Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Gearrthacha cumhachta

Cás éigeandála

Má tá tú i gcás éigeandála nó má fheiceann tú línte nó trealamh líonra a bhfuil damáiste déanta dóibh, NÁ LEAG LÁMH ORTHU AGUS NÁ TÉIGH GAR DÓIBH. Cuir fios orainn láithreach bonn ar an uimhir thíos.

Custaiméirí Leochaileacha

Ceann de phríomhthosaíochtaí ESB Networks is ea freastal ar riachtanais na gcustaiméirí siúd is mó a bheadh i mbaol dá gcaillfidís a soláthar leictreachais. I measc na gcustaiméirí leochaileacha sin tá na custaiméirí siúd a dteastaíonn uathu fearas leictreach míochaine ar bhonn laethúil.

Téigh chuig Custaiméirí leochaileacha

Ceisteanna coitianta

An bhféadfaí mo thionscadal a chur isteach mar thionscadal faoi stiúir an phobail?


Le hiarratas a dhéanamh mar thionscadal faoi stiúir an phobail, ní mór do do thionscadal a bheith ag teacht leis na ceanglais seo:

 

  • Uasacmhainn Easpórtála (MEC) níos mó ná 0.5 MW nó cothrom leis agus níos lú ná 5 MW nó cothrom leis;
  • Úsáid a bhaint as ceann amháin nó níos mó de na teicneolaíochtaí giniúna fuinnimh in-athnuaite seo a leanas (agus ní in éineacht le teicneolaíochtaí giniúna neamh-in-athnuaite): tuirbíní gaoithe (gaoth), grianphainéil fhótavoltacha (grianchumhacht), tuirbíní hiodrálacha (uisce), ach gan tionscadail taiscthe caidéalaithe, tionscadail dramhaíl go fuinneamh, tionscadail bhithmhaise agus tionscadail bhithgháis a áireamh.

 

Ina theannta sin, caithfidh an tionscadal faoi stiúir an phobail a bheith ag teacht leis na sainmhínithe seo a leanas:

 

(a) Ag gach tráth ábhartha, caithfidh an tionscadal a bheith faoi úinéireacht 100% ar a laghad Pobal Fuinnimh In-Athnuaite (an "Pobal Fuinnimh In-Athnuaite Ábhartha"), trí bhíthin (i) sócmhainní an tionscadail ECP a bheith faoina úinéireacht dhíreach, nó (ii) na scaireanna sa ghineadóir a bheith faoina úinéireacht dhíreach; agus

 

(b) Ag gach tráth ábhartha, caithfear 100% ar a laghad de na brabúis, de na díbhinní agus de na barrachais ar fad a bhfuiltear ag súil leo ón tionscadal a chur ar ais chuig an bPobal Fuinnimh In-athnuaite Ábhartha.

Eolas eile uait? Táimid anseo le cabhrú leat.

Ar aghaidh chuig Tacaíocht do chustaiméirí