Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Iarratas

An féidir liom m'fhoirm iarratais a phriontáil?

Is féidir. Ar an leathanach Mo Iarratais Nasctha, tá rogha ann leis an bhfoirm iarratais a íoslódáil. I ndiaidh duit í a íoslódáil, is féidir í a phriontáil.
Cén fáth a bhfuil an dáta 'Iarratas Comhlánaithe' níos déanaí ná an fíordháta ar chomhlánaigh mé an t-iarratas?
Is é an dáta 'Iarratas Comhlánaithe' an dáta a bpróiseálann ár bhFoireann Nasc Nua an t-iarratas.
Chomhlánaigh mé m'iarratas ach tá 'Iarratas ar Siúl' luaite leis go fóill

Nuair a bheidh d'iarratas próiseáilte ag ár bhFoireann Nasc Nua, athróidh stádas d'iarratais go 'Iarratas Curtha Isteach'.
Céard atá i gceist le 'hIarratas ar Siúl'?

Is éard atá i gceist le 'Iarratas ar Siúl' ná:


  • Tá tú ag obair ar d'fhoirm iarratais ach níl sí curtha isteach agat go fóill, nó
  • Tá d'iarratas faighte againn agus tá ár bhFoireann Nasc Nua ag déanamh athbhreithniú air
  • A luaithe a bheidh d'iarratas nuashonraithe ar ár gcóras, beidh tú in ann an dul chun cinn a rianú.

 

Is é an dáta atá ar taispeáint ar do Rianaire an dáta ar próiseáladh d'iarratas.

Cén fhaisnéis a chaithfidh mé a bheith agam le Foirm Iarratais Tí nó Tráchtála a chomhlánú?

Caithfidh tú na sonraí seo a leanas a bheith agat:

  • Ainm
  • Seoladh an láithreáin
  • Seoladh i gcomhair comhfhreagrais
  • Seoladh ríomhphoist
  • Uimhir fóin theagmhála
  • Caithfear léarscáil de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis (scála 1:2500 i gceantair faoin tuaithe, 1:1000 i gceantair uirbeacha) agus plean láithreáin (scála 1:100-1:500) a chur isteach. Bíodh an láithreán imlínithe i ndath dearg ar an léarscáil de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis. Is iad seo na léarscáileanna céanna a theastaíonn le cead pleanála a fháil. Déan cinnte go bhfuil imlíne dhearg thart ar d’fhoirgneamh ar na léarscáileanna seo. Is féidir léarscáileanna a ordú ag  www.osi.ie
  • Comhordanáidí láithreáin a thugann suíomh beacht geografach d'áitribh
  • An acmhainn nasctha a bheidh ag teastáil uait agus sonraí faoi aon lóid throma, amhail teaschaidéil. Téigh i gcomhairle le do Chonraitheoir Leictreach lena chinntiú go gcuirfimid soláthar leordhóthanach ar fáil.
Cén fáth nach féidir liom breathnú ar m'iarratas ar amlíne an rianaire?

Ní féidir leat breathnú ar d'iarratas ar líne ach amháin má chláraigh tú ar líne agus má chuir tú foirm iarratais chomhlánaithe isteach ar líne.

Mura féidir leat breathnú ar an bhfoirm iarratais ar líne, is dócha:


  • Gur chuir tú Foirm Iarratais i scríbhinn isteach sular chláraigh tú ar líne. Más rud é gur luaigh tú do sheoladh ríomhphoist i d’iarratas, rachfar i dteagmháil leat a luaithe a bheidh athbhreithniú déanta air. Seans go dtógfaidh sé sin cúpla lá. Más mian leat seoladh ríomhphoist a chur le d'iarratas, déan teagmháil linn ag Customer.New.Connections@esb.ie
  • nach bhfuil Foirm Iarratais comhlánaithe agat go fóill. Is féidir leat 'Iarratas Nua' a roghnú le dul chuig an bhFoirm Iarratais.
  • Gur chláraigh tú le seoladh ríomhphoist difriúil leis an gceann a thug tú ar d’fhoirm iarratais.
  • Murar thug tú do sheoladh ríomhphoist, nó más mian leat é a athrú, seol ríomhphost chugainn ag Customer.New.Connections@esb.ie.
Tá iarratas á dhéanamh agam ar nasc le haghaidh áitreabh feirme. Ar cheart dom iarratas a dhéanamh ar Nasc Tí nó Nasc Tráchtála?
Meastar gach nasc atá níos lú ná 29 kVA a bheith ina nasc tí. Meastar gach nasc atá níos mó ná 29 kVA a bheith ina nasc tráchtála.
Cén chaoi ar féidir liom iarratas a dhéanamh ar Nasc Gineadóra?

Ní féidir iarratas a dhéanamh ar líne ar nasc gineadóra. Le faisnéis a fháil maidir le hiarratas a dhéanamh ar nasc gineadóra, téigh chuig

 

Naisc Ghineadóra

An féidir liom níos mó ná iarratas amháin a dhéanamh tríd an tairseach seo?

Is féidir. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar roinnt nasc mar chuid d’aon chlárú amháin.

 

Nuair a bheidh tú cláraithe, comhlánaigh an chéad fhoirm iarratais.

An gá dom labhairt le mo Chonraitheoir Leictreach sula gcomhlánaím an fhoirm iarratais seo?

Molaimid duit labhairt le do Chonraitheoir Leictreach sula gcomhlánaíonn tú an chuid den fhoirm a bhaineann le Toilleadh an Naisc lena chinntiú go gcuirfimid soláthar leordhóthanach ar fáil duit.

Tá faisnéis ag teastáil uaim maidir le méadar 24 uair an chloig agus méadar Lae/Oíche?

Déan teagmháil le do rogha soláthraí leictreachais leis an bhfaisnéis a fháil. Is féidir teacht ar liosta na soláthraithe anseo:

www.cru.ie

Cén kVA nó toilleadh ba cheart dom a lua le haghaidh mo naisc nua?

Molaimid duit dul i gcomhairle le do chonraitheoir leictreachais, a bheidh in ann labhairt leat faoi do riachtanais ó thaobh toilleadh/kVA de.
Cé na scálaí atá ag teastáil i gcás na léarscáile de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis agus an phlean láithreáin?

Léarscáil de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis

Scála 1:2500 i gcás áitribh i gceantair faoin tuaithe agus 1:1000 i gcás áitribh i gceantair uirbeacha.


Plean Láithreáin

Scála 1:100 i gcás áitribh i gceantair faoin tuaithe agus 1:500 i gcás áitribh i gceantair uirbeacha.

An féidir liom mo shonraí teagmhála a athrú tar éis dom clárú?
Más mian leat do shonraí teagmhála (r-phost san áireamh) a nuashonrú le haghaidh jab atá ar siúl cheana, téigh chuig M’Iarratais agus Rianaigh do Nasc.
An gá dom an fhoirm iarratais ar fad a chomhlánú d’aon iarraidh nó an féidir liom teacht ar ais chuici?
Is féidir leat d'fhoirm iarratais a shábháil agus teacht ar ais chuici. Sábhálfar an fhaisnéis atá curtha isteach agat sna codanna atá comhlánaithe agat.

Eolas eile uait? Táimid anseo le cabhrú leat.

Ar aghaidh chuig Tacaíocht do chustaiméirí