Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Faigh nasc

An gá dom aon rud eile a sheoladh ar ais leis an íocaíocht?
Tá sé iontach tábhachtach an comhdhuille ón sonrasc a cheangal lena chur isteach leis an íocaíocht.
Cá bhfaighidh mé faisnéis gar don fhíoram ón méadar cliste?
Teastaíonn gléas tríú páirtí atá ceangailte leis an mbíog LED ar an taobh tosaigh den mhéadair chliste le haghaidh rochtain ar Fhaisnéis Neas-fhíorama ónár méadar cliste.  De ghnáth, bíonn taispeáint intí i gceist leis an ngléas tríú páirtí nó aip a thaispeánann an fhaisnéis neas-fhíorama.  
 
Is tábhachtach a lua nach gcuireann ESB Networks na gléasanna seo ar fáil ná ní chuireann aon tacaíocht ar fáil a bhaineann leis an táirge.  
 
Má bhíonn aon cheisteanna agat faoin bhfeiste, déan teagmháil leis an soláthraí. 
Cén áit ar féidir gléas Bíog LED a cheannach?
Ba cheart Léitheoirí Bíog LED a cheannach ó mhonaróir creidiúnach agus ba cheart a chinntiú go gcomhlíonann sé gach caighdeán sábháilteachta Eorpach ábhartha agus go bhfuil comhartha CE air.  
 
Ní chuireann ESB Networks aon déantóir ná táirge chun tosaigh.  
 
Is tábhachtach a lua nach gcuireann ESB Networks na gléasanna seo ar fáil ná ní chuireann aon tacaíocht ar fáil a bhaineann leis an táirge.  
 
Lean treoracha sábháilteachta an déantóra faoin dóigh le feistí tríú páirtí a shuiteáil ar an méadar cliste. 
Cad is faisnéis gar don fhíoram ann?
Déanann Léitheoir Bíog LED na bíoga a astaíonn méadar cliste leictreachais a thomhas chun sonraí a bhailiú faoin ídiú leictreachais gar don fhíoram. Is iondúil gurb ionann gach bíog agus méid sonrach fuinnimh ídithe, arna thomhas de ghnáth i vatuaireanta (Wh) nó i gcileavatuaireanta (kWh).  
 
Toisc nach dtéann na sonraí seo trí chóras bainistíochta sonraí méadair ESB Networks ní dhéantar aon bhailíochtú orthu. Déanann ESB Networks roinnt seiceálacha ar shonraí an mhéadair a bhailítear ó mhéadair chliste lena chinntiú go bhfuil na léamha cruinn agus go bhfuil an clog ama ar an méadar cruinn.  
Cén difear atá ann idir faisnéis gar d’fhíoram agus Cuntas ar Líne ESB Networks?
Téann an fhaisnéis a léirítear sa Chuntas Ar Líne faoi phróisis bhailíochtaithe críochnúla, arna mbainistiú ag ESB Networks, lena chinntiú go bhfuil sí cruinn agus go sanntar don tréimhse cheart í.  
 
Ní théann an fhaisnéis a chuirtear ar fáil go díreach tríd an Léitheoir Bíog LED trí na próisis bhailíochtaithe sin, rud fhágann gur féidir roinnt difríochtaí beaga a bheith ann idir an fhaisnéis a fheictear ar líne agus ar an léitheoir. 
An mbaineann an RGCS le Faisnéis gar don fhíoram?
Ní sonraí pearsanta é an bíog LED féin; ní dhéanfar faisnéis fhónta a bhaint as ach sa chás go gceanglaíonn an custaiméir gléas léitheoireachta bíog LED leis an méadar agus é a phéireáil le taispeáint nó le haip. Ní hé ESB Networks Rialaitheoir ná Próiseálaí (mar a shainmhínítear de réir RGCS) na sonraí a fhaightear tríd an léitheoir bíog LED agus níl sé freagrach as sonraí dá leithéid a bhainistiú ná a chosaint. 
An gcuirfear in iúl dom nuair a bheidh acmhainn bhreise ar fáil i mo shuíomh?
Léireofar eolas chun dáta ar an Léarscáil Acmhainne Giniúnaatá le fáil ar ár suíomh gréasáin de réir agus a thagann athrú ar an acmhainn atá ar fáil ar fud na tíre.
An bhfuil obair ar siúl chun acmhainn bhreise a fhorbairt sa líonra leictreachais i limistéir LMEC?

De ghnáth, beidh gá leis an gcuid is mó d’fhostáisiúin a uasghrádú ar chúiseanna leictriúcháin agus beidh níos mó acmhainne ag na fostáisiúin uasghrádaithe seo freastal ar easpórtáil giniúna, toisc go mbeidh na Claochladáin níos mó ach, chomh maith leis sin, toisc go mbeidh an méadú ar an ualach áitiúil in ann glacadh le giniúint freisin. Tógfaidh sé roinnt blianta na tionscadail seo a phleanáil agus a chur i gcrích.


Ina theannta sin, beidh bainistíocht dhinimiciúil ar ualach agus ar ghiniúint ina ghné d'oibriú líonra amach anseo, agus is dócha go n-éascóidh sé seo tuilleadh easpórtála.

Cé iad na limistéir den Líonra Leictreachais ina bhfuil acmhainn theoranta ar fáil?
Is féidir an t-eolas seo a fháil ar leathanach gréasáin Líonraí BSL dar teideal Léarscáil den Acmhainn atá ar Fáilagus tá míniú ar an léarscáil ar fáil snaCeisteanna Coitianta maidir leis an Léarscáil Acmhainne.
Cad iad na Scéimeanna Iarratais ar Ghiniúint a mbaineann tairiscintí naisc LMEC leo faoi láthair?

Faoi láthair, níl tairiscintí Uasacmhainne Easpórtála Teoranta ar fáil ach amháin d'iarratasóirí atá ag lorg nasc faoi na Scéimeanna Mionghiniúna agus na Scéimeanna Giniúna ar an Mionchóir.

Cén leibhéal Uasacmhainne Easpórtála (MEC) a thairgtear faoi LMEC?

Éilíonn tairiscintí naisc LMEC go mbeidh easpórtáil an chórais teoranta do na hUasacmhainní Easpórtála seo a leanas:

  • 6kVA más céim aon phas an nasc.
  • 11kVA más céim 3 phas an nasc agus é á nascadh leis an líonra Ísealvóltais nó Meánvóltais.
An bhfuil aon cheanglais bhreise i gceist chun nasc LMEC a fháil?
Má bhaineann d'iarratas le limistéar LMEC, beidh Scéim Teorannaithe Easpórtála (ELS) éigeantach. Is féidir tuilleadh eolais faoi ELS a fháilanseo.A Is féidir scéim ELS a chur i bhfeidhm ag baint úsáide as Athsheachadán Cumhachta Droim ar Ais nó as córas rialaithe ELS. Maidir le Córas Rialaithe ELS, beidh ort Foirm Dhearbhaithe Táirge na Scéime Teorannaithe Easpórtála a chur ar fáil ón Déantóir – is féidir an teimpléad a fháilanseo. Th Caithfidh an Déantóir an fhoirm seo a chomhlánú agus a shíniú.
An bhfuil baint idir an Uasacmhainn Easpórtála Theoranta (LMEC) agus méid an chórais is féidir liom a shuiteáil faoi na scéimeanna éagsúla?
Cuireann an LMEC srian ar mhéid na heaspórtála atá ar fáil ó naisc nua um Micrighiniúint agus Giniúint ar an Mionchóir nua suas go méid nach mó ná 6KVA (aon phas), 11kVA (trí phas), beag beann ar mhéid an chórais atá suiteáilte. Saintréithe teicniúla an naisc áitiúil is ea a chinneann na teorainneacha a bhaineann le méid an ghineadóra is féidir a shuiteáil. Go ginearálta, éileoidh tairiscintí naisc LMEC go suiteálfar Scéim Teorannaithe Easpórtála (ELS) chun easpórtáil an chórais a theorannú ag an Uasacmhainn Easpórtála ceadaithe (MEC) go méid nach mó ná 6KVA (aon phas), 11kVA (trí phas). Is féidir tuilleadh eolais faoi ELS a fháil  anseo.  
Cén fáth go bhfuil gá le tairiscintí naisc a eisiúint le haghaidh Uasacmhainn Easpórtála Theoranta (LMEC)?

Ionas gur féidir a chinntiú go gcoinneofar sábháilteacht, cobhsaíocht agus iontaofacht na heangaí, is gá dúinn a leithéid seo de nasc a thairiscint i limistéir ina bhfuil acmhainn theoranta ar fáil ar an líonra leictreachais.

An riachtanas é sonraí Armónacha a chur ar fáil faoin Scéim um Ghiniúint ar Scála Beag?

I gcás gineadóirí nasctha le hInbhéartóir os cionn 72A/céim (17kVA 1ph/50kVA 3ph), caithfear measúnú ar leithligh a dhéanamh ar armónaigh. Is éard atá i gceist leis seo ná armónaigh aonair an ghineadóra a thógáil agus a dtionchar aonair agus carnach a mheas ag an nascphointe.

Beidh na luachanna armónacha a thugtar in Amps (an t-aon formáid atá inghlactha) suas go dtí an 40ú Armónach ar a laghad ar fáil ón déantóir nó b'fhéidir ó Theastas Tástála Cineál arna cur ar fáil ag an déantóir.

I gcás Gineadóirí Sioncrónacha, ní cheaptar go mbeidh armónaigh ina bhfadhb agus, mar sin, níl sonraí á lorg faoi láthair.

Céard atá i gceist le hUasacmhainn Easpórtála Theoranta (LMEC)?

Is éard atá i gceist leis an téarma Uasacmhainn Easpórtála Theoranta (LMEC) ná na naisc um Micrighiniúint agus um Ghiniúint ar an Mionchóir atá ar fáil sna limistéir sin den líonra leictreachais ina bhfuil líon mór nasc le gineadóirí easpórtála i bhfeidhm cheana féin, i gcoibhneas leis an acmhainn líonra leictreachais atá ar fáil ag leibhéil voltais níos airde sa suíomh sin. Ciallaíonn sé go bhfuil acmhainn theoranta ar fáil faoi láthair chun glacadh le tuilleadh nasc easpórtála.

Tá gineadóir leabaithe agam mar Chúltaca ar sholáthar éigeandála (gineadóirí comhthreomhara gearrthéarmacha) agus ní nascann leis an líonra ach ar feadh tréimhsí gearra. An gá dom é a fhógairt ar m'iarratas, agus an mbeidh tionchar aige ar mo MIC?

Más rud é nach mbíonn an gineadóir riamh comhthreomhar leis an líonra leictreachais, nó nach bhíonn sé comhthreomhar leis ach amháin le haghaidh 3 nóiméad agus é ag casadh ar/as ar feadh tréimhse nach mó ná 5 nóiméad sa mhí, luaitear ar an bhfoirm iarratais iad mar Ghiniúint atá ann cheana. Ní áirítear an acmhainn giniúna suiteáilte a bhaineann leis an ngineadóir seo agus measúnú á dhéanamh ar leibhéal foriomlán na giniúna atá suiteáilte ar an láithreán chun críche Mion-Ghiniúna, Giniúna ar Scála Beag nó chun measúnú a dhéanamh ar Ghiniúint Iomlán Suiteáilte.

Tá m’iarratas ar athrú MIC ar feitheamh i gcóras ESB Networks. An féidir liom iarratas ar Ghiniúint ar Scála Beag a chur isteach agus mé ag fanacht go gcuirfear an t-athrú MIC i gcrích?

Is féidir. Is féidir linn freastal ar iarratais NC8/NC5 ar Ghiniúint Scála Beag ag an am céanna agus athrú MIC más rud é gur tháinig an t-iarratas ar athrú MIC isteach tríd an gcainéal iarratais ábhartha agus go bhfuil sé á phróiseáil. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin mír ‘Do Leibhéal Soláthair a Athrú’.


Ní rachaidh an t-iarratas um Ghiniúint ar Scála Beag chun cinn ach amháin go comhthreomhar leis an iarratas ar mhéadú MIC agus beidh sé ag brath ar dhul chun cinn agus cur i gcrích an iarratais sin.


Tabhair faoi deara: Ní chinntíonn méadú ar an MIC go mbeidh tú in ann an MEC iomlán atá uait a fháil. Ní féidir é sin a chinneadh ach amháin trí staidéar teicniúil sonrach a dhéanamh ar an líonra áitiúil, rud a dhéanfar mar chuid den phróiseas agus a chuirfidh bonn eolais faoin MEC atá ar fáil, nó faoi imlíne ar an obair athneartaithe a theastaíonn chun MEC sonrach a chumasú. Féadfaidh athróga éagsúla amhail fad ón gclaochladán, an acmhainn atá ar fáil, armónaigh, éagothroime féideartha, etc. tionchar a imirt ar thorthaí an staidéir sin. Mar sin, molaimid do chustaiméirí fanacht go mbeidh an staidéar seo curtha i gcrích agus a dtairiscint naisc faighte acu sula ndéantar cinneadh ceangailteach maidir le mionsonraí deiridh a suiteála.

Tá Nasc MV agam. An féidir liom iarratas a dhéanamh faoi Ghiniúint ar Scála Beag?
Is féidir, tá naisc MV incháilithe faoin Scéim um Ghiniúint ar Scála Beag. Chun tuilleadh sonraí a fháil, léigh na coinníollacha a rialaíonn an saghas giniúna  seo.
An bhfuil athsheachadáin chosanta G10 éigeantach do gach suiteáil um Ghiniúint ar Scála Beag, nó an é nach bhfuil sé ag teastáil ach amháin nuair a bhíonn acmhainn an inbhéartóra suiteáilte níos mó ná an MEC?

Bíonn Athsheachadáin Chosanta G10 ag teastáil i gcás gach Suiteála um Ghiniúint ar Scála Beag. Ní bhíonn siad ag teastáil le haghaidh suiteálacha Micri-Ghiniúna agus Mion-Ghiniúna toisc go bhfuil na socruithe cosanta laistigh den Inbhéartóir cheana féin.