Clárúchán
Cé chomh fada is a bheidh an cód fíoraithe bailí?
An féidir liom an seoladh ríomhphoist a úsáidim a athrú tar éis dom clárú?
Tá iarratas á dhéanamh agam le haghaidh áitreabh tráchtála agus áitreabh baile. An féidir liom é sin a dhéanamh in aon iarratas amháin?
Caithfidh. Agus tú cláraithe ar líne, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar níos mó ná nasc amháin.
Tá mo phasfhocal dearmadta agam. Cén dóigh le pasfhocal nua a fháil?
Tá mé ag cur isteach ar níos mó ná nasc amháin. An gá dom clárú dóibh ceann ar cheann?
Agus mé cláraithe, cad iad na rudaí a bheidh mé in ann a chur i gcrích ar líne?
Tá iarracht déanta agam an clárúchán a chur i gcrích ach tá teachtaireacht earráide ann.
An bhfuil uasteorainn ama ann chun an clárú ar líne a chur i gcrích?
Cá fhad a thógann sé le clárú?
Tógfaidh sé cúpla nóiméad ort clárú. Beidh an clárú i gcrích nuair a dhéanfaidh tú do sheoladh ríomhphoist a chur isteach, an cód a chuirfimid chugat ar r-phost a fhíorú agus do phasfhocal a dheimhniú.
Cén t-eolas a bheidh de dhíth orm chun an clárú ar líne a chur i gcrích?
Beidh seoladh ríomhphoist de dhíth ort. Úsáidfidh tú é sin am ar bith is mian leat dul chun cinn an iarratais a sheiceáil. Nuair a bheidh do sheoladh ríomhphoist curtha isteach agat agus ‘Seol Cód Fíoraithe’ cliceáilte agat, beidh ort an cód sin a fháil ó do chuntas ríomhphoist agus a chur isteach ar leathanach an chlárúcháin. Nuair a bheidh an seoladh ríomhphoist agus an cód fíoraithe againn, beidh ort pasfhocal slán a chur isteach. Beidh tú cláraithe nuair a chliceálfaidh tú ar ‘Cláraigh’.
Cén chaoi ar féidir liom iarratas a dhéanamh ar líne le haghaidh Naisc ar Líne?
Sa chéad dul síos, caithfidh tú clárú le haghaidh Naisc ar Líne. Beidh fáil agat ar an bhfoirm iarratais ar líne ansin. Is féidir clárú le haghaidh Naisc ar Líne anseo.
Beidh seoladh ríomhphoist de dhíth ort. Úsáidfidh tú é sin am ar bith is mian leat dul chun cinn an iarratais a sheiceáil. Nuair a bheidh do sheoladh ríomhphoist curtha isteach agat agus ‘Seol Cód Fíoraithe’ cliceáilte agat, beidh ort an cód sin a fháil ó do chuntas ríomhphoist agus a chur isteach ar leathanach an chlárúcháin. Nuair a bheidh an seoladh ríomhphoist agus an cód fíoraithe againn, beidh ort pasfhocal slán a chur isteach. Beidh tú cláraithe nuair a chliceálfaidh tú ar ‘Cláraigh’.
Cé hiad na daoine is féidir iarratas a dhéanamh ar líne le haghaidh naisc ar líne?
Is féidir le custaiméirí tí agus custaiméirí tráchtála a bhfuil naisc de dhíth orthu le haghaidh forbraíochtaí aonair nó ilaonad, mar aon leis na custaiméirí siúd atá ag iarraidh go ndéanfar an toilleadh a athrú.
Is féidir le custaiméirí tí agus custaiméirí tráchtála iarratas a dhéanamh ar líne chun athnascadh a fháil más rud é go bhfuil an t-áitreabh dínasctha le dhá (2) bhliain nó níos faide.