Na Cóid Líonra Eorpacha

Céard iad féin?

Is tacar nua íoscheanglais iad na Cóid Líonra Eorpacha d'oibreoirí córais tarchurtha agus dáileacháin, agus d'úsáideoirí uile na gcóras tarchurtha agus dáileacháin.

  • An ndéanfaidh sé sin aon difear domsa?
    Ní dhéanfaidh sé seo difear ar bith dár gcustaiméirí reatha. Ní bheidh feidhm ag aon cheanglais nua ná dhifriúla ach ar naisc nua leis an gcóras dáileacháin. Gineadóirí nua a shínigh an conradh deiridh ceangailteach maidir lena ngléasra i mí na Bealtaine 2018 nó ina dhiaidh sin, tá siadsan faoi réir ag na ceanglais a bhaineann leis na Cóid Líonra Eorpacha.

    Maidir le custaiméirí éilimh nua a shínigh a gconradh deiridh ceangailteach maidir lena ngléasra i mí Mheán Fómhair 2018 nó ina dhiaidh sin, más mian leo páirt a ghlacadh in “aonaid a fhreagraíonn don éileamh”, beidh orthu cloí leis na Cóid Líonra Eorpacha. Ní bheidh feidhm aige sin, áfach, i gcás gur síníodh an conradh deiridh ceangailteach maidir leis an ngléasra roimh Mheán Fómhair 2018 agus i gcás gur deimhníodh an méid sin do ESB Networks faoi mhí an Mhárta 2019.
  • An ndéanfaidh sé sin aon difear domsa?
    Is éard atá sa Chód Dáileacháin ná an tacar rialacha teicniúla a chomhlíonann gach custaiméir dáileacháin agus ESB Networks inniu. Cinntítear leis an gCód Dáileacháin cheana féin go bhfuil córas againn atá idir éifeachtúil, chomhordaithe agus bharainneach.

    Táimid ag obair as lámha a chéile leis an gCoimisiún um Rialáil Fóntas, EirGrid agus ionadaithe ó gach cearn den tionscal leictreachais lena chinntiú go léireofar ceanglais uile na gCód Líonra Eorpacha sa Chód Dáileacháin.

    Mar sin, trí cheanglais an Chóid Dáileacháin a chomhlíonadh &ndash mar a chomhlíonann cheana – beidh ár gcuid custaiméirí ag cloí go hiomlán leis na Cóid Líonra Eorpacha chomh maith. Ghlacamar leis an gcur chuige seo d'fhonn a laghad cur isteach agus is féidir a dhéanamh ar na custaiméirí a bheidh i gceist.
  • Cén cur chuige atá glactha againn?
    Ní féidir an Cód Dáileacháin a leasú ach amháin tar éis cead a fháil chuige sin ón gCoimisiún um Rialáil Fóntas (CRU).
    Tarlaíonn sé sin nuair a dhéanann Painéal Athbhreithnithe an Chóid Dáileacháin – grúpa a dhéanann ionadaíocht ar thuairimí na n-oibreoirí córais, na ngineadóirí, na mórchustaiméirí, na soláthraithe agus úsáideoirí eile an chórais dáileacháin – athrú a mheas agus a mholadh.

    Aon athruithe ar an gCód Dáileacháin a bheidh de dhíth le ceanglais na gCód Líonra Eorpach a chomhlíonadh, caithfidh an painéal iad a mholadh agus beidh ar an CRU iad a cheadú ansin. Caithfear comhairliúchán poiblí a reáchtáil maidir le cuid de na réimsí a dtugtar aghaidh orthu sna cóid – fiú mura moltar aon athrú nó mura mbeidh gá lena leithéid.

Comhairliúcháin Phoiblí

 

Tá comhairliúcháin phoiblí ar bun againn i gcomhar le EirGrid ar chuid de na hathruithe atá á moladh don Chód Dáileacháin. Reáchtáladh an chéad chomhairliúchán i mí Aibreáin 2017. Bhain an comhairliúchán seo leis na tairseacha le haghaidh na gceanglas éagsúla a mbeidh feidhm acu ar ghineadóirí. Cuireadh tús leis an dara comhairliúchán poiblí an 20 Nollaig 2017. Tugadh aghaidh sa chomhairliúchán seo ar na paraiméadair neamh-uileghabhálacha le haghaidh na gceanglas teicniúla nasctha a mbeidh feidhm acu ar ghineadóirí nua a bhfaighidh siad a ngléasra tar éis mhí an Mhárta 2018. Is féidir leat breathnú ar na comhairliúcháin phoiblí go léir agus a fháil amach cén chaoi freagra a thabhairt orthu thíos.

Comhairliúcháin Phoiblí


Na Cóid Fhoilsithe

Is féidir leat na téacsanna bunaidh a íoslódáil ón Aontas Eorpach lena léamh. Bíodh sin mar atá, déanfar na ceanglais a mbeidh feidhm acu in Éirinn a fhorbairt agus a aistriú isteach sa Chód Dáileacháin atá ann cheana féin.

Breathnaigh ar na Téacsanna Bunaidh ón AE


Déan teagmháil linn