An Náisiún a Nascadh

Cé muid féin

  • Mar chuid de Ghrúpa Bhord Soláthair an Leictreachais (nó Grúpa ESB mar is fearr aithne air), tá muid ceadúnaithe leis an líonra leictreachais i bPoblacht na hÉireann a thógáil, a oibriú, a chothabháil agus a fhorbairt.
  • Tá an 3,000 duine dár bhfoireann ar fud na tíre bródúil as tús áite a thabhairt do gach uile chustaiméir, is cuma cén soláthraí leictreachais atá i gceist.
  • Déanaimid an bonneagar leictreachais meánvoltais agus ísealvoltais a thógáil agus a oibriú, lena n-áirítear na stáisiúin dáileacháin, na línte lastuas, na cuaillí agus na cáblaí faoi thalamh.
  • Faighimid ár gcuid maoinithe ó na táillí úsáide córais a ghearrtar ar chustaiméirí tríd an mbille a fhaigheann siad óna Soláthraí Leictreachais, arna rialú ag an gCoimisiún um Rialáil Fóntas.

Líonra Cumhachta na hÉireann a Nascadh

Ag ESB Networks, táimid ag nascadh custaiméirí le líonra cumhachta na hÉireann leis na blianta. Táimid ag déanamh naisc nua agus ag tógáil líonra atá níos láidre ná riamh chomh maith ionas gur féidir linn go léir ár gcion féin a dhéanamh ar son an phláinéid.

Tacú le margaí iomaíocha leictreachais

Déanaimid méadair a oibriú, a shuiteáil agus a chothabháil dár mbonn ollmhór custaiméirí, agus léimid suas le ceithre huaire sa bhliain iad.

Cumhacht don am atá le teacht

Táimid tiomanta don saol ísealcharbóin, a bheidh cumhachtaithe ag foinsí in-athnuaite fuinnimh, ar nós feirmeacha gaoithe.

An Córas Tarchurtha

Déanann ESB Networks an córas tarchurtha a mhaoiniú, a thógáil agus a chothabháil faoi cheadúnas arna bhronnadh ag an CRU agus faoi stiúir Eirgrid. Tugaimid leictreachas ón mórsholáthar chuig na húsáideoirí faoin gceadúnas d'Oibreoir an Chórais Dáileacháin (DSO) arna bhronnadh ag an CRU.

Breathnaigh ar an gCeadúnas

(PDF | 1MB)

ESB Networks CGA, Cláraithe in Éirinn - Uimhir Chláraithe 465172. Oifig Chláraithe: Teach Chlann Liam, Plás Chlann Liam, Baile Átha Cliath 2. Eircode D02 CV61.

Príomhfhíricí

Déan teagmháil linn