family moving home

Déan Iarratas ar Nasc Nua

Úsáid ár bpróiseas simplí déanta iarratais ar líne le hiarratas a dhéanamh ar nasc nua. Tógfaidh sé idir 10 agus 15 nóiméad ort iarratas a dhéanamh ar líne. 

Ceist agat? Seans go mbeidh tú in ann teacht ar an bhfreagra iná gCeisteanna Coitianta maidir le Nascadh

 

Déan iarratas ar líne

An bhfuil meastachán faighte agat cheana féin?

Íoc ar líne anois

Próiseas

Tá 6 chéim shimplí le leanúint chun teacht ar an gcumhacht atá uait. Is cuma más custaiméir nua nó custaiméir reatha thú, beimid leat an bealach ar fad chun do nasc a chur ar a bhoinn.

1. Cláraigh agus Cuir Isteach Foirm Iarratais Más é seo do chéad iarratas ar líne, beidh ort clárúchán a dhéanamh. Iarrfar ort eolas ar leith a chur ar fáil, amhail Léarscáil Láithreáin nó Léarscáil Suirbhéireachta Ordanáis. Tar éis duit an cineál naisc atá uait a roghnú, tabharfar sonraí iomlána faoi na doiciméid éigeantacha a bheidh le cur ar fáil. Nuair a bheidh tú cláraithe, gheobhaidh tú cód fíoraithe chun pasfhocal a chruthú.

2. Céim na Luachana I gcás naisc theaghlaigh agus naisc do ghnólachtaí beaga atá níos lú ná 100kVA, nuair nach mbíonn gá le cuairt a thabhairt ar an láithreán, is é 7 lá oibre an amlíne chun luachan a fháil. Sa chás go mbíonn gá le cuairt a thabhairt ar an láithreán, is é 15 lá oibre an amlíne a bhíonn i gceist. Bíonn níos mó pleanála ag teastáil i gcás nasc atá 100kVA agus os a chionn, ach seolfaimid luachan chugat laistigh de 90 lá oibre.

3. Glacadh le Téarmaí Nuair a bheidh do luachan íoctha ina hiomláine agus do Chomhaontú Naisc sínithe agus seolta ar ais agat, rachaidh do jab ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile.

4. Céim an Deartha Is é Oifigeach Innealtóireachta Líonraí BSL a láimhseálann Céim an Deartha, lena n-áirítear ceadanna agus ceadanna slí ó úinéirí talún, má bhíonn a leithéid ag teastáil. Athróidh an amlíne ag brath ar cé chomh chasta is atá do nasc. I gcás naisc bhaile agus naisc bheaga thráchtála atá níos lú ná 100kVA, is é 20 lá oibre an amlíne a bheidh i gceist.

5. Oibreacha Nasctha Is le linn na céime seo a dhéanfaimid an obair thógála a theastaíonn chun do nasc a chur i gcrích. Is é 6 seachtaine an amlíne a bhíonn i gceist anseo, mura bhfuil gá le hatreisiú suntasach líonra a dhéanamh.

6. Seirbhís Bheo Faoi réir a dhaingnithe go bhfuil an duchtáil ar do láithreán déanta de réir sonraíochtaí Líonraí BSL, go bhfuil an Deimhniú Déantachta curtha isteach ag do chonraitheoir leictreachais, agus go bhfuil tú cláraithe le Soláthróir, tá sé mar aidhm againn do nasc a chur i gcrích laistigh de 10 lá oibre.

    Ceisteanna Coitianta maidir le nasc a fháil

    Tuilleadh eolais

    Check available capacity for large connections

    An gá an acmhainn atá ar fáil a sheiceáil i gcás naisc mhóra?

    Breathnaigh ar an léarscáil