Téarmaí agus Coinníollacha maidir le Naisc ar Líne

 

Eolas Áisiúil do Chustaiméirí

1. Rochtain a dhéanamh ar naisc nua ar líne

Más mian leat clárú mar Úsáideoir ar naisc nua ar líne, caithfidh tú an fhoirm chláraithe ar líne a líonadh. An réimse atá riachtanach ar an bhfoirm seo ná an seoladh ríomhphoist atá agat. Seolfar ríomhphost chugat ansin le go mbeidh tú in ann an seoladh ríomhphoist a dhearbhú. Mar chuid den ríomhphost sin, tabharfar cód fíoraithe duit. Beidh an cód sin de dhíth ort chun an clárú a chur i gcrích agus beidh ort pasfhocal a chruthú le go mbeidh tú in ann logáil isteach ar an Láithreán, le hiarratas ar líne a dhéanamh nó le teacht ar na sonraí a bhaineann leis an nasc agat. Nuair a bhaineann tú úsáid as an seoladh ríomhphoist cláraithe agus pasfhocal, tá tú ag tabhairt údarás dúinn na treoracha ar fad atá tugtha dúinn ar an láithreán seo a chur i gcrích. Ní thabharfaimid cead duit logáil isteach ná an láithreán gréasáin a úsáid ach má úsáideann tú an seoladh ríomhphoist agus pasfhocal atá cláraithe. Ní foláir duit a chinntiú nach bhfuil do sheoladh ríomhphoist agus pasfhocal cláraithe ar eolas ag aon duine eile. Iarrtar ort gan iad a bhreacadh síos. Má chreideann tú go bhfuil seans ann go bhfuil do sheoladh ríomhphoist agus pasfhocal cláraithe ar eolas ag duine éigin eile, féadfaidh tú do phasfhocal a athrú láithreach sa rannóg ‘Mo Phróifíl’ ar an láithreán nó an pasfhocal a athshocrú ar an leathanach logála isteach.

2. Cineálacha iarratas nach nglactar leo i gcás naisc nua ar líne

Ní féidir clárú mar Úsáideoir ar naisc ar líne má theastaíonn ceann de na cineálacha naisc seo a leanas uait:

  1. Naisc neamh‑mhéadraithe
  2. Naisc ghineadóra, micrighiniúint san áireamh
  3. Cuaille nó líne a bhogadh

Má theastaíonn nasc uait le haghaidh ceann de na cineálacha naisc a luaitear thuas, iarrtar ort iarratas páipéir a íoslódáil ónár láithreán gréasáin.

3. Cineálacha iarratas ar féidir naisc nua ar líne a úsáid lena n‑aghaidh

Is féidir naisc ar líne a úsáid leis na nithe seo a dhéanamh:

Custaiméir tí

  1. Iarratas a dhéanamh ar nasc nua tí agus dul chun cinn na hoibre a rianú
  2. Iarratas a dhéanamh ar áitreabh tí a fhuinnmhiú arís más rud é go raibh sé dífhuinnmhithe le níos mó ná dhá bhliain agus dul chun cinn na hoibre a rianú.
  3. Iarratas a dhéanamh chun an acmhainn tí atá agat a mhéadú
  4. Má úsáideann tú leagan clóite den Fhoirm Iarratais, tá tú fós in ann clárú le dul chun cinn an naisc tí a rianú

Custaiméir tráchtála

  1. Iarratas a dhéanamh ar nasc tráchtála nua
  2. Iarratas a dhéanamh ar áitreabh tráchtála a fhuinnmhiú arís más rud é go bhfuil sé dífhuinnmhithe le níos mó ná 2 bhliain
  3. Iarratas a dhéanamh leis an acmhainn tráchtála atá agat a athrú
  4. Dul chun cinn na hoibre a rianú i gcás nasc tráchtála nua agus athfhuinnmhiú naisc má bhíonn acmhainn níos lú ná 100kVA ann
  5. Má úsáideann tú leagan clóite den Fhoirm Iarratais, tá tú fós in ann clárú chun an nasc a rianú má bhíonn acmhainn níos lú ná 100kVA ann.

Forbairt

  1. Iarratas a dhéanamh ar nasc le scéim nua tithíochta/árasán nó le forbairt tráchtála/thionsclaíoch

4. An nasc a rianú

Más nasc tí nó nasc tráchtála atá ann (agus acmhainn níos lú ná 100kVA i gceist), déanfaimid ár ndícheall an t‑eolas is deireanaí a thabhairt duit i rith an ama maidir le stádas an naisc.  Cuirfear an t‑eolas is úire ar fáil ar líne uair sa lá, Luan go hAoine agus beidh  sé le feiceáil i Rannóg an Rianaithe ar an láithreán gréasáin.  Seolfaimid fógraí ríomhphoist chugat fosta nuair a chuirfear eolas nua ar fáil a bhaineann le stádas na hoibre.  Seolfaimid meabhrúcháin ríomhphoist chugat nuair a bheidh ort gníomh a dhéanamh dúinn:

  1. Bí cinnte go gcuirfidh an Conraitheoir Leictreach deimhniú chugainn go bhfuil an sreangú críochnaithe
  2. Cuir ar an eolas muid go bhfuil an duchtáil curtha i gcrích i gcomhréir leis na sonraíochtaí atá againn
  3. Cláraigh le Soláthraí Leictreachais

5. Achar ama measta

Leagtar amach sa doiciméad Cairt Custaiméirí ESB Networks PDF | 723 KB na gealltanais ama a thugaimid le méadrú agus nascadh a chur i gcrích chun nasc cumhachta a chur ar fáil agus na coinníollacha riachtanacha comhlíonta (custaiméirí tí agus tráchtála agus MIC níos lú ná 100kVA ann). Ar choinníoll go ndearna tú iarratas agus gur íoc tú as an nasc 10 seachtaine ar a laghad sular cuireadh an tsuiteáil leictreach i gcrích, cuirfimid an nasc nua i gcrích taobh istigh de choicís i ndiaidh dúinn an Deimhniú sreangaithe leictrigh a fháil. Tá an méid sin faoi réir na gcoinníollacha i litir an mheastacháin a bheith comhlíonta (mar shampla, ceadanna slí, deimhniú sreangaithe, ducht seirbhíse faoi thalamh a bheith réidh) agus gan aon treisiú suntasach den líonra a bheith riachtanach.  Nuair a ghlacfaidh tú leis na téarmaí, an tréimhse mheasta a bheidh ann ná comhaireamh anuas 60 lá oibre.  Is éard a bheidh le feiceáil i gcomhaireamh síos na laethanta ná an stádas ‘ar feitheamh’ ar 10 lá oibre más rud go mbeidh ceann ar bith de na míreanna ar an seicliosta fós le réiteach. Cuirfear tús leis an gcomhaireamh arís agus na nithe sin curtha i gcrích agat. Ní bhímid ábalta an sprioc seo a chomhlíonadh i gcásanna áirithe, mar shampla,

  1. Má bhíonn obair shuntasach bhreise ag teastáil
  2. Má bhíonn fadhbanna ann le cead slí
  3. Má bhíonn moill ann ceadanna a fháil, mar shampla, ceadúnais oscailte bóithre
  4. Más gá tús áite a thabhairt do dhamáiste ar an líonra a dheisiú mar gheall ar aimsir gharbh

Déanfaimid teagmháil leat ar an bhfón nó ríomhphost am éigin sna 10 lá dheireanacha den tréimhse leis an eolas is deireanaí a thabhairt duit.

6. Modhanna Íocaíochta

Gheobhaidh tú an Meastachán Nasctha Leictreachais agus Comhaontú an Nasctha sa phost. Tá na roghanna íocaíochta seo a leanas againn:

Ar líne: cárta dochair nó cárta creidmheasa.

Fón: 1800 372 757 nó +353 21 2386555

EFT: Beidh uimhir do chuntais uait (sa chúinne ag barr ar chlé de d'iarratas íocaíochta).  Ina theannta sin, luaigh na 8 ndigit dheireanacha d’uimhir an iarratais íocaíochta (sa chúinne ar dheis ag barr na cáipéise).

IBAN:  IE43 DABA 9518 2320 0064 08

BIC: DABAIE2D

Cuir an duillín íocaíochta tríd an r‑phost chuig: fin.ops.otc1@esb.ie

7. Déan teagmháil linn

Má bhíonn aon deacrachtaí agat do chuntas le haghaidh nasc nua ar líne a úsáid, is féidir leat ríomhphost a chur chugainn faoi ar Customer.New.Connections@esb.ie.