Rioscaí Comhshaoil a Bhainistiú

Caitheann ESB Networks dúthracht le haire a thabhairt don chomhshaol agus lenár ngníomhaíochtaí a dhéanamh ar bhealach atá freagrach ó thaobh an chomhshaoil de. San am céanna, tá ról fíorthábhachtach againn chun cur le forbairt inbhuanaithe na tíre agus an gheilleagair.

Mura ndéantar iad a bhainistiú ar bhealach atá freagrach, aithnímid go bhféadfadh na hoibríochtaí atá againn tionchar a imirt ar an gcomhshaol. Tá na prionsabail a bhaineann leis an mBainistíocht Chomhshaoil neadaithe againn inár ngnóthaí agus glacaimid gach beart riachtanach lena chinntiú go ndéanaimid bainistíocht ar na rioscaí comhshaoil ionas gur laghad tionchar a bhíonn againn ar an gcomhshaol.

Bainistíocht Chomhshaoil

Tá Córas Bainistíochta Comhshaoil ag ESB Networks atá creidiúnaithe go seachtrach de réir Chaighdeán ISO 14001. Feidhmíonn an córas mar chreat chun a chinniú go gcomhlíonann ESB Networks a oibleagáidí reachtacha agus rialála, agus tugann sé dearbhú ag an am céanna go bhfuil rioscaí comhshaoil á mbainistiú aige ar bhealach réamhghníomhach, freagrach.

Is féidir breathnú ar Dheimhniú ISO 14001 ESB Networks anseo


Cáblaí Sreabhán-Líonta

Dála go leor fóntais idirnáisiúnta, suiteálann ESB Networks cáblaí faoi thalamh in áiteanna uirbeacha nach mbeadh sé indéanta línte lasnairde a thógáil. Shuiteáiltí cáblaí sreabhán-líonta ar chórais dáileacháin agus tarchurtha ESB Networks idir 1950 agus 1989. Tá sé beartaithe ag ESB Networks cáblaí nua a chur in ionad na gcáblaí sreabhán-líonta go léir faoi 2035.

Tugtar tosaíocht do na hoibreacha bunaithe ar an riosca comhshaoil a bhaineann leis an gciorcad atá i gceist.

Tuilleadh eolais

Cinntí ó Scagadh le haghaidh Measúnacht Chuí

Is féidir féachaint ar Chinntí ó Scagadh le haghaidh Measúnacht Chuí le haghaidh phleananna agus thionscadail de chuid ESB Networks ar ár leathanach Cinntí ó Scagadh le haghaidh Measúnacht Chuí

Léitheoireacht bhreise

Déan teagmháil linn