Oideachas Sábháilteachta don Bhunscoil

Fan Slán, Fan Amach

Is éard atá in Fan Slán, Fan Amach ná clár a chuireann leanaí bunscoile ar an eolas faoi cén chaoi ar féidir leo fanacht slán sábháilte agus iad ag súgradh amuigh faoin spéir gar do chuaillí leictreachais agus línte lastuas.

Clár spraíúil, spreagúil, oideachasúil is ea é, a chuimsíonn pleananna ceachta agus gníomhaíochtaí trínár féidir le daltaí ó na Naíonáin Shóisearacha go dtí an 6ú Rang fáil amach faoi na buntáistí a bhaineann leis an leictreachas agus faoi cén chaoi ar féidir leo fanacht slán sábháilte agus iad gar dó.

Pleananna Ceachta Bunscoile

Tá sraith pleananna ceachta curtha i dtoll a chéile againn do na ranganna sóisearacha agus sinsearacha araon atá ceaptha tacú le snáithaonaid an Churaclaim agus le cuspóirí foghlama Churaclam na hEolaíochta.

Breathnaigh ar na Pleananna Ceachta

Am Comórtais!

I gComórtas Póstaer Fan Slán, Fan Amach, iarrtar ar na daltaí póstaer a chruthú a léiríonn gach a bhfuil foghlamtha acu faoi na bealaí ar féidir leo fanacht slán sábháilte gar don leictreachas, chomh maith leis an eolas atá anois acu ar 6 leid sábháilteachta ESB Networks.

Tuilleadh eolais

 

never fly kites near wires

Ná heitilt eitleog ná drón gar do shreanga lastuas

stay away from places near danger signs

Fan amach ó áiteanna a bhfeiceann tú comhartha contúirte

never approach fallen wires

Ná téigh gar do shreang leagtha in aon chás. Cuir fios ar dhuine fásta.

 

never climb pylons

Ná téigh suas ar phiolón in aon chás

never fish near wires

Ná téigh ag iascaireacht gar do shreanga lastuas in aon chás

never climb trees near wires

Ná téigh suas ar chrainn gar do shreanga lastuas in aon chás

Imir an cluiche!

Tástáil do chuid eolais sábháilteachta sa chluiche meaitseála dathanna seo

Imir anois

Déan teagmháil linn