Inrochtaineacht
Ráiteas Inrochtaineachta
Tá gealltanas tugtha ag ESB go ndéanfaidh sé suíomh gréasáin inrochtana dá shuíomh gréasáin, i gcomhréir le Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Inrochtaineacht Suíomhanna Gréasáin agus Feidhmchlár Móibíleach de chuid Comhlachtaí san Earnáil Phoiblí), 2020.
Baineann an ráiteas inrochtaineachta seo leis an ábhar a fhoilsítear ar www.esbnetworks.ie.
Stádas Comhlíontachta
Níl an suíomh gréasáin seo ag comhlíonadh na dTreoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair Gréasáin, 2.1 Leibhéal AA de bharr ábhar neamh-inrochtana a bheith ann agus díolúintí a bheith i bhfeidhm. Tá siad sin le feiceáil sa liosta thíos, mar aon le míniú gairid ar an tionchar a bheidh acu ar an úsáideoir agus ar na critéir ratha de WCAG atá i gceist.
Ábhar Neamh-inrochtana
Liostaí: Roinnt liostaí a bhfuil scagairí nó roghchláir anuas ag gabháil leo, níl siad clibeáilte go cuí, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chur isteach orthu siúd a úsáideann léitheoirí scáileáin (treoirlíne 1.3.1 de WCAG).
Codarsnacht Datha: Tá codarsnacht íseal datha i gceist le roinnt téacs, cnaipí agus nasc, rud a fhágann go bhféadfadh sé go mbeadh sé deacair iad a léamh agus a aithint (treoirlínte 1.4.1 agus 1.4.3 de WCAG).
Méid a athrú: Ní féidir zúmáil isteach ar leathanach amháin ar an suíomh, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le deacrachtaí dóibh siúd a bhfuil lagú radhairc orthu (treoirlíne 1.4.4 de WCAG).
Naisc: Ní féidir roinnt naisc a dhéanamh amach go héasca agus d’fhéadfadh sé go mbeidís deacair le tuiscint acu siúd a úsáideann léitheoirí scáileáin (treoirlínte 2.4.4 agus 4.1.2 de WCAG).
Meáin: Ar chuid de na fadhbanna is eol atá leis na físeáin tá:
- Níl rianta reacaireachta ná roghanna malartacha eile ag gabháil le físeáin i gcásanna inar gá lena chinntiú go mbeadh rochtain iomlán acu siúd a bhfuil lagú radhairc orthu ar an ábhar físe. (Treoirlínte 1.2.1; 1.2.3 agus 1.2.5 de WCAG).
- Leanann na físeáin atá againn orthu ag seinm tar éis an dialóg a ruaigeadh agus an físeán á sheinm (treoirlíne 2.1.1 de WCAG)
- Níl táscairí cuí fócais ag gabháil leis na físeáin lena chur in iúl cé acu rialuithe atá i ngníomh, rud a d’fhéadfadh úsáideoirí méarchláir a sháinniú taobh isigh díobh agus iad ar oscailt (treoirlíne 2.4.3 de WCAG)
PDFanna: Níl an-chuid doiciméid PDF ar an suíomh inrochtana go hiomlán, rud a fhágann go bhféadfadh sé go rachadh sé deacair ar dhaoine a úsáideann léitheoirí scáileáin agus teicneolaíocht chúnta rochtain ar ábhar na ndoiciméad agus nascleanúint a dhéanamh iontu. Ar chuid de na fadhbanna is eol atá leis na PDFanna tá:
- níl téacs malartach ag gabháil le híomhánna agus figiúirí (treoirlíne 1.1.1 de WCAG)
- níl táblaí, ceannteidil ná liostaí sainmhínithe ná clibeáilte go cuí (treoirlíne 1.3.1 de WCAG).
- níl aithint déanta ar theidil (treoirlíne 2.4.2 de WCAG)
Ábhar Díolmhaithe
Níl an t-ábhar thíos laistigh de raon feidhme na reachtaíochta is infheidhme
- PDFanna nó doiciméid a foilsíodh roimh an 23 Meán Fómhair 2018.
- Aon ábhar físe nó fuaime réamhthaifeadta a foilsíodh roimh an 23 Meán Fómhair 2020.
- Ábhar físe beo a thaifeadtar agus a stóráiltear.
- Sainábhar, ar nós léarscáileanna.
- Ábhar tríú páirtí a úsáidimid ach nach bhfuil smacht againn air, ar nós YouTube agus Google Maps.
Ullmhú an Ráitis Inrochtaineachta seo
Ullmhaíodh an ráiteas seo an 6 Nollaig 2024 tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar thorthaí tástála uathoibrithe a rinneadh le rialacha axe-core daoine faoi mhíchumas lenár suíomh a thástáil.
Rinneadh nuashonrú suntasach le roinnt míonna anuas le hinrochtaineacht ESB Networks a fheabhsú agus, mar thoradh air sin, táimid ag déanamh tástáil de láimh ar an suíomh gréasáin seo faoi láthair. Chuige sin, táimid ag leanúint orainn ag labhairt le
Déantar athbhreithniú ar na hiniúchtaí go léir lena chinntiú go bhfuil siad ag teacht le caighdeán na dTreoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair Gréasáin (WCAG), 2.1 Leibhéal AA.
A bhfuil ar bun againn le hinrochtaineacht a fheabhsú
Tá sé i gceist ag ESB go mbeadh an oiread daoine agus is féidir in ann úsáid a bhaint as an suíomh seo, úsáideoirí teicneolaíochta cúnta ina measc, agus táimid ag obair i dtreo dearadh inrochtana ar na bealaí seo a leanas;
- iniúchadh rochtana de láimh a dhéanamh i gcomhar le comhpháirtithe seachtracha.
- treochlár a chur i bhfeidhm le dul chun cinn a dhéanamh i dtreo chomhlíonadh na dtreoirlínte agus le caighdeán inrochtaineachta níos fearr a bhaint amach. Áirítear leis sin treoir maidir le doiciméid inrochtana PDF agus Word a chur i dtoll a chéile.
- an Ráiteas Inrochtaineachta seo a nuashonrú a luaithe a bheidh feabhsuithe déanta.
Aiseolas agus Sonraí Teagmhála
Caitheann ESB dúthracht le hinrochtaineacht dhigiteach a chinntiú do dhaoine faoi mhíchumas agus bímid i gcónaí sa tóir ar bhealaí le hinrochtaineacht an tsuímh seo a fheabhsú.
Má thagann tú ar aon fhadhb nach bhfuil liostaithe sa an Ráiteas Inrochtaineachta seo nó má tá aiseolas, tuairimí nó gearán agat maidir le hinrochtaineacht an tsuímh gréasáin seo, déan teagmháil leis an Oifigeach Rochtana tríd an ríomhphost ag disabilityaccessofficer@esb.ie nó ar an bhfón ar 01 7026009. Is féidir leat scríobh chuig an Oifigeach Rochtana chomh maith ag Ceannáras ESB, 27 Sráid Mhic
Liam Íochtarach, Baile Átha Cliath 2, D02 KT92.
Is é ról an Oifigigh Rochtana ná treoir agus cúnamh a chur ar fáil agus a chomhordú do dhaoine faoi mhíchumas maidir le rochtain a fháil ar na seirbhísí a chuirimid ar fáil.