1.6 milliún méadar cliste suiteáilte ar fud na tíre
Tá 1.6 milliún méadar cliste suiteáilte ar fud na tíre anois
- Laghdaíonn méadair chliste an gá le billí measta agus tugann léargas duit trí do Chuntas ar Líne ESB Networks ar an gcaoi a n-úsáideann tú leictreachas agus na hamanna a n-úsáideann tú é.
- Cabhróidh sé sin leat leictreachas a úsáid ar bhealach níos éifeachtúla, an méid a úsáideann tú a laghdú nó dul leis an taraif chliste is oiriúnaí atá ar fáil ó na soláthraithe leictreachais, rudaí a thabharfaidh níos mó smachta duit ar do chostais leictreachais.
- Tá suiteáil na méadar cliste ag leanúint ar aghaidh ar fud na hÉireann. Cuir ríomhphost chuig esbnetworks@esb.ie le clárú le haghaidh méadar cliste ar bhonn tosaíochta.