Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Gearrthacha cumhachta

Cás éigeandála

Má tá tú i gcás éigeandála nó má fheiceann tú línte nó trealamh líonra a bhfuil damáiste déanta dóibh, NÁ LEAG LÁMH ORTHU AGUS NÁ TÉIGH GAR DÓIBH. Cuir fios orainn láithreach bonn ar an uimhir thíos.

Custaiméirí Leochaileacha

Ceann de phríomhthosaíochtaí ESB Networks is ea freastal ar riachtanais na gcustaiméirí siúd is mó a bheadh i mbaol dá gcaillfidís a soláthar leictreachais. I measc na gcustaiméirí leochaileacha sin tá na custaiméirí siúd a dteastaíonn uathu fearas leictreach míochaine ar bhonn laethúil.

Téigh chuig Custaiméirí leochaileacha

Ceisteanna coitianta

Caithfidh mé m’áitreabh a dhínascadh ón líonra leictreachais. Céard is gá dom a dhéanamh?

Déan teagmháil le do Sholáthraí Leictreachais agus abair leo gur mian leat do sholáthar leictreachais a dhínascadh. Más mian leat go mbainfear an méadar, is féidir le do sholáthraí socruithe a dhéanamh le go ndéanfar amhlaidh ag an am céanna. Bíodh d’uimhir chuntais nó do   MPRN agat. Má tá níos mó ná méadar amháin agat, tabhair don soláthraí na huimhreacha méadair go léir (Uimhreacha RM) atá le feiceáil ar aghaidh na méadar.

Eolas eile uait? Táimid anseo le cabhrú leat.

Ar aghaidh chuig Tacaíocht do chustaiméirí