Nasc le Tionscadail Fuinnimh In-Athnuaite faoi Stiúir an Phobail

An 1 Iúil 2021, d'fhoilsigh an CRU Nóta Soiléirithe (CRF/21/069) le leasú a dhéanamh ar an sainmhíniú a thugtar ar Thionscadal Fuinnimh In-Athnuaite faoi stiúir an Phobail sa Pháipéar Cinnidh maidir le Chéim 2 den Bheartas maidir le Naisc Sheasmhacha (ECP-2) (CRU/20/060). Ní mór tionscadail fuinnimh faoi stiúir an phobail a bheith faoi úinéireacht iomlán an phobail le hiad a phróiseáil faoi Chatagóir C in ECP2.2 agus sna baisceanna ECP ina dhiaidh sin.

  1. Tionscadail a bhfuil a nUasacmhainn Easpórtála (MEC) níos mó ná 0.5 MW nó cothrom leis agus níos lú ná 5 MW nó cothrom leis
  2. Tionscadail a chomhlíonann na riachtanais seo a leanas:
  •  Ag gach tráth ábhartha, caithfidh an tionscadal a bheith faoi úinéireacht iomlán Pobal Fuinnimh In-Athnuaite, toisc go bhfuil sócmhainní an tionscadail ECP faoina úinéireacht iomlán nó toisc go bhfuil na scaireanna sa ghineadóir faoina úinéireacht iomlán; agus
  • Ag gach tráth ábhartha, caithfear na brabúis, na díbhinní agus na barrachais ar fad a bhfuiltear ag súil leo ón tionscadal a chur ar ais chuig an bPobal Fuinnimh In-athnuaite Ábhartha.

Maidir le ceantanna na Scéime Tacaíochta Leictreachais In-Athnuaite (RESS), d'fhógair an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide i mí Feabhra 2021 go dtabharfaí isteach riachtanas nua go gcaithfí tionscadail faoi stiúir an phobail a bheith faoi úinéireacht iomlán an phobail le cur isteach ar cheantanna RESS amach anseo.

Tabhair do d'aire: i gcás naisc a dhéanfar tar éis mhí Mheán Fómhair 2018, d'fhéadfadh roinnt coinníollacha maidir leis an gCód Dáileacháin athrú toisc gur gá dóibh a bheith ar aon dul leis na Cóid Líonra Eorpacha ina dhiaidh sin.

 

Teicneolaíochtaí giniúna fuinnimh in-athnuaite


  • Tuirbíní gaoithe (gaoth)
  • Grianphainéil fhótavoltacha (grian)
  • Tuirbíní hiodrálacha (uisce), gan córais taiscthe chaidéalaithe a áireamh
  • Tionscadail 'dramhaíl go fuinneamh'
  • Tionscadail bhithmhaise agus tionscadail bhithgháis

Tabhair do d'aire: Ní ceadmhach teicneolaíochtaí giniúna fuinnimh in-athnuaite a úsáid le taobh teicneolaíochtaí giniúna neamh-inathnuaite.

​Treoir Céim ar Chéim

Má bhíonn aon cheisteanna agat a bhaineann le tionscadail fuinnimh in-athnuaite faoi stiúir an phobail faoi ECP-2, breathnaigh ar Alt 2.4 den Chinneadh maidir le Chéim 2 den Bheartas maidir le Naisc Sheasmhacha (ECP-2) (CRU/20/060) nó cuir r-phost chugainn ag communityenergy@esbnetworks.ie.

Foilseacháin Úsáideacha

Tuilleadh eolais

I gcás naisc a dhéanfar tar éis mhí Mheán Fómhair 2018,

 

D'fhéadfadh roinnt coinníollacha maidir leis an gCód Dáileacháin athrú toisc gur gá dóibh a bheith ar aon dul leis na Cóid Líonra Eorpacha ina dhiaidh sin. Breathnaigh ar ár leathanach maidir leis na Cóid Líonra Eorpacha le tuilleadh faisnéise a fháil.

 

Déan teagmháil linn