Ár gClár ‘Líonra Náisiúnta, Naisc Áitiúla’ - táimid ag earcú

Téigh le gairm inar féidir leat difríocht a dhéanamh

An bhfuil tú ag smaoineamh ar do chéad phost eile? Tá ESB Networks sa tóir ar cheannairí srutha oibre le haghaidh fhoireann bainistíochta an Chláir ‘Líonra Náisiúnta, Naisc Áitiúla’.

Má tá céim innealtóireachta (nó a comhionann) agat, mar aon le taithí níos mó ná 10 mbliana agus láncheadúnas tiomána, d'fhéadfadh sé go mbeadh an ról seo oiriúnach duit.

Tuilleadh eolais

Táimid sa tóir ar dhaoine ar féidir leo:

  • Ról gníomhach a ghlacadh maidir le cumais theicniúla a bhainistiú/a bhunú laistigh de ESB Networks
  • Dearadh cuí margaidh agus comhordú cuí oibríochtúil a dhéanamh le hOibreoir an Chórais Tarchurtha (TSO)
  • An Treochlár Tástála Píolótaí a rolladh amach

Ár gClár ‘Líonra Náisiúnta, Naisc Áitiúla’

Is clár spreagúil é ár gclár ‘Líonra Náisiúnta, Naisc Áitiúla’ a bunaíodh chun tacú le Spriocanna Gníomhaithe Aeráide an rialtais agus le freastal ar na riachtanais agus ar na hionchais a léirigh páirtithe leasmhara i dtreo líonra leictreachais atá neodrach ó thaobh carbóin de agus tacú le custaiméirí ag an am céanna an leas is mó is féidir a bhaint as a nasc áitiúil.

Tabharfaidh an clár rogha do chustaiméirí, ligfidh sé dóibh tairbhe a bhaint as páirt dhíreach a ghlacadh sa mhargadh agus beidh an chumhacht acu bainistíocht a dhéanamh ar an gcaoi agus ar an am a n-úsáideann siad leictreachas in-athnuaite ina saol laethúil. Déanfaidh an clár oiriúnú tapa freisin ar an gcaoi a ndéanfaimid bainistíocht ar an líonra atá ag BSL cheana féin le haghaidh naisc níos in-athnuaite.

Tuilleadh eolais

Na buntáistí a bhaineann le bheith ag obair do ESB Networks

Déan teagmháil linn
R-phost
Teagmháil