Micrighiniúint


Úsáidtear an téarma ‘micrighiniúint’ nuair a shuiteálann duine príobháideach (úinéir tí, mar shampla) gineadóir beag ar a thalamh féin le leictreachas a ghiniúint dó/di féin. Féach an nasc thíos chun tuilleadh eolais a fháil maidir le micrighineadóir a nascadh.
Tuilleadh eolais

Mionghiniúint

Is é mionghiniúint an téarma a úsáidtear nuair a dhéanann custaiméir leictreachais acmhainn ghiniúna atá ceangailte le hinbhéartóir suas le 50kVA a shuiteáil in áitreabh chun críocha leictreachas a tháirgeadh. Suiteáiltear na gineadóirí seo go hiondúil chun leictreachas glan a tháirgeadh go háitiúil don uath‑ídiú leictreachais agus, dá bharr, an gá agus an costas le leictreachas a laghdú. Agus muid ar an aistear le chéile i dtreo saol glan leictreach, ligeann an mhionghiniúint do chustaiméirí dul i mbun gnímh d’fhonn dul i ngleic le fadhbanna éagsúla amhail an t‑athrú aeráide, praghsanna leictreachais atá ag dul in airde agus an chaoi a mbímid ag brath ar bhreoslaí iontaise. Tá Rialtas na hÉireann tar éis scéim a thabhairt isteach chun gur féidir aon leictreachas breise arna ghiniúint ag an gcineál seo gineadóra a dhíol ar ais le soláthraithe leictreachais.

Tuilleadh eolais

Giniúint ar an Mionchóir

Is éard is Giniúint ar an Mionchóir ann ná nuair a dhéanann custaiméir leictreachais acmhainn ghiniúna a shuiteáil in áitreabh, laistigh den raon atá clúdaithe sa sainmhíniú thíos, chun críocha leictreachas a tháirgeadh. Murab ionann agus an Mhionghiniúint, áirítear leis an nGiniúint ar an Mionchóir giniúint shioncrónach, ar nós CHP, chomh maith le giniúint inbhéartóir‑cheangailte, mar shampla an ghiniúint fhótavoltach. Suiteáiltear na gineadóirí seo go hiondúil chun leictreachas glan a tháirgeadh go háitiúil don uath‑ídiú leictreachais agus, dá bharr, an gá agus an costas le leictreachas a laghdú. Cuireann an ghiniúint ar an mionchóir ar chumas custaiméirí gníomhú iad féin chun dul i ngleic le fadhbanna éagsúla agus muid ar aistear le chéile i dtreo saol glan leictreach: an t‑athrú aeráide, praghsanna leictreachais atá ag dul in airde agus an chaoi a mbímid ag brath ar bhreoslaí iontaise, cuir i gcás.

Tá an ghiniúint ar an mionchóir deartha chun feidhmiú i dtreocheangal leis an líonra leictreachais. An sainmhíniú a thugtar uirthi ná foinse d’fhuinneamh leictreachais nasctha le hinbhéartóir agus an trealamh leictreachais go léir atá bainteach leis, nuair atá an Acmhainneacht Gineadóra Suiteáilte níos lú ná an MIC nó cothrom leis, agus é sa raon seo a leanas:

  • Acmhainn Shuiteáilte Inbhéartóir‑Cheangailte níos mó ná an teorainn a bhaineann leis an Mionghiniúint (17kVA Aon Phas/50kVA Trí Phas) agus suas le 200kVA, nó
  • Acmhainn Shuiteáilte Shioncronach níos mó ná na tairseacha micrighiniúna agus suas le 200kVA
Tuilleadh eolais

Gineadóirí Neamh-Easpórtála i dTreocheangal


Oibríonn gineadóirí neamh-easpórtála i dtreocheangal leis an gcóras dáileacháin leictreachais. Is iondúil go mbeadh a leithéid de ghineadóirí úsáideach do ghnóthais ar mian leo an méid leictreachais a iompórtálann siad a laghdú trína bhfoinse cumhachta féin a bheith acu, nó i gcomhair scéimeanna buaic-theasctha nó buaicscafa. Ní féidir iad a úsáid chun leictreachas a sholáthar ná a dhíol tríd an eangach náisiúnta.

Treoirlínte Cosanta Comhéadain
Sna sleamhnáin seo (PDF | 171 KB) tugtar breac-chuntas ar threoirlínte maidir le costais agus infheidhmeacht Chosaint Comhéadain na Giniúna Leabaithe (EGIP). Cuireadh na sleamhnáin i láthair ag cruinniú de Ghrúpa Idirchaidrimh Gheata 3 de chuid CRU mar shoiléiriú agus nuashonrú ar dhoiciméad na gCoinníollacha Rialaithe i Meitheamh 2013.
Tuilleadh eolais

Gineadóirí Cúltaca


Úsáideann gnólachtaí a dteastaíonn giniúint éigeandála uathu gineadóirí cúltaca. Ní féidir iad a úsáid chun leictreachas a easpórtáil ná a dhíol ar an líonra leictreachais. Lena chois sin, ní féidir leo feidhmiú i dtreocheangal leis an líonra leictreachais.
Tuilleadh eolais

An Beartas maidir le Naisc Sheasmhacha (ECP)

An 10 Meitheamh 2020, d’fhoilsigh an Coimisiún um Rialáil Fóntas (CRU) a chinneadh maidir le Céim 2 den Bheartas maidir le Naisc Sheasmhacha (ECP‑2), is é sin an bealach ar féidir tionscadail teicneolaíochta a bhaineann le giniúint, stóráil agus seirbhísí córais eile a nascadh leis an gcóras leictreachais faoi láthair.  Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil faoi Bheartas ECP-2, atá ar fáil ar shuíomh gréasáin an CRU. Tabhair faoi deara, i gcás suiteáil arb é a MEC iomlán 40 MW nó níos mó ná sin, caithfear iarratas amháin a chur faoi bhráid Oibreoir an Chórais Tarchurtha (TSO) lena mheas.

  • Tháinig deireadh leis an tréimhse a rabhthas ag glacadh le hiarratais ar ECP‑2.3 i gCatagóir A (Baisc) ar an 30 Meán Fómhair 2022. Tugadh tosaíocht do na hiarratasóirí ar éirigh leo de réir mhéid na giniúna fuinnimh in-athnuaite (na 25 ceann ba mhó) agus dháta bronnta an cheada pleanála gan níos mó ná 10 dtionscadal teicneolaíochta a raibh dírithe ar stóráil nó seirbhísí córais eile go príomha a áireamh. Cliceáil anseo chun amharc ar Fhoilseachán nuashonraithe ECP-2.3 2022 Baisce (Catagóir A) ó Chomhoibreoirí an Chórais.
  • Cliceáil anseo chun amharc ar Fhoilseachán ECP-2.3 2022 Baisce (Catagóirí B agus C) ó Oibreoir an Chórais Dáileacháin (DSO).
  • Cliceáil anseo chun amharc ar Fhoilseachán ECP-2.2 2021 Baisce (Catagóirí A, B & C) ó Oibreoir an Chórais Dáileacháin (DSO).

Catagóirí ECP-2:

  • Catagóir A (Baisc): Tionscadail teicneolaíochta a bhaineann le giniúint, stóráil agus seirbhísí córais eile (MEC >0.5MW).
  • Catagóir B (Neamhbhaisc): Giniúint ar an mionchóir (11kW<MEC ≤0.5MW), uatáirgeoirí agus trialacha seirbhísí córais DS3 (MEC ≤0.5MW).

Tuilleadh eolais

  • Catagóir C (faoi stiúir an phobail): Tionscadail fuinnimh in‑athnuaite faoi stiúir an phobail (MEC ≥ 0.5MW agus ≤5MW). Tabhair faoi deara, d’fhoilsigh an CRU Nóta Soiléirithe (CRU/21/069) maidir le Cinneadh ECP‑2 (CRU/20/060) ar an 1 Iúil 2021 chun leasú a dhéanamh ar an sainmhíniú a thugtar ar Thionscadal Fuinnimh In‑Athnuaite faoi stiúir an Phobail Lena bpróiseáil faoi Chatagóir C in ECP2.2 agus sna baisceanna ECP ina dhiaidh sin, beidh ar thionscadail fuinnimh faoi stiúir an phobail a bheith faoi lánúinéireacht an phobail.

Tuilleadh eolais

Léarscáil den Acmhainn Ghineadóra atá ar Fáil

  • Tá Teasléaráid idirghníomhach den Acmhainn atá ar Fáil forbartha ag ESB Networks, ar a leagtar amach an fhaisnéis acmhainne ar fad maidir lenár bhfostáisiúin 3 phas DSO go léir, idir ísealvoltas, mheánvoltas agus ardvoltas
  • Comhéadan í an teasléaráid seo a chuireann ar do chumas sainaithint a dhéanamh go héasca ar acmhainn fhéideartha na gclaochladán atá gar do do láithreán.

Breathnaigh ar an léarscáil acmhainne líonra

Staitisticí maidir le Gineadóirí


  • Naisc atá Déanta
    Is féidir teacht ar fhaisnéis staitistiúil maidir le gach gineadóir atá nasctha leis an gCóras Dáileacháin, nó atá le nascadh faoi chonradh, ar an leathanach Gineadóirí Nasctha agus Conarthacha.

  • Monatóireacht Feidhmíochta
    Tugtar breac-chuntas i ndoiciméad dar teideal An Próiseas Monatóireachta Feidhmíochta Feirmeacha Gaoithe ar an bpróiseas atá curtha i bhfeidhm ag Eirgrid agus ESB le monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht Stáisiún Cumhachta Feirme Gaoithe (WFPS) ó thaobh an chatagóirithe inrialaitheachta a sannadh dóibh tar éis chinneadh rialála SEM-062-11 maidir le seoladh tosaíochta. Is féidir an doiciméad seo a íoslódáil anseo (PDF | 547 KB)

Tuilleadh eolais

Tá sé de dhualgas ortsa

A chinntiú go ndéanfaidh conraitheoir leictreachais cláraithe an gineadóir a shuiteáil de réir na gcaighdeán sábháilteachta leictreachais, agus go gcomhlíonfaidh sé na rialacháin go léir a bhaineann le gineadóirí leictreachais.

Déan teagmháil linn