Cairt Custaiméirí

Cairt Custaiméirí ESB Networks

Is é ESB Networks an rannóg de BSL atá freagrach as an líonra leictreachais a thógáil agus a chothabháil ar fud fad na hÉireann. Téann tú i dteagmháil le ESB Networks nuair a chaithfidh tú nasc leictreachais a fháil le haghaidh teach nó gnóthas nua, nuair a thuairiscíonn tú fabht, nó nuair atá ceist agat maidir le do mhéadar.

Tá breis is €5.3 billiún infheistithe againn leis an líonra náisiúnta leictreachais a athchóiriú agus a uasghrádú le 10 mbliana anuas. Feabhsaíodh agus neartaíodh an líonra leictreachais timpeall na tíre tuilleadh mar thoradh ar an obair sin, rud a fhágann go bhfuil infreastruchtúr den chéad scoth ann anois le tacú le forbairt gheilleagrach na hÉireann. Feabhsaíodh seasmhacht an tsoláthair leictreachais dár gcuid custaiméirí mar thoradh air freisin.

Táimid fós tiomanta do thús áite a thabhairt do riachtanais ár gcuid custaiméirí. Tá sé sin léirithe inár 12 Ráthaíocht Seirbhíse atá tugtha i gCairt Chustaiméirí ESB Networks.

Ár 12 Ráthaíocht Seirbhíse

Tacaíonn na gealltanais atá tugtha sa phlean seo lenár dtiomantas do scoth na seirbhíse do chustaiméirí a chur ar fáil, mar atá leatha amach inár gCairt Chustaiméirí. Tá breac-chuntas tugtha ar an gcaoi ar chóir do bhaill foirne dár gcuid a seacht ndícheall a dhéanamh agus iad ag cur seirbhísí ESB Networks ar fáil. Déan teagmháil linn mura mbíonn tú sásta gur sholáthraíomar ár seirbhís i gcomhréir leis na ráthaíochtaí seo. Tá ár ngealltanas chomh tábhachtach sin linn go ndéanfaimid íocaíocht leat mura gcomhlíonfaimid ráthaíocht.

Cairt Custaiméirí

PDF | 1MB

Déan teagmháil linn
Cás Éigeandála / Gan Chumhacht
1800 372 757