Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Gearrthacha cumhachta

Cás éigeandála

Má tá tú i gcás éigeandála nó má fheiceann tú línte nó trealamh líonra a bhfuil damáiste déanta dóibh, NÁ LEAG LÁMH ORTHU AGUS NÁ TÉIGH GAR DÓIBH. Cuir fios orainn láithreach bonn ar an uimhir thíos.

Custaiméirí Leochaileacha

Ceann de phríomhthosaíochtaí ESB Networks is ea freastal ar riachtanais na gcustaiméirí siúd is mó a bheadh i mbaol dá gcaillfidís a soláthar leictreachais. I measc na gcustaiméirí leochaileacha sin tá na custaiméirí siúd a dteastaíonn uathu fearas leictreach míochaine ar bhonn laethúil.

Téigh chuig Custaiméirí leochaileacha

Ceisteanna coitianta

Cén chaoi ar féidir liom clárú le haghaidh Cuntas ar Líne ESB Networks?

Is éasca an rud é cuntas ar líne a chruthú.  Is féidir leat do sheoladh ríomhphoist a úsáid le clárú anseo agus pasfhocal a shocrú le logáil isteach.  Beidh ort d’ainm agus d’uimhir fóin póca a chur isteach.  Tá sé tábhachtach go n‑úsáidfeá an t‑ainm agus an uimhir fóin póca atá cláraithe agat le do sholáthraí reatha leictreachais.

Le bheith in ann roinnt seirbhísí a úsáid, ní mór duit uimhir thagartha mhéadarphointe (MPRN) d’áitribh a bheith cláraithe agat.  Is féidir leat do MPRN a chur leis tráth do chláraithe nó an tseirbhís ‘Aimsigh mo MPRN’ a úsáid le teacht air ar ball.  Is féidir leat teacht ar do MPRN ar do bhille leictreachais – le tuilleadh sonraí a fháil cliceáil anseo. Bainfimid úsáid as próiseas fíordheimhnithe dhá fhachtóir chun an MPRN a fhíorú, rud á dhéantar trí SMS a sheoladh chuig an bhfón póca atá cláraithe leis an MPRN.

Ní gá MPRN a chlárú le húsáid a bhaint as cuid de na seirbhísí a chuirtear ar fáil i gCuntas ar Líne ESB Networks, m.sh., Aimsigh mo MPRN agus Iarratais ar Naisc Nua.

Eolas eile uait? Táimid anseo le cabhrú leat.

Ar aghaidh chuig Tacaíocht do chustaiméirí