cur síos ar an iarratas
Comhfhreagras chuig agus ó POF BSL maidir le scartáil Stáisiún Cumhachta Uíbh Fhailí Thiar agus/nó úsáidí malartacha a bhaineann leis an tionchar a bheadh aige nó a d’fhéadfadh a bheith aige ar cheadúnas oibreora córais dáileacháin BSL.
FOI10326
Cur síos ar an iarratas
Miontuairiscí cruinnithe, cláir oibre agus sceidil le haghaidh cruinnithe amach anseo a bhaineann le Scéim Pinsin le Ranníocaíocht Shainithe Bhord Soláthair an Leictreachais - An Coiste Airgeadais agus Infheistíochta
FOI10324
Cur síos ar an iarratas
Aon fhaisnéis a d’fhéadfá a thabhairt maidir le líon agus méid na ngearrthacha cumhachta i bPoblacht na hÉireann le cúig bliana anuas. Is é sin idir Meitheamh 2016 agus Meitheamh 2021.
FOI10323
Cur síos ar an iarratas
Comhfhreagras le 12 mhí anuas chuig agus ó POF BSL maidir le Stáisiún Cumhachta Uíbh Fhailí Thiar, ar a dtugtar Stáisiún Cumhachta Dhroichead na Sionainne chomh maith, maidir lena scartáil agus/nó le húsáidí malartacha le haghaidh an láithreáin.
FOI10322
Cur síos ar an iarratas
Beartas agus nósanna imeachta ESB Networks maidir le maoin phríobháideach úinéara talún eile a nascadh.
An bhfuil beartas, i bhfoirm chlóite, ag ESB Networks le haghaidh cásanna ina gcuireann úinéir talún amháin i gcoinne an chirt atá ag duine aonair eile nasc a bhunú leis an líonra leictreachais thar thalamh an úinéara talún sin, agus an féidir cóip den bheartas sin a fháil? (Ba leor cóip den alt/de na hailt iomchuí agus den leathanach teidil).
FOI10320
Cur síos ar an iarratas
Miondealú de réir ceantair agus dúiche ar na tobhaigh PSO ó tugadh isteach iad. Más ann do liosta ina dtugtar na ceantair dáileacháin – úsáideadh aitheantóir uimhriúil trí dhigit a bhí bunaithe ar na ceantair dáileacháin 10kV.