Nasc roinnt lóid leictreacha neamh-mhéadraithe atá níos lú ná 2 kVA an ceann (gan soilsiú poiblí a áireamh)

Bíonn roinnt naisc neamh-mhéadraithe níos lú ná 2 kVA de dhíth uaireanta ar chustaiméirí gnó agus ar fheirmeoirí le haghaidh nithe mar seo a leanas:

  • Soilse Tráchta
  • Scáthláin Bhus
  • Boscaí Fóin
  • Treiseoirí Teilifíse
  • Fálta Leictreacha

Le roinnt lóid leictreacha neamh-mhéadraithe a nascadh, lean an treoir céim ar chéim thíos:

​Treoir Céim ar Chéim

Eisiaimh

Faoi na rialacha reatha a bhaineann leis an Margadh Soláthair Leictreachais, eisiatar na lóid seo a leanas:

Lóid ar mó ná 2 kVA iad nó lóid shéasúracha (amhail soilsiú féiltiúil) – bíonn naisc mhéadraithe de dhíth ar na lóid sin agus cuirtear tríd an gcóras mar naisc thráchtála iad.

Lóid nua a bhfuil próifílí difriúla lóid ag baint leo – ní féidir na lóid sin a nascadh leis an bpointe nasctha céanna, mar shampla, soilse poiblí a bhfuil próifíl ó éirí go luí na gréine ag baint leo agus soilse tráchta a bhfuil próifíl 24 uair an chloig ag baint leo.  Tá Uimhir Thagartha Méadarphointe Theicniúil (TMPRN) ar leith de dhíth ar gach próifíl.

Déan teagmháil linn