Méadar Breise a Nascadh

Méadar Breise a Nascadh

I gcás go bhfuil teach aonair le roinnt ina dhá leath le cóiríocht a chur ar fáil do dhuine muinteartha agus go bhfuil méadar neamhspleách de dhíth le haghaidh an duine mhuinteartha sin, b'fhéidir go mbeifeá incháilithe le cur isteach ar nasc árasáin muintire.

Mínítear thíos na coinníollacha a bhaineann le hárasán teaghlaigh.

Má tá iarratas á dhéanamh agat ar árasán teaghlaigh, lean na céimeanna ar an leathanach seo.

Céard is Árasán Muintire ann?

Is éard atá i gceist le hárasán muintire ná aonad glanscartha atá ceangailte le teach atá ann cheana féin. Úsáidtear mar chóiríocht bhreise do dhuine muinteartha é, is duine scothaosta go hiondúil. D'fhéadfadh sé gur síneadh nuathógtha é an t-árasán muintire nó struchtúr a bhí ann cheana féin a athchóiríodh, ar nós garáiste.

Na Coinníollacha a bhaineann le hÁrasáin Mhuintire

Tá coinníollacha áirithe ann is gá a chomhlíonadh le bheith incháilithe do nasc árasáin muintire:

  • Mar fho-roinn den phríomháit chónaithe, ní mór don mhéadar le haghaidh árasán muintire a bheith nasctha leis an gcábla seirbhíse isteach céanna leis an bpríomháit chónaithe. Ní mór do mhéadar an árasáin muintire a bheith suite díreach in aice le méadar na príomháite cónaithe dá bhrí sin. Roimh don chustaiméir tabhairt faoi aon oibreacha, caithfear oiriúnacht na seirbhíse agus suíomh beartaithe an mhéadair a aontú le ESB Networks.
  • Ní cheadaítear ach aon nasc árasáin muintire amháin in aghaidh na háite cónaithe ar leibhéal urlár na talún.
  • Ní mór don árasán a bheith á úsáid ag duine muinteartha; ní ceadmhach é a ligean ar foléas.
  • Seans go n-iarrfaí cruthúnas ar chead pleanála ón Údarás Áitiúil iomchuí maidir leis an árasán muintire. I gcás nach mbeidh gá le cead pleanála, seans go lorgóidh ESB Networks cruthúnas go bhfuil an t-árasán le húsáid ag duine muinteartha.
  • Ba cheart go mbeadh an phríomháit chónaithe agus an t-árasán muintire ceangailte le chéile go hinmheánach trí dhoras.
  • Ní mór don tseirbhís atá ann cheana a bheith imleor le freastal ar lód na príomháite cónaithe chomh maith leis an árasán muintire atá beartaithe.

I gcás nach bhfuil aon cheann de na critéir thuas comhlíonta, féadfar déileáil leis an nasc nua mar ghnáth-theach nó mar ghnáthfhorbairt árasán 12 kVA.

Treoir Céim ar Chéim

Naisc Bhainteacha

Déan teagmháil linn